I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad.

(This week we take a look at how quickly things can change)

Saolta ag athrú

Ní gá dhom a rá go mbíonn an saol athraíoch seo ag athrú is ag síorathrú, ó lá go lá agus ó bhliain go chéile. Ní rud é sin a tharlaíonn anois is arís nó is comhartha beatha é an síor-athrú céanna sin. Tharla roinnt laethe ó shoin go raibh mé ag smaoineamh ar mhám aistí a chur i dtoll a chéile faoi na hathruithe uilig a bhí ag teacht ar an saol mór, le tamall de bhlianta anois. Bhí fúm tosú an lá dár gcionn. Bhí go maith. Ach níor tuigeadh dom go mbeinn fhéin tarlaithe chuig an Ospidéal sár a bhreacfadh an lá dár gcionn. Thart ar a trí ar maidin, thóg an t-Otharcharr mé fhéin chuig Ospidéal San Lúcás, anseo i gcathair Chill Chainnigh. Isteach i Roinn Timpiste agus Éigeandála a tógadh mé agus ba san áit sin a chaith mé an chuid eile den oíche sin agus an lucht leighis ag iarraidh a fháil amach céard a bhí cearr liom. Anois, níl fúm chuile ghné den scrúdú sin, nó chuile ghné den leigheas a moladh, a chraobhscaoileadh os ard anseo, nó ní bheadh fonn ar léitheoir ar bith a leithéid a léamh. Leor a rá, gur tuigeadh don lucht leighis céard a bhí ag déanamh tinnis dom, agus gur chinneadar ar mé a choinneáil istigh san Ospidéal sin ar feadh roinnt laethe fad is a bheadh cóir leighis á chur acu orm.

Ón leaba inar shocraigh siad mé bhí radharc breá agam ar an mbóthar mór isteach chun na cathrach, agus chaithinn tréimhsí ag breathnú ar an trácht céanna sin agus mé ag smaoineamh ar tiománaithe na gcarranna sin, agus an deifir uilig sin a bhí orthu, ag brostú, ag dul thar a chéile, agus adharca á ideadh acu, corruair fiú, lena mífhoighid a chur in iúl, fad is a bhí na scórtha agus na scórtha ina luí go lag i ngiorracht scread asail dóibh. Ach tríd is tríd, ní orthusan a bhí a n-aire, ach ar an lá crúógach a bhí rompu amach, agus ar an méid oibre a bhí le cur i gcrích acu roimh thráthnóna. Beag smaoineamh a bhí ag a mbunús, go raibh seans ann, gurb é sin an dán a bhí ag fanacht orthu fhéin, lá is fuide anonn.

Chuaigh a mbroid i bhfeidhm orm fhéin agus thosaigh mé ag smaoineamh ar na píosaí seo a bhí á scríobh agam anseo dhaoibh, le breis mhaith is triocha bliain anois. Cheap mé nach mbeadh ar mo chumas píosa a chur ar fáil dhaoibh don tseachtain seo.

.

.

Anois nuair a istigh,tharlaíonn i ngéirchéim dá leithéid mé, is é a dhéanaim, de ghnáth, nó téim siar thar na píosaí uilig a scríobh mé anseo i rith na tréimhse sin, agus dár ndóigh, tá thart ar mhíle go leith alt foilsithe uaim sa tréimhse sin, agus sin an chúis ar chuir mé romham an píosa beag seo a leagan os bhur gcomhair amach, an tseachtain seo, nó bhí mé ag ceapadh, go mbeadh orm tréimhse saoire a thógáil ón gcolún seo, ach tráthúil go leor, d’éirigh liom teacht slán ón Ospidéal, le cabhair an lucht leighis. Ach, caithfidh mé a admháil, gur cuireadh ar mo shúile dhom, i rith mo thréimhse istigh, chomh dian, dícheallach, is a oibríonn chuile dhuine den bhfoireann iontach sin, a oibríonn san ionad céanna sin, agus ní haon bhéal bán, nó cur i gcéill, é sin, ach lomchlár na fírinne, agus ní hé amháin go n-oibríonn siad go crua ó mhoch na maidne go dul faoi na gréine, agus arís uaidh sin go héirí na gréine arís, ach oibríonn siad go sciliúil, cliste, oilte freisin. B’in iad na tréithe a chuir ar mo chumas-sa na cosa a thabhairt slán liom, an babhta seo, agus odh gur bhain mé lán mhála de leigheas as mo thréimhse istigh ansin, tá súil agam nach mbeidh gá le hathchuairt i ngearraimsir.

Sin agaibh anois cion na seachtaine seo, agus an-ríméad orm go raibh ar mo chumas alt na seachtaine seo a sholáthar daoibh agus le críoch a chur le halt na seachtqaine seo, ba mhaith liom sláinte an bhradáin a ghuí ar chuile dhuine againn, agus go mbeirimid beo ar an am seo arís.

gaGaeilge