.

Scéal Corraitheach

.

61 Hours……………….Céadchló…………….2010

by

Lee Child………………………………………..€18.85

.

Peadar Bairéad

Céadchló i 2010

Le déanaí a tháinig mé ar an saothar seo le Lee Child, leabhar ar cuireadh an chéadchló air i mbliain seo ár dTiarna, 2010. Bíodh gur chuala mé trácht ar an údar seo cheana, ba é seo an chéad leabhar dá chuid a léigh mé, agus geallaimse dhuit é, gur bhain mé sásamh, agus dhá shásamh as.

Bíodh gur sa Bhreatain a rugadh is a tógadh an t-údar seo, thug sé fhéin, agus a mhuirín, na Stáit Aontaithe orthu fhéin, nuair a chaill sé a phost i dtionscail na teilifíse sa Bhreatain. Faoi láthair, tá cónaí air san Úll Mór fhéin. Téann an carachtar, Jack Reacher, trína chuid úrscéalta uilig, mar shnáithe trí bhraisléad, a gceangal, agus a n-aontú, ina n-aonad taitneamhach, corraitheach, litríochta. Ach, le filleadh ar an scéal……

Tús Maith

Féach ar an dtús iontach a chuireann sé lena scéal, tús a mhúsclaíonn fiosracht diabhalta ionainn le teacht ar fhios fátha gach scéil. Seo mar a chuireann an t-údar fhéin é……..

Five minutes to three in the afternoon. Exactly sixty one hours before it happened.”

Céard é go díreach a tharlódh i gcionn na haimisre sin? Agus cén fáth a dtugann sé an t-am áirithe sin, cúig neomat chun a trí san iarnóin, dúinn? Bhuel, bhí dlíodóir ar a shlí, ag an am sin, go dtí priosún áirithe, le priosúnach a chur faoi agallamh, nó bhí eolas éigin le bailiú aige ón bpriosúnach céanna sin. Rinne sé a raibh le déanamh aige, agus ansin, agus é ar a bhealach ar ais ón bpriosún, tharla, fan na slí, gur chaill sé smacht ar a ghluaisteán, agus ag an am áirithe sin, bhí bus ag teacht chuige ón dtaobh eile de dhroichead sioctha, agus cé gur éirigh leis an dlíodóir an gluaisteán a shrianadh, agus a thabhairt ar ais faoina smacht arís, ar an drochuair, níor éirigh le tiománaí an bhus an cleas céanna a dhéanamh, agus ba é deireadh an scéil é, nó gur fágadh an bus sáinnithe i ndíg ar thaobh an bhóthair, agus bolg an bhus ina luí ar thaobh shioctha an bhóthair. Theip ar an dtiománaí é a thiomáint chun tosaigh, nó ar gcúl.

Seilg na Seanóirí

Seandaoine ag dul ar thuras a bhí ar bord an bhus, agus lena gcois sin, bhí paisnéir óigeanta ina bhfochair….

“The odd passenger out was a man at least thirty years younger than the youngest of the others. He was sitting alone three rows behind the last of the seniors.”

Tar éis dóibh an cás a scrúdu, tugadh le fios dóibh, nárbh fhéidir leo an bus a chur ar an mbóthar arís, agus tharla, ag an am seo, go raibh siad thart ar scór míle ó Bolton, an baile beag tuaithe ba ghaire dhóibh, i Dakota Theas. Anois, tharla freisin, go raibh foirgneamh ait, scoite, thart ar chúig mhíle níos sia isteach sa bhfásach. Bhí fadhb póilínithe sa treis, sa dúiche sin, ag an am, agus tharla go raibh bean so-ghortaithe faoi gharda, de ló, is d’oíche, sa mbaile tuaithe sin. Tuige? A déarfadh duine, b’fhéidir.

Na mílte fada uatha, míle seacht gcéad míle ó dheas, thíos i gCathair Mheicsiceo, bhí coirpeach déanta i mbun pleananna a bhí dírithe ar Bholton, i Dakota Theas, agus b’eisean a bhí taobh thiar den trioblóid go léir.

Reacher and Driver combine

Bhail, rinne tiománaí an bhus agus an paisnéir óigeanta sin, Reacher, teangmháil leis an saol mór amuigh, agus iad ar thóir cabhrach, nó tuig siad go raibh an tír ar fad thart orthu faoi bhrat sneachta, agus é chomh fuar sin, go mbainfeadh sé an tsrón anuas díot. Ar deireadh thiar, d’éirigh leo síob a eagrú do lucht an bhus, chomh fada le baile Bholton, agus ansin, casadh na póilíní áitiúla leo, agus shocraigh Reacher ar dhul i gcomhar leo, lena bhfadhb póilíneachta a scaoileadh. Ghlac sé air fhéin an bhean úd a bhí faoi gharda a chosaint, nó bhí traenáil chuige sin air, mar bhí blianta fada caite aige i mbun Oifige póilíneachta, rud a d’fhág go raibh chuile eolas riachtanach, ar bharr a mhéire aige, le gnó dá leithéid a dhéanamh.

Agus bíodh go raibh fórsa ollmhór póilíní acu i mBolton, ag an am gcéanna, bhí ar chumas na gcoirpeach an bhearna a bhaint díobh, chuile bhabhta. Bhí sé soiléir do Reacher, go raibh poll ar an teach, agus rinne sé chuile iarracht ar theacht ar an bpóilín a bhí i bpóca an Mheicsicigh úd.

Plean an Mheicsicigh ?

Thart ar an gcreatlach sin a chrochann an t-údar an scéal corraitheach, lán-teannais, seo. Ar éirigh le Reacher cúl a chur le pleananna an Mheicsicigh úd? Céard a bhí folaithe sa bhfoirgneamh sin a bhí thart ar chúig mhíle ó bhaile Bholton? Ar éirigh leis an Meicsiceach a phleananna a chur i gcrích?

Bhail, le teacht ar an eolas sin uilig, caithfidh tú an leabhar seo a fháil, is a léamh, agus más duine thú, a chuireann spéis i scéal dá leithéid, tá mé cinnte go mbainfidh tú taitneamh, is toit, as an leabhar seo le Lee Child.

Ní gá a rá, go bhfuil casadh aisteach in eireaball an scéil seo, ach im thuairimse, is casadh inchreidthe é, agus casadh a chuireann go mór le scleondar an scéil.

Súil agam go mbainfidh tú taitneamh as……..

.

.

.

.

gaGaeilge