Saolaíodh Áilleacht Uafar
Peadar Bairéad
Mar a chonacthas dúinne é
Nuair a bhí mise ag fás aníos in Iorras na nIontas, i bhfichidí agus i dtriochaidí an ocrais, bhí cuimhne fós ag daoine ar Sheachtain na Cásca a Sé Déag, agus ar spriocanna, agus ar mheon, lucht stiúrtha an Éirí Amach céanna sin, ach faoi mar a tharla i gcás chuimhní na cosmhuintire ar eachtraí Chogadh na Saoirse, níor roinn na daoine fásta a smaointe fhéin linne, páistí, faoi na cúrsaí sin, Níor thug siad dúinne ach cuid Pháidín den mheacan, an rubaillín caol! Ach, ag an am gcéanna, bhí bealaí eile againn le teacht ar scéal sin an Éirí Amach. Bhí na meáin ann, cinnte, dóibh siúd a raibh teacht acu ar na foinsí eolais sin, ach inár gcás-na, ba ar éigean a bhí baint ar bith ag na meáin chéanna lenár saol laethúil. Ní raibh teilifís, nó raidió againn, agus i gcás na nuachtán, bhuel! ní raibh ach aithne súl againne orthu, nó ní raibh trácht ar na páipéir laethúla inár measc, agus fágadh muid ag brath ar na seachtaináin. Cinnte, léadh cuid de na daoine iad, rud a d’fhág an t-aos óg ag brath, beagnach go hiomlán, ar na scoileanna, le síol na saoirse a chur agus a leasú ina gcroíthe óga. Is cuimhin liom fós an Máistir Ó Cróinín, i Scoil Chill Mhór Iorrais, agus é ag insint scéal an Éirí Amach dúinne, é corraithe, aithris á dhéanamh aige ar thorann na ngunnaí éagsúla, agus ar mháirseáil na nÓglach trí shráideanna Átha Cliath. Rinne sé cur síos ar cheannairí an Éirí Amach freisin, agus chomh fada is a bhain sé leis-sean, agus linne freisin, ba naoimh ar thalamh iad na fir uaisle chéanna sin. Diaidh ar ndiaidh, ina dhiaidh sin, leath an scéal i measc na cosmhuintire. Ní gá a rá, gur chuir an lucht polaitíochta le craoibhscaoileadh an scéil chéanna sin freisin, go dtí go raibh an scéal i mbéal an phobail, ó cheann ceann na tíre. Bhí tráth ann, nuair a tugadh ómós dóibh siúd a sheas in Ard Oifig an Phoist, le linn an Éirí Amach, agus ar ball arís, tugadh an t-ómós céanna sin, geall leis, dá sliocht.
Ag dul le Sagartóireacht
Ar ball, chuaigh mé fhéin le sagartóireacht, agus fiú sna Cliarscoileanna, ar dhein mé fhéin freastal orthu, bhí síolta na saoirse ag péacadh freisin, agus ba ghnáth rud é go mbeadh Cumann Gaelach faoi lán tseol iontu, agus meas dá réir ar an dteanga, agus ar an náisiúntacht. ach mhair an meas a bhí agam ar aidhmeanna lucht an Éirí Amach, agus caithfidh mé a rá, go mbeidh suim, agus dhá shuim, agam sna cuimhneacháin a eagrófar le tine úd na saoirse a fhadú inár measc arís, nó caithfear a admháil, go bhfuil an tine chéanna sin beagnach imithe as, i láthair na huaire seo, ach nach deacair tine dá leithéid a choinneáil faoi lán tseol, thar thréimhse fhada?
Mhair díograis sin na hóige ar feadh tamaill, ach ansin, de réir a chéile, d’athraigh cúrsaí, agus ansin, tosaíodh ag cur na ceiste sin….’Arbh fhiú an braon fola’? Agus céard faoi aidhmeanna an Éirí Amach? Arbh aidhmeanna inbhainte-amach iad? Ceart go leor, bhí saoirse bainte amach ag cuid den tír, ach céard faoin gcuid eile den bhfís a samhlaíodh dóibh? Céard faoi athaontú na tíre? agus céard faoi athbheochan na teanga? Ba í athbheochan na teanga an lúb ba laige i slabhra na físe sin, agus bíodh gur cuireadh an Ghaeilge á teagasc i scoileanna an náisiúin i bhfichidí na haoise seo caite, níor tharla an mhíorúilt a chuirfeadh an teanga sin á labhairt ó cheann ceann na tíre arís. Diaidh ar ndiaidh, chaill na daoine a gcreideamh in athheochan na teanga, agus nuair a lagaíodh an lúb sin, lagaíodh an shalbhra ar fad. Mar sin, nach tráthúil gur eagraigh an tír na cuimhneacháin seo uilig don bhliain seo, nuair atáthar ag ceiliúradh chuimhne chéid an Éirí Amach.
Tuilleadh le teacht……………..