Saolaíodh Áilleacht Uafar 6

.

Peadar Bairéad

.

(The sacrifice of one man could save his people)

.

An Dráma mar ghléas troda

.

Labhair muid cheana faoi “Íosagán”, mar dhráma, agus faoin nDráma Páise, a chuir an Piarsach ar an ardán, sa bhliain 1911, drámaí a thuill clú agus cáil dá n-údar, ach an babhta seo, caithfimid tamall ag breathnú ar an nDráma neamhghnách sin, “An Rí.” Sa bhliain 1912 a scríobh sé an Dráma sin, agus sa chás seo, d’éirigh leis, an laochas agus an creideamh a nascadh le chéile. Thaitin an Dráma céanna sin leis an Yeatsach, agus tar éis athruithe áirithe a dhéanamh ar an téacs, léiríodh ar ardán na Mainistreach é. Caithfidh go raibh síocháin snadhmtha idir an mbeirt sin, tar éis na mblianta! Bhí an Piarsach anois imeasc fhathaigh na Drámaíochta , agus chabhraigh na pingneacha, a shaothraigh sé as, le Scoil Éanna.

Sa Dráma seo, tá arm naimhdeach ag déanamh ar an Ríocht áirithe seo. Ba dhrochdhuine é Rí an Ríochta sin. I ngar dó, bhí Mainistir ina raibh daltaí ríoga á n-altramú ag Abb. Dúirt an tAbb leis an Rí, go mbrisfeadh an t-arm naimhdeach sin cath air, i ngeall ar a pheacaí, ach go bhféadfaí buachaint orthu, trí cheannaire naofa a chur i mbun Arm an Rí. Troideadh an cath. Briseadh ar arm an Rí, agus chúlaigh sé chun na Mainistreach. Chuir an tAbb ar a shúile dó, a raibh le déanamh aige, lena Ríocht a shábháil. Ghéill an Rí. Thug suas a choróin. Ansin, roghnaigh an tAbb an té ab óige dá mhic altrama, agus dúirt leis, dualgaisí an Ri a ghlacadh air fhéin, mar oidhreacht, agus dúirt, go mbéarfadh an sé bua, i ngeall ar a mhacántacht, agus toisc nár dhuine uaillmhianach é. Thug Giolla na Naomh machaire an áir air fhéin, agus rug sé bua, bíodh gur cailleadh an Giolla fhéin bocht san iarracht sin. Sea, nárbh ‘in dearcadh an Phiarsaigh fhéin, faoi mar a léirigh sé ag uaigh Uí Dhonnabháin Rossa…….

“Splendid and holy causes are served by men who are themselves splendid and holy”

.

One Man Can Save

.

Ag an bpointe seo dá shaol, leag sé béim ar íobairt an duine aonair, ar mhaithe lena phobal, sé sin, íobairt an duine neamhchiontaigh, mhacánta. B’fhéidir gurbh é a dhán fhéin a chuireann sé inár láthair sa dhearcadh seo, agus b’fhéidir gur air fhéin a bhí sé ag smaoineamh, agus páirt Ghiolla na Naomh á ghaibhniú aige. Féach mar a thuig an beathaisnéisí, La Roux an scéal, nó dár leis-sean, ba é a alter-ego fhéin a chuir sé os ár gcomhair, sa Dráma sin, “An Rí.” B’fhéidir gur chóir a lua anseo,

 gur sa bhliain sin 1913, a ghlac sé mionn Bhráithreachas na Poblachta.
 An bhliain chéanna sin roghnaíodh é le hóráid a thabhairt, ag Uaigh Wolfe Tone, i mBodenstown, agus freisin, ag cruinniú bunaidh Óglaigh na hÉireann.
 Agus taobh istigh de thrí bliana, chuirfeadh rois piléar críoch lena réim mar dhrámadóir
 Ón mbliain 1912 amach, dealraíonn sé, gur thuig an Piarsach go raibh tír le saoradh aige. Thuig sé a dhán agus a mhisean.

Scríobh sé dráma eile, sa bhliain 1913. “Eoin”, a bhaist sé air, agus suíodh é thiar i ré na bhFíníní. Bhí airm i bhfolach ag an múinteoir seo faoi urlár a sheomra ranga, sa scoil. Tháinig na póilíní. Theich an múinteoir. Scaoil na saighdiúirí, ach nuair a chuadar isteach sa scoil, baineadh geit astu, nuair a thug siad faoi deara, gur mharaigh siad gasúr óg lena rois piléar. Íobairt aonair, i gceist anseo arís. Sea, d’éirigh leis an údar, laochas agus an Chríostaíocht, a shnadhmadh le chéile, ina scríbhinní, agus b’fhéidir ina aidhmeanna, freisin.

.

His English Period

.

Uaidh sin amach, ba i mBéarla a scríobh sé a chuid drámaí. B’fhéidir go raibh se sásta, faoin am sin, go raibh an Drámaíocht i nGaeilge, curtha ar bhonn sábhála aige, agus go ndéanfadh daoine eile an t-iomaire sin a bhaslú feasta, nó faoi’n am sin, bhí a thodhchaí leagtha amach aige dó fhéin, agus ba thríd an mBéarla, a d’éireodh leis, bunús a phobail a shroichint.. Ní dócha go raibh Mac Donncha tar éis a dhearcadh fhéin a chur abhaile air! B’fhéidir freisin, go raibh a anam cráite ag amhrais faoin ród a bhí tofa aige, agus b’fhéidir freisin, gurbh é sin a bhí i gceist aige sa dráma sin, “Eoin”. Ach i ndeireadh na dála, bheadh air léim an chreidimh sa dorchadas a ghearradh. Mar sin, tagann muid chuig a dhráma deiridh, “The Singer”. Dráma aonghnímh ba ea é, agus i mBéarla a scríobhadh é. Ba sa bhliain 1915 a chum sé é. Níor léiríodh an dráma sin le linn bheatha an údair. B’fhéidir, i ndáiríre, gur mar uacht a d’fhág sé an saothar seo dá phobal, lena ghníomhartha a mhíniú dóibh. B’in mar a cheap a lán, ag an am. Fillfiidh mé leis an scéal sin a chríochnú, an tseachtain seo chugainn. Bí liom ansin. Go dtí sin..slán….

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge