I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Sauce for the Goose………….

.

Is dócha gur chuimhin le chuile dhuine againn an seanfhocal úd adeir nach faide gob na gé ná gob an ghandail, agus cé go dtuigeann chuile dhuine againn brí an tseanfhocail chéanna sin, ag an am gcéanna, níl sé chomh héasca sin ar fad, ciall a bhaint as an leagan Béarla atá againn air. Cad chuige an t-anlann, atá i gceist acu sa nath cainte sin? An é is ciall leis nó go ndéanfadh an t-anlann céanna cúis, cuma ar ghé nó gandal a bhí ar do phláta agat, nó an é atá idir chamáin againn nó go mbaineann idir ghé agus ghandal taitneamh as na deasa deasa céanna? N’fheadar mé anois, ach faoi mar a tharlaíonn go minic, i gcás ár seanfhocal fhéin, ní hí an chiall is cás linn, ach an leas a bhaintear as an gciall chéanna sin. Ach céard faoi ghob úd an ghandail agus gob sin na gé? Caithfidh mé a admháil nár thug mé fhéin faoi deara aon difir ró-mhór a bheith idir an dá earra sin, agus má iarann tú orm é, chuir mé aithne ar na gobanna céanna úd, nuair nach raibh ionnam ach malrach, nó an t-am sin, bhí gandal againne sa bhaile, a chuirfeadh an ruaig ar arm Hitler fhéin, agus ní beag nó suarach an focal é sin! Ach le filleadh ar fhaid na ngob sin. Nach í an chiall chéanna a bhaintear as an seanfhocal sin agus an ceann úd i mBéarla, agus sin, nár chóir difir a dhéanamh eatarthu, mar go bhfuil an méid chéanna dlite do cheann acu is atá dlite don cheann eile. Nó más ionann faid a ngob, ansin is féidir leat a bheith cinnte, go mbainfidh an péire acu taitneamh agus toit as an gcineál céanna beatha.

Social Partners meet

Ba iad na smaointe sin a rith liom, an lá cheana, nuair a léigh mé faoin mhargántaíocht atá ag tosú anois, idir na páirtithe atá freagrach as pá ár n-oibrithe a shocrú, do na blianta atá romhainn amach. Ba chóir smaoineamh i dtosach, gur phoblacht daonlathach atá againn anseo, agus dá bhrí sin, gur cheart glacadh leis mar phrionsabal, gur cine amháin sinn, agus nach sochaí aicmeach atá againn anseo, ach go bhfuil na cearta céanna dlite do chuile dhuine againn, sea, agus na dualgaisí céanna le coimhlíonadh aige freisin. Ní faide gob na gé ná gob an ghandail!

Mar sin, má théann an costas maireachtála in airde, agus más uainn freisin stíl bheatha na muintire a ardú, ba cheart go mbeadh coibhneas eicínt idir an méid airgid a thabharfá do dhream amháin, agus an méid a bhronnfá ar dhream eile. Ní dhá aicme atá i gceist againn anseo, ach an t-aon aicme amháin, ach ag an am gcéanna caithfear glacadh leis, go bhfuil baill áirithe den aicme sin a ghlacann níos mó freagrachta orthu fhéin na mar a dhéanann baill eile, agus go n-oibríonn roinnt acu níos crua ná an chuid eile.

The Way Forward

An-deas go deo, ach conas is féidir freastal ar an dá ghob sin? Conas is féidir freastal ar an dá thrá?

Níl na freagraí agamsa, ach b’fhéidir dá dtabharfaí aird ar chupla prionsabal, go mbeadh ar ár gcumas bóthar a bhualadh i dtreo na críche sin.

Cad iad na prionsabail atá i gceist agam, an ea?

 Bhuel! ar an gcéad dul síos, níor chóir dhá shainbhuíon a chur i mbun an ghnó sin, buíon amháin, le freastal ar theacht isteach na stiúrthóirí, agus buíon eile, le pingneacha beaga a dháileach, ina sciob sceab, ar na hoibrithe. D’fheicfeadh madraí an bhaile nach mbeadh a leithéid de shocrú cothrom nó cóir, nó ní bheadh siad ag smaoineamh ar choibhneas a choinneáil idir theacht isteach na mbuíonta éagsúla, idir an lucht oibre, agus an lucht bainistíochta.
 Ba chóir deireadh a chur leis an gcomparáid a dhéantar idir oibrithe san earnáil phoiblí agus oibrithe eile, nó feictear do dhuine ar bith, nach bhfuil ansin ach gléas le pá an oibrí a choinneáil chomh híseal agus is féidir, trí phá dhream amháin díobh a chur i gcoimhlint le pá an dreama eile.
 Agus sa tríú háit, céard faoi na harduithe a bhronntar ar bhuíon ar bith acu? An bhfuil sé cothrom nó cóir na harduithe sin a thabhairt i bhfoirm chéadtadáin? Nach bhfuil sé soiléir do dhuine ar bith, gurb é toradh a bheidh ar shocrú dá leithéid, nó go bhfásfaidh an bearna idir an té a bhfuil a dhóthain aige cheana, agus an té atá ar an ngannchuid. Níl ansin i ndáiríre, ach roinnt na caillí faoi mar is toil lei fhéin é. Caithfidh nach bhfuil sé thar acmhainn daoine, leagan amach níos féaráilte a fhionnadh, le teacht ar phá cothrom a chur a fáil do chuile chineál oibrí.
 Agus mar bhuille scoir, ba chóir dúinn féachaint chuige, nach bhfuil muid ag iarraidh sochaí aicmeac a bhunú anseo, nó ní theastaíonn uainn filleadh ar shochaí an Tí Mhóir, ar thaobh amháin, agus sochaí an bhotháin, ar an dtaobh eile.

Sauce for the Gander !

Agus i gcás an lucht polaitíochta, ar chóir dúinn teacht isteach Alpach a bhronnadh orthusan, fad is atá an phingin ghortach á dháileadh againn ar lucht na cosmhuintire? Cinnte, níor chóir. Ba chóir dár bpolaiteoirí glacadh leis, gurb é a ndualgas, stíl bheatha na muintire uilig a ardú, agus mura bhfuil siad sásta oibriú i gcóras dá leithéid, ansin ba cheart dóibh slí bheatha eile a roghnú dóibh fhéin, áit a mbeadh ar a gcumas tuilleadh a shaothrú. Agus ba chóir freisin, srian a chur ar theacht isteach na mboc mór i gcomhlachtaí móra príobháideacha. Ní boic mhóra atá uainn a chruthú anseo, ach saoránaigh díograiseacha, macánta, comharsanúla, a dhéanfadh chuile iarracht ar shochaí daonna, foirfe, a bhunú anseo in Éirinn iathghlas, oileánach. Cuirimis uainn béasa an chait nach ndéanann crónán ach ar mhaithe leis fhéin.

.

.

.

.

.

gaGaeilge