I m B é a l a n P h o b a i l .

*****************************

The August Holiday .

Ó tharla go dtiteann chomóradh lá mo phósta i rith na saoire céanna seo, tá de nós againn, sé sin, mé fhéin is mo bhean, scuabadh linn an tráth seo chuile bhliain, le roinnt laethe a chaitheamh linn fhéin, áit eicínt álainn, suimiúil, i dtír seo na hÉireann, agus i mbliana, shocraigh muid ar na laethe sin a chaitheamh thíos i Ríocht ársa Chiarraí. Anois, tá’s ag an lá, go bhfuil an oiread sin áiteacha áille, suimiúla, thíos sa taobh sin tíre, nach raibh sé éasca, in aon chor, teacht ar ionad a d’oiriúnfadh don bhliain áirithe seo. Bhuel, tar éis roinnt mhaith ama a chaitheamh ar ár marana, ba é a shocraigh muid, i ndeire na feide, nó aghaidh a thabhairt ar an gCom, i leithinis Chorca Dhuibhne

In time for the Match !

Bhuaileamar bóthar luath go leor ar an Satharn an 31u d’Iúil, agus mar is eol do chách, bhí bóthar fada, tuirsiúil, anacair, os ár gcomhair amach, ach faoi mar tharla, níor mhothaíomar an t-am ag sleamhnú tharainn, agus shroicheamar an Com luath go leor le bheith in ann breathnú ar an gCluiche iománaíochta idir Chill Chainnigh agus Port Láirge. Ní gá dhom a rá, gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid, ar an ócáid áirithe sin! Ar ais linn ansin go dtí ár dteach lóistín, teach lóistín Bhearnard agus Fionuala Mhic Gearailt, “Suan na Mara”, atá suite tamall gearr amach ón gCom, ar Bhóthar Chaisleán Ghriaire. Ní call dom an teach céanna sin a mholadh, nó tá sé molta agus mise i mo thost. Leor a rá, gur thaitin sé thar barr linne, agus tá socraithe againn athchuairt a thabhairt air, an chéad bhabhta eile a bheidh muid sna bólaí céanna sin.

Agus muid ag cur fúinn sa taobh sin tíre, bhí cóngar trá agus sléibhe againn, agus mura raibh radharcra den chéad scoth againn ó mhaidin go hoíche, ní lá fós é! An tráthnóna sin, agus idir ocras agus tart orainn, thugamar aghaidh ar Phroinnteach an Aghasaigh, i lár an Choim. Chomh luath is a chuamar thar tairseach isteach, bhí a fhios againn go raibh an rogha ceart déanta againn, nó bhí an áit ag cur thar maoil le daoine, rud a d’inis dúinne, go raibh tarraingt na dúiche ar an bProinnteach céanna sin, ar fheabhas agus ar bhlastacht na mbéilí a dháiltear ar a cuid aíonna. Cuireadh an fhírinne chéanna sin ar ár súile dúinn, nuair a leagadh dinnéar ríoga os ár gcomhair amach. Ní bréag a rá, go sásódh na béilí ceanna sin goile fathaigh, gan trácht in aon chor ar an nduine daonna fhéin. Ní call a rá, gur chodlaíomar go sámh an oíche sin, ár gcéad oíche riamh ar an gCom.

The Trip to Dingle .

Ar an nDomhnach, tar éis Aifreann a éisteacht i séipeal álainn an bhaile, thugamar aghaidh ar an nDaingean, ach in áit dhul amach ar Bhóthar an Daingin, is amhlaidh a chuamar amach thar na sléibhte arda úd a dtugtar Sliabh Mis orthu. Chuaigh chuile shórt ar aghaidh go breá i dtosach, ach de réir mar a chuamar chun tosaigh, is ea ba mhó a chuaigh sé i bhfeidhm orainn, nárbh aon “Freeway”, nó “Motorway” ach oiread, a bhí sa bhóithrín caol, anacair, casta, a roghnaíomar. Scaití, bheadh fonn ar dhuine casadh ar ais, ach cá bhfaigheadh sé an spás lena ghluaisteán a chasadh ar bhóithrín chom caol sin? Ní raibh ach rud amháin le déanamh agat, agus b’in treabhadh leat chun cinn, ag súil go sroichfeá áit eicínt, i ndeireadh na dála! Chuamar thar an nDún ársa úd, Cathair Con Rí, agus go gearr ina dhiaidh sin, shroicheamar an pointe is airde ar an mbóthar céanna sin, agus go gearr ina dhiaidh sin, fuaireamar an radharc ab iontaí dá bhfaca mé fhéin le mo shúile cinn, riamh, nó i bhfad, i bhfad, thíos fúinn, agus os ár gcomhair amach díreach, bhí radharc álainn le fáil againn ar Bhá an Daingin. B’éigean dúinn an gluaisteán a stopadh tamall, leis an radharcra céanna sin a ól isteach, agus a chur i dtaisce i measc na radharcanna áille a bhí stórailte againn i gcóifrín na cuimhne, ionas go mbeadh fáil againn orthu, amach anseo, nuair a bheadh gruamacht agus gráice an Gheimhridh dár gcrá. Ar deireadh, shroicheamar an cósta, cóngarach do baile “Aughils Bridge”. Ar dheis linn ansin, agus leanamar linn ar aghaidh trí Abhainn na Scáil, Lios Póil, agus ar deireadh thiar, shroicheamar baile dosháraithe an Daingin fhéin. Smaoinigh mé ansin ar Pheig bhocht Sayers, agus í ag cur síos ar thithe móra, arda, an bhaile sin, agus ar lá an aonaigh, nuair a bhí na sráideanna dubh le daoine. Céard déarfadh an créatúr dá mbeadh radharc le fáil aice anois ar na sráideanna céanna sin, arsa mise liom fhéin, nó níor bhréag ar bith a rá, go raibh na sráideanna sin plódaithe le daoine, ach bhí difir mhór idir na sluaite a bhí ag siúl leo, fan na sráideanna sin anois, agus na sluaite a bhí le feiceáil ag Peig ina lá fhéin. Ciarraígh uilig, d’fhéadfá a rá, a bhí le feiceáil ag Peig, ach na sluaite a bhí le feiceáil agamsa an lá álainn sin, bhíodar ann ó cheithre hairde an tsaoil mhóir, agus a scéal fhéin, sea mh’anam, agus a theanga fhéin freisin, ag chuile dhuine acu.

On Board the Jeannie Johnston .

Ar deireadh, thugamar faoi deara go raibh an-bhrú daoine thíos bealach na cé. Céard a bhí á dtarraingt uilig sa treo sin? adúramar linn fhéin. Ba gherar go raibh freagra na ceiste sin le fáil againn, nó thíos ansin, feistithe agus ar ancaire, bhí an “Jeannie Johnston”, macasamhail na loinge úd a d’iompar na mílte thar tonnta na Farraige Móire, siar go Meiriceá agus go Ceanada, thart ar aimsir an Ghora Mhóir, sea, agus bhí na céadta ina scuaine mhór, fhada, ruballach, ansin, ag síneadh siar ón long sin, agus iad ag fanacht, ar a seal, le dul ar bord, go bhfeicfidís an cineál loinge a d’iompar na mílte sin uilig, agus iad ar a dteicheadh ón nGorta céanna sin, agus iad ag súil le saol níos fearr a chur in áirithe dóibh fhéin, agus dá síol, thall. Shocraíomar fhéin gur mhaith linn dul ar bord, agus leis an scéal a dhéanamh níos éasca dúinn, tharla beirt orainn, nach raibh an t-am acu fanacht ar a seal fhéin le dul ar bord, ach bhí ticéid acu, agus thugadar dúinne iad, saor in aisce.

Bhuel, chuamar isteach ag deireadh na scuaine sin, agus d’fhanamar ar ár seal. Chuamar ar bord ansin, agus caithfidh mé a admháil, gur bheag nár bhain an radharc istigh deoir asainn. Chonaiceamar an chúinge agus an doircheacht inar mhaireadar, na himircigh bhochta sin, ar feadh breis is sé seachtaine, ar a dturas chun an domhain úir, sea, agus gan mórán acu, i bhfoirm bia nó dí, fan an aistir fhada chéanna sin. Ach, thuigeamar, ag an am gcéanna, nárbh aon “Coffin Ship” í an Jeannie Johnston céanna sin, nó níor cailleadh duine ar bith ar bord na loinge céanna sin, i rith a turasanna fada ó Chiarraí go dtí an domhan úr, i rith bhlianta uafásacha úd an Ghorta Mhóir. Chonaiceamar na leapacha loinge agus daoine bréige iontu, agus a scéal á ríomh dúinn ag gleas taifeadta ar bord. Caithfidh me a admhail go ndeachaigh an chuairt ud ar an Jeannie Johnston i bhfeidhm go mor orainn, agus ni doigh liom go ndeanfaimid dearmad uirthi go luath. Ar ball, chuamar abhaile, agus ní gá a rá gur chaitheamar seal an oíche sin ag cur scéal an Jeannie Johnston trí chéile, agus má fhaigheann tú fhéin an deis cuairt a thabhairt ar an long chéanna sin, bí cinnte go dtapóidh do dheis chuige sin, nó tá mé cinnte go mbainfidh tú taitneamh as.

.

****************

Peadar Bairéad.

****************

.

.

gaGaeilge