Scéal Éanna

(This week we consider, again, our Taoiseach’s achievements and difficulties)

An Dara Breith

Seo thíos píossa a scríobh mé anseo cupla bliain ó shoin.)

’s ag fia is ag fiolar go bhfuil sé beagnach do-dhéanta breith chóir a thabhairt ar pholaiteoir ar bith go dtí mbíonn a ré sa diallait thart, agus ansin, tá sé ró-dhéanach, nó nach ndeirtear go gcríochnaíonn im chuile pholaiteora sa láib! Tráthúil go leor, ní bheidh orainn breith dá leithéid a thabhairt sa chás áirithe seo go ceann tamaill eile, nó tá Éanna s’againne ag treabhadh leis go rábach i ngort na polaitíochta fós, agus, de réir dealraimh, tá sé suite go daingean sa diallait, agus a lucht tacaíochta sásta tacú leiss, agus gan ina choinne ach a shean naimhde agus rubailín místuama neamhspleáigh. Sea, ag breathnú go fuarchúiseach ar chúrsaí, déarfadh duine gur mar sin a bhí, nó breathnaigh ar shaol polaitíochta Éanna, go nuige seo. Roinnt bheag blianta ó shoin, ba bheag duine sa tír a thiúrfadh seans fata i mbéal muice don Éanna céanna sin cathaoir an Taoisigh a bhaint amach lena ré? Ní raibh ann ag lucht na meán ach súgán so-lúbtha nár bhac scríobhaithe nó vótóirí i bpobalbhreitheanna leis. B’in mar a bhí go dtí gur tugadh bualadh trom dá Pháirtí i dtoghchán, agus ní raibh aon ráchairt ró-mhór ar chinnearacht Fhine Gael dá bharr sin. Ach nuair a osclaítear an bhearna tagann fear a líonta ar an bhfód.

Dán Éanna

B’in é dán Éanna s’againne. Ghlac sé le cinnireacht a Pháirtí agus tar éis dó dhá cheann choinneal an mheánoíche a dhó, d’éirigh leis léimt i ndiallait na cumhachta, agus dul i bhfeidhm ar mhóramh a Pháirtí, agus na Dála, len é a ainmniú mar Thaoiseach. B’in mar a tharla, tamall gearr ó shoin anois, agus san idirlinn, d’éirigh leis an dTaoiseach nua-thofa a dhúthracht a chaitheamh ag streachailt leis na fadhbanna doscaoilte, a fuair sé le huacht óna réamhtheachta san oifig sin, agus chomh maith le sin, tá ag éirí leis, fanacht i ndiallait na cumhachta abhus, agus greim scóige á bhreith aige ar scrogall na bpobalbhreitheanna, sa chaoi gur tuigeadh go raibh seans maith ann go n-éireodh leis a Pháirtí a sheoladh isteach i nDáil Éireann do thréimhse eile cinnireachta, ar ball. Tá sin uilig go breá, ach b’fhéidir go bhfuil Éanna s’againne ag cur síolta a threascartha i dtalamh méith an todhchaí cheana sin.

Ag magadh fúm atá tú? Dheamhan polaiteoir eile sa tír atá inchurtha leis an Éanna céanna sin.

Ar an dtaobh eile den scéal….

Ach cé hiad na daoine seo nach bhfuil sásta le gníomhartha, agus le héachtaí Éanna, ó deineadh Taoiseach de?

ard faoin óráid úd, inar thug sé sciolladh teanga ar lucht na Vatacáine féin? Nár chuir an óráid chéanna sin fearg ar dhaoine áirithe? agus ansin, ard faoi dhúnadh Ionad Taidhleoireachta na tíre seo sa Vatacáin, tamall ina dhiaidh sin? Ceapadh ag an am, go raibh an leithscéal a tugadh, ar leathchois, ar a laghad. Breathnaigh freisin ar a pholasaí i leith na Gaeilge, agus feicfidh tú lear mór eile daoine, a bhfuil cloch á cur sa mhainchille acu dó, cheana féin. Sea, mh’anam, agus ansin, fadhb an ghinmhillte, fadhb atá ag aibiú lei ansin i gcoinsias a lán, agus a fhillfidh, ar ball, bfhéidir, le sclamh a bhaint as Éanna. Sea, agus cá bhfágfá an t-aighneas a tógadh faoi phósadh aerach, ceist a bhí faoi chaibidil i ré na Dála sin, sea, agus Éanna fós sa diallait! agus céard faoi leasú le fáil réidh leis an tSeanad? agus an toradh a bhí ar an bhfiontar sin?

**********************************************************

Súil siar, agus dhá shúil romhainn

B’in mar a scríobh mé sa cholún seo, roinnt bheag blianta ó shoin, agus dhealródh sé, de réir a lán, nár chuir Éanna lena cháil mar pholaiteoir san idirlinn. Níl le déanamh againn ach breathnú ar an gcogadh idirpháirtíoch atá á fhearadh ar bhinsí na Dála faoi láthair, agus feicfidh tú sceana á bhfaobhrú, searús á ghéarú, agus polasaithe a n-ullmhú, don olltoghchán atá á thuar. Sna laethe atá romhainn amach, feicfear stuaim agus clisteacht Éanna, sé sin má éiríonn leis seasamh in aghaidh na raice atá á thógáil, agus a bhéas á ghéarú, sna laethe atá romhainn amach, idir seo agus an chéad Cháinaisnéis eile, sé sin, má éiríonn leis éaló as an mbogach ina bhfuiltear sa toir air faoi láthair!

Céard é do thuairim fhéin faoi na cúrsaí sin?  

.

.

  

.

gaGaeilge