Saolta ag athrú   1

Peadar Bairéad

Córais Rialaithe ag athrú

Dár ndóigh, ní haon rud nua é sin, mar bhí an Daonlathas fhéin faoi bhagairt, ó thús, agus ag amannta áirithe, tuigeadh do bhunús na ndaoine, go raibh teipthe ar an gcóras leochaileach sin, agus nach raibh an dara rogha acu, ach iompú ar chóras éifeachtach eicínt eile, a d’fhéadfadh cinneadh cinnte a dhéanamh, agus ansin go bhféadfaí an cinneadh sin a chur i bhfeidhm, beag beann ar éinne, agus gan cur isteach ó éinne. Tharla a leithéid, is dócha, idir an dá Chogadh Domhanda, nuair a thaobhaigh tíortha áirithe le córas deachtóireachta, toisc go bhfacthas do dhaoine áirithe, agus do ghrúpaí áirithe, sna tíortha sin, go raibh gá lena leithéid, le dul i ngleic le deacrachtaí sóisialta agus polaitíochta a linne.

L’Etat c’est Moi !

Ní gá a rá go raibh córas dá leithéid i bhfeidhm i Ré na Ríthe Lánchumhachtacha freisin, tráth a d’fhéadfadh Rí na Fraince a dhearbhú, gurbh eisean an Stát ...”L’Etat c’est moi”… I gcás dá leithéid, ní bhíodh de chead ag éinne cur isteach ar chinneadh an Rí, nó bhí a chumhacht seisean bunaithe ar an bprionsabal, gurbh ó Dhia na Glóire fhéin a fuair na Ríthe céanna sin a gcumhacht, agus dá bhrí sin, bhí de dhualgas ar an saoránach glacadh le reacht an Rí, ar an dtuiscint, gurbh ‘in an Reacht Diaga.

Saolta ag athrú

D’imigh sin áfach, is tháinig seo, agus sa lá atá inniu ann, dheamhan mórán ríthe lánchumhachtacha fágtha ar an saol seo, agus is é an Daonlathas an córas rialaithe atá i mbéal gach éinne, na laethe seo. Ní fhágann sin go bhfuil an córas céanna sin gan locht, nó thar mholadh beirte, mar, nuair a thagann an crú ar an táirne, bíonn air srianadh a dhéanamh ar shaoirse na saoránach, agus dlithe dragánta (draconian) a reachtú, le smacht iomlán a fháil ar an ndaonra, – ar mhaithe le leas an phobail – . Laige eile sa daonlathas is ea go dtugann sé chuile dheis do choirpigh, agus d’antoiscigh de chuile chineál, a gceirdeanna frithshóisialta a chleachtadh, faoi shúile an Stáit fhéin, mar adéarfá, agus tagann sé dian go maith ar an gcóras sin deighleáil leo, nó caithfidh siad feidhmiú de réir dlí, fad is atá chuile chead ag na dreamanna eile úd, feidhmiú gan aird dá laghad a thabhairt ar na dlithe céanna sin, ach ag an am gcéanna, déanann siadsan chuile iarracht, féachaint chuige, nach mbriseann an Stát na dlithe céanna sin, a bhfuilidsean beag beann orthu. Ach i ndáiríre, ní chuige sin atá mé, an tseachtain seo, in aon chor, ach chuige seo.

Toghchán cinniúnach

Thugamar uilig faoi deara nach bhfuair aon cheann dár bPáirtithe Polaitíochta móramh iomlán sa toghchán a bhí againn níos luaithe sa bhliain seo, agus ní hé sin amháin é, mar ó tharla nach raibh an dá phríomhpháirtí sásta dul i gcomhar le chéile le Rialtas a bhunú, theip ar na Páirtithe uilig Comhrialtas, a mbeadh móramh aige sa Dáil, theip orthu a leithéid a bhunú. Céard a bhí le déanamh acu ansin? Bhuel! chaitheadar breis is dhá mhí ar a maranna, ag iarraidh an fhadhb sin a fhuascailt, agus ba é a rinneadar i ndeireadh na dála, nó Rialtas Mionlaigh a bhunú, sin Rialtas faoi stiúir cheann de na Páirtithe móra, ach nach mbeadh móramh na dTeachtaí Dála dílis dó, ach ar gheall an ceann eile de na Páirtithe móra, cead rialaithe a thabhairt dóibh, chomh fada is a leanfaidís polasaí, a bheadh gualainn ar ghualainn lena bhfealsúnacht fhéin. Ar an gcéad amharc, cheapfadh duine nach mbeadh ar chumas Rialtais dá leithéid feidhmiú, olc, maith, nó dona, ach ní mar a shíltear a bhítear, go minic, nó nuair a thagann an crú ar an táirne, tuigtear do na Teachtaí, nó do bhunús na dTeachtai, ar a laghad, tuigtear dóibh, nach bhfuil an dara rogha acu ach an gnó a thug na vótóirí dóibh a chur i gcrích, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, sin nó dul ar ais chuig na vótóirí arís, le sainordú nua a fháil uathusan, agus a fhios go maith a bheith acu, nach mbeadh le fáil, ag cuid acu, ó na vótóirí céanna sin, ach bata agus bóthar.

(Tuilleadh le teacht…)

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge