“Saor sinn ó olc”

Peadar Bairéad

Fórsaí an oilc

Nach minic an phaidir chéanna sin ar bhéal an Chríostaí agus é ag admháil don tsaol mór, go bhfuil fórsaí an oilc thart air, agus go bhfuil sé i mbaol uathu, chuile bhabhta. Cad iad na fórsaí, agus na hoilc úd, atá idir chamáin againn anseo? Bhuel! níl le déanamh againn ach breathnú ar an saol thart orainn le freagra na ceiste sin a fháil. Cé tá taobh thiar den chontúirt uilig, a gcaithimís dul i ngleic lei, ó ló go ló, agus ó sheachtain go seachtain? Ach sul má théann muid níos faide leis an scéal, nár chóir dúinn míniú eicínt a thabhairt ar an téarma sin, olc? Tugtar olc ar rud ar bith a dhéanann dochar dúinn, nó an dochar fhéin, fiú. Déanann olc amháin dochar don chorp, agus déanann olc eile dochar don anam. Nach cuimhin libh an té adúirt lena lucht éisteachta fadó, gan faitíos a bheith orthu roimh an té a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chorp, ach eagla a n-anama a bheith orthu roimh an té a dfhéadfadh dochar a dhéanamh don anam. Ba chóir dúinn freisin, idirdhealú a dhéanamh idir an dochar a tharlaíonn thrí thimpiste, agus an dochar a tharlaíonn d’aon ghnó. Ar thaobh amháin, tá an dochar a dhéanann an aimsir agus fórsaí an dúlra, agus ar an dtaobh eile, tá an dochar a dhéanann an té atá meáite ar dhíoltas a bhaint amach ar dhuine eicínt.

Tá an saol mór lan d’oilc de chuile chineál, agus ni haon ionadh é go mbíonn ar an nduine daonna bheith de shíor ar a aire, agus é ar a dhícheall éaló ó fhórasí úd an oilc. Tá sé dona go leor, nuair a roghnaíonn an duine aonair, olc a dhéanamh, ach tá sé míle uair níos measa, nuair a shocraíonn ceannaire, nó buíon, bóthar an oilc a bhualadh. Níl le déanamh ag duine ach breathnú siar ar stair an fichiú haois le tuiscint níos fearr a fháil ar an olc uilig a rinneadh san aois sin, trí bhuile cheannairí áirithe, agus iad ag seoladh a muintir síos thar a mbasctha.

An Claonadh úd chun Oilc

Caithfear a chur san áireamh freisin, an claonadh úd chun oilc, atá neadaithe i smior agus i smúsach an uile dhuine daonna. Déanann an claonadh céanna sin chuile dhícheall sinn a mhealladh bóthar ár n-aimhleasa, ach bíodh go bhfuil cúrsaí mar sin fhéin, tá ar ár gcumas diúltú don olc a ghléasann an claonadh úd in éide na maitheasa, le sinn a seoladh síos slí shíodúil, sár-leathan, ár millte. Tá an saorthoil mar sciath chosanta againn, agus leis an arm sin, tá ar ár gcumas, diúltú don olc. Mura n-éiríonn linn an t-arm sin a úsáid in am an ghátair, beidh a chathú sin orainn ar ball, nó meallfar, i ngan fhios sinn, isteach níos doimhne, agus níos doimhne, i scraith ghlugair an oilc, agus is dian deacair bealach éalaithe a aimsiú, amach as an anachain chéanna sin.

gaGaeilge