Saoire gan Stró 1
Peadar Bairéad
.
Coraí Crua an tSaoil
Mhothaigh mé le scathamh anuas, go raibh coraí crua an tsaoil ag luí go trom ar mo ghuaille, agus ó tharla gur mar sin a bhí, tuigeadh dom, go ndéanfadh athrú aeir maitheas an domhain dom. Tar éis tamall a chaitheamh ar mo mharana, shocraigh mé ar Ríocht ársa Chiarraí a thabhairt orm fhéin, ar feadh scathaimh.
‘Leat fhéin a d’imigh tú, mar sin, an ea?’
‘Níorbh ea muis! nó shocraigh ceathrar againn dul i bhfochair a chéile,’ mar sa tslí sin d’fhéadfaimis toit a bhaint as na laethe a chaithimis faoin dtor, thíos i Ríocht úd na gréine.
‘Cén ceathrar, an ea?’
‘Bhí mé fhéin is mo bhean, i dtosach báire, agus in éineacht linn, agus iad i mbun tiomána, bhí ár n-iníon agus a céile siúd. B’in an ceathrar a bhí le scaoileadh saor ar saoire i gCorca Dhuibhne.’
Níor thóg sé i bhfad orm mo chip is mo mheanaithe fhéin a locadh, agus a phacáil, tráthnóna Déardaoine, rud a d’fhág go raibh ar ár gcumas bóthar a bhuaileadh go breá luath an mhaidin dár gcionn. Ár gcliamhain a bheadh i mbun tiomána, agus shroich sé fhéin is a bhean an teach s’againne go breá luath ar maidin, rud a d’fhág go rabhamar ar ár slí go Ciarraí roimh a deich, maidin Dé hAoine, agus ba ghearr amuigh ar bhóithre na Banban sinn, gur tuigeadh dom, gur fhág an Tíogar Ceilteach bóithre den chéadscoth le huacht againn, bóithre a bhí díreach chomh maith leis na bóithre a gheofá i dtír ar bith eile, na laethe seo.
Amuigh ar na Bóithre Fada Bána
Trí Chalainn an Chlampair linn gan stró ar bith, agus an mhaidin bhreá ag cur sciatháin áthais faoinár gcroí. Trí Chathair ársa Dhún Iascaigh, gona foirgnimh stairiúla, gona dínit, gona blas ársa. Ar ball, thaistil muid thrí shráideanna Bhaile Thiobraid Árainn, agus nach iad a bhí ag breathnú go péacach, bíogúil, an mhaidin bhreá gréine sin. Mhothaíomar go mba bhaile ar dóigh é an baile céanna sin, baile a bhí leata amach go héasca, socair, ar thailte méithe Thiobraid Árann. Chun tosaigh linn ansin ar bhóithre nua-aoiseacha, bóithre a d’iompair sinn ar luas go Ríocht stairiúil Chiarraí, tríd an gCaisleán Nua agus Oileán Chiarraí linn. Sos gearr i mbaile mór Thrá Lí, agus ansin, as go brách linn fan bhóthar an Daingin, chomh fada leis an gCom, nó Camp, faoi mar a thugtar air i mBéarla. Isteach linn ar chlé ansin, agus muid ag fáil isteach faoi scáth na sléibhte is na gcnoc. Ar chlé, d’éirigh Cathair Chonraí in airde ar a cosa deiridh, le fáilte ó chroí a chur romhainn, nó is seanchairde sinn, faoin am seo. Bhí cuma na háilleachta orthu uilig, agus caipín ceoch á chaitheamh go péacach ag Sliabh Mis na scéalta.
Nár bhreá an faoiseamh é, na sean chnámha a shíneadh ar tholg, tar éis an méid ama a bhí caite againn cuachta suas i seasanna an ghluaisteáin. Tar éis dúinn cupán tae a chaitheamh, ar ár suaimhneas, ní raibh clóic ar bith orainn, ach muid ag teacht chugainn fhéin ar ár sáimhín só. Tamall ag suí, tamall ag caint is ag seanchas, tamall ag miognarach, agus ansin tamall ag cur bail eicínt orainn fhéin sára raghaimis amach ar fud na bhfud. Ansin, tar éis dúinn sinn fhéin a ghléasadh chun ár sástachta, bhuaileamar bóthar arís.
An South Pole Inn
An South Pole Inn an sprioc a chuireamar romhainn an tráthnóna sin, nó bhí beartaithe againn béile an tráthnóna a chaitheamh san Óstán cáiliúil céanna sin. Shroicheamar an “Inn”, in am tráth, tar éis dúinn taitneamh a bhaint as an radharcra a bhí leata os ár gcomhair amach, fan na slí. Ba é an radharc ab aite a chonaiceamar an tráthnóna sin nó tréad bó, den phór ait úd, na “Belted Galloways. Ba chosúla iad le caoirigh ná le ba, ar bhealach eicínt, agus an crios leathan dubh sin thart ar bholg chuile mhac a pheata díobh. An-radharc ar thaobh cnoic tráthnóna gréine. Tar éis dúinn an gluaisteán a pháirceáil, chuamar isteach san Inn. Bhuaileamar fúinn. Fágadh biachlár os ár gcomhair amach, agus fágadh muid ansin lenár rogha bia a phiocadh dár mbéile. Ach, b’fhéidir gur chóir dom stopadh anseo, agus an dara gála den scéal a insint an chéad bhabhta eile.
.