Sceanadh, Mugáil, agus Marú…. 1

Peadar Bairéad

(This week we take a look at violent behaviour)

Éigean agus Slad!

Is dócha gur thug tú faoi deara, ar na mallaibh, go bhfuil an focal “éigean” i mbéal gach éinne i bhfad Éireann níos minicí ná mar a bhíodh. Ní hionann sin is a rá, nach raibh an t-earra céanna sin ar fáil roimhe seo, nó bhí, ach is dócha nach bréag ar bith é a rá, go bhfuil an foréigean céanna sin imithe chun an donais ar fad, le mám blianta anuas. Tá daoine ann adeir, gurb iad na drugaí agus an t-ól is cúis leis, agus is dócha go bhfuil sláimín den cheart acu sa mhéid sin, ach, i ndáiríre, níor chóir dúinn glacadh le leithscéal dá leithéid, nó má dhéanann, is ionann sin is a rá, nach mbeadh duine ar bith freagrach, as a ghníomhartha i gcás dá leithéid feasta, toisc gur féidir leis an milleán a leagan ar chúis eicínt taobh amuigh dá bheith fhéin. Bhíodh leithscéalta dá leithéid á dtabhairt sna cúirteanna, i gcás an óil, tamall de bhlianta ó shoin, ach ar deireadh, is dócha gur shocraigh na breithiúna, nár chóir glacadh lena leithéid feasta, nó tuigeadh dóibh, go raibh an meisceoir ciontach ina mheisce, ar an gcéad dul síos, agus dá bharr sin, go raibh sé ciontach freisin sna gníomharatha a rinne sé le linn a mheisce. B’fhéidir go ndéarfadh duine, go bhfuil an-difear idir bheith ar meisce agus a bheith mearaithe, dí-aignithe, ag cumhacht na ndrugaí, ach ag an am gcéanna, nach é an dá mhar a chéile é, nó i ngach cás acu, tá cumas an duine guaim a choinneáil air fhéin, bearnaithe nó millte. Ach an ionann sin is a rá, nach bhfuil duine ciontach sna gníomharatha a rinne sé i gcás dá leithéid? Ní dóigh liom gurb ea, nó dá ndéarfaí a leithéid, ansin, is dócha go mbeadh sé de dhualgas ar na húdaráis an té sin a choinneáil i ngéibheann go dtí go bhféadfaí a rá arís nár bhaol don phobal é

Uisce na bhFataí

Bhí mé ag caint faoi na cúrsaí sin le Mártan an Tairbh, seanchara linn, an lá cheana, agus bhfuil fhios agat céard adúirt seisean liom?

Bhuel! ar seisean liom, nach ionann intinn an duine agus inneall cumhachtach, dea-dheartha, deadhéanta, foirfe. Agus ar seisean ansin, an mbeifeása sásta uisce na bhfataí a chur isteach ann, in áit díosail, nó peitril? agus tú ansin ag súil, i ndiaidh an iomláin, go mbeadh a rith agus a léim aige ina dhiaidh sin? Ní dóigh liom go ndéanfá, arsa mo chara, agus é ag scaoileadh gáilleog den stuif crua siar le fána! Ó, bhuel! beatha dhuine a thoil, arsa mise liom fhéin. Tar éis na cainte sin go léir, caithfear a admháil, is dócha, go bhfuil tionchar do-áirithe ag drugaí ar fhás an foréigin sráide sin, a thugtar faoi deara, ar sráideanna ár mbailte agus ár gcathracha, le roinnt blianta anuas.

Ach an bhfuil leigheas ar an scéal, má sea?

Bí cinnte nach bhfuil ‘leigheas ar an toirt’ le fáil ar fhadhb chasta dá leithéid, a bhfuil an domhan mór cráite, céasta, aici, le cupla scór bliain anuas, nó dá mbeadh a leithéid de leigheas ar fáil, bí cinnte go mbeadh úsáid bainte as, ag na tíortha móra saibhre, a bhfuil na milliúin á gcaitheamh acu in aghaidh na bliana, ag iarraidh srian a choinneáil ar dhéanamh, ar úsáid, ar dhíol agus ar leathadh, na ndrugaí díobhálacha céanna sin.

Ach, fágaimis an fhadhb sin ar leataobh, go fóill, agus tugaimis aghaidh arís ar an bhforéigean sráide sin, atá i mbéal gach éinne, na laethe seo.

Nach cuimhin le chuile dhuine againn an nath úd a bhíodh ar bhéala daoine, roinnt blianta ó shoin, nó ní bhíodh i mbéal an uile dhuine, an tráth sin ach “Zero Tolerance”. Is dócha gurbh iad na Puncáin a chuir tús leis an téarma céanna sin, agus ba é ciall a bhí, agus atá, leis, nó nach dtabharfaí an dara seans do dhuine ar bith, dá mbrisfeadh sé dlí nó riail ar bith, cuma cén cineál dlí a bheadh i gceist, marú duine, nó ag caitheamh bun toitín ar an tsráid, chuirfí an dlí i bhfeidhm, go huile is go hiomlán, i ngach uile chás. Rinneadh iarracht ar sin a dhéanamh ar shráideanna Nua Eabhraic, agus deirtear gur tháinig an-fheabhas ar chúrsaí ansin dá bharr. Ba ghearr go raibh an mana céanna á úsáid anseo i dTír na hÉireann freisin, ach ní dóigh liom, go raibh toradh céadach air anseo, faoi mar a bhí thall!

(Tuilleadh an tseachtain seo chugainn.)

.

.

.

.

gaGaeilge