Saolaíodh Áilleacht Uafar 3

Peadar Bairéad

Ceiliúradh Céad

Tá ullmhucháin de chuile shaghas á ndéanamh, faoi láthair, do cheiliúradh céad Éirí Amach na Cásca, 1916, Éirí Amach a cuireadh ar siúl ar an 24ú d’Aibreán na bliana sin. Ní gá a rá, go mbeidh cuimhneacháin oifigiúla eagraithe ag an Stát, agus chomh maith le sin, beidh cuimhneacháin eile á n-eagrú ag eagraíochtaí náisiúnta, agus ag eagraíochtaí príobháideacha de chuile shaghas. Nach í an chéad cheist atá le freagairt ag lucht eagraithe na gceiliúrthaí sin, nó:-

Céard tá le ceiliúradh againn?

Ó tharla go mba thríd an Éirí Amach céanna sin a cuireadh tús le feachtas náisiúnta le saoirse a bhaint amach, agus le Stát neamhspleách dár gcuid fhéin a bhunú dár muintir, ní haon ionadh, go mbeadh fonn ar dhaoine súil a chaitheamh siar ar an eachtra sin, go háirithe, tar éis céad bliain, le breith a thabhairt ar thoradh, agus ar thairbhe, a saothair. Chuige sin, is dócha gur chóir dúinn aird a thabhairt ar bhreith, agus ar thuairim, W.B. Yeats, Rí-éigeas Éireann ag an am, agus fear nárbh aon náisiúntóir míchuíosach é, nó ní raibh sé ró-thugtha do cheannairí an Éirí Amach, roimh ré, go háirithe do MacBride, an té a phós Maud Gonne, bean a raibh Yeats i ngrá lei. Seo mar a scríobh sé thart ar Mheán Fómhair na bliana céanna sin, 1916, bíodh nár foilsíodh an dán go ceann roinnt blianta ina dhiaidh sin….

“We know their dream, enough

to know they dreamed and are dead,

And what if excess of love

Bewildered them till they died.

I write it out in a verse-

Mac Donagh and Mac Bride

and Connolly and Pearse

now and in time to be

whereever green is worn

are changed, changed utterly

A terrible beauty is born.

Spriocanna athraithe

Is dócha gurb é atá á rá anseo aige, nó gur athraigh an tÉiri Amach chuile shórt, idir phobal agus daoine; idir spriocanna, meon, agus dearcadh na ndaoine, agus dearcadh an fhile fhéin freisin, chomh maith le duine. Féach mar a scríobh sé faoi cheannairí an Éiri Amach, ach go háirithe faoin bPiarsach agus faoi Mhac Donncha….

“This man kept a school

And rode our winged horse.

This other, his helper and friend

Was coming into his force

He might have won fame in the end

So sensitive his nature seemed

So daring and sweet his thought.”

Sea, “changed utterly”– dhein an tÉiri Amach fíon d’uisce na bhfataí, sa mhéid gur athraigh sé rithim, agus sprioc, na beatha, do chosmhuintir a bhí slogtha go dtí na cluasa, i mbogach an tsaoil anróitigh, ina raibh siad sáinnithe, ag córas a dfheil, go háirithe, do lucht an airgid agus do lucht an chinsil. Sea, agus dhealródh sé, gur sciob spiorad an Éiri Amach anam an fhile, freisin, agus de réir a chéile gur fhoghlaim sé snámh i dtaoide tuile an náisiúnachais nuabheirthe.

Tuilleadh le teacht………………

.

.

gaGaeilge