Scrúdú Cainte Cuid a Dó

Cad a dhéanfá dá dtoghfaí thú id’ Thaoiseach ar an tír seo?

.

Ar an gcéad dul síos, bheinn den tuairim, nach bhfuil baol ar bith ann go dtarlódh a leithéid, ach, dá dtarlódh sé, bheadh áthas an domhain orm, nó bheadh deis agam, iarracht a dhéanamh ar fhadhbanna uilig na tíre seo a leigheas.

Ba é an chéad rud a dhéanfainn nó coirpigh uilig na tíre seo a ghabháil agus a chur isteach in Ionad Ceartaithe, agus sa tslí sin, chuirfinn deireadh láithreach le mí-iompar ár ndaoine, idir óg agus aosta. Ansin, de réir mar a bheadh a gceacht foghlamtha acu, ligfinn saor arís iad, ar choinníoll nach mbrisfidís an dlí arís, agus go bhfanfadh siad glan amach ó choirpeacht, agus aindlí.

Nuair a bheadh sin déanta agam, d’fhéachfainn chuige, go mbeadh teacht isteach réasúnta ag chuile oibrí sa tír, agus ghearrfainn cáin trom ar mhilliúnaithe na tíre seo. Chuirfinn tuilleadh airgid ar fáil do na scoileanna agus do na múinteoirí. Chuirfinn deireadh le fadhb na n-ospidéal, agus nuair a bheadh an meid sin déanta agam, d’iarfainn ar an bpobal a dtuairimí fhéin a chur ar fáil don Rialtas, sa tslí go mbeadh muid in ann freastal orthu, mar ba chóir.

.

Deirtear uaireannta, gur pobal ciníoch muid anseo in Éirinn. An gceapfá go bhfuil an ceart ag na daoine adeireann sin?

.

Tá agus Níl. Mar sa chéad áit, nach ndeirtear sa tseanfhocal, gur cara gach duine go dtéann a bhó isteach i do gharraí. Bhuel, is é an chás céanna ag na hinimircigh é. Chomh fada is a fhanann siad ina dtír fhein, bíonn muid breá cairdiúil leo, agus fiú, bheadh muid sásta chuile chabhair a chur ar fáil dóibh, chomh fada is a fhanann siad ansin, ach nuair a thagann siad isteach sa tír s’againne, agus nuair a éiríonn postanna gann, ansin, ní bhíonn muid chomh cairdiúil sin ar fad leo, agus má tharlaíonn gur daoine gorma iad, na hinimircigh a thagann isteach chugainn agus a thógann na postanna ganna sin, bhuel! ansin éiríonn eascairdeas idir sinne agus na gormaigh sin. An té a thabharfadh sin faoi deara, is dócha go gceapfadh sé, agus go ndéarfadh sé, gur ciníochas lom atá á chleachtadh againn, ach i ndáiríre, dá mba dhaoine as Contae eile sa tír seo, a dhéanfadh an rud céanna sin, mhúsclófaí an t-eascairdeas céanna chucu, i gcroíthe na ndaoine a fágadh gan obair.

I ndáiríre, déarfainn fhéin nach bhfuil muid ciníoch in aon chor, ach go mbíonn drugall ar chuile dhuine, glacadh leis an rud atá strainséartha, ach chomh luath is a chuireann muid aithne cheart ar na hinimircigh, bíonn muid chomh cairdiúil leo is a bheadh muid le duine as ár dtír fhéin.

.

Céard é do mheas ar lucht polaitíochta na tíre seo?

.

Ba chóir a rá i dtosach, go bhfuil daoine ann, a cheapann, nach dtéann le polaitíocht, ach an dream a dteastaíonn uathu crónán ar mhaithe leo fhéin, agus b’fhéidir go bhfuil an corr-pholaiteoir ann, a bheadh sásta breab a ghlacadh, ar mhaithe le fábhar a dhéanamh do dhuine eicínt, agus sa tslí sin bíonn siad sásta dearmad a dheanamh de leas an phobail, ach is é mo thuairim fhéin, go bhfuil polaiteoirí againn sa tír seo, atá chomh maith, agus chomh macánta, agus níos fearr déarfainn, ná na polaiteoirí a gheofá in aon tír eile ar domhan. Anois, is féidir a rá go n-íoctar go maith iad as a saothar, ach ní bréag ar bith é a rá, go mbíonn ar an bPolaiteoir bheith i mbun a shaothair ó mhaidin go hoíche, Domhnach is Dálach, agus ó cheann ceann na bliana, nó caithfidh sé freastal ar shaoránach ar bith a thagann chuige ag lorg cabhrach.

I láthair na huaire seo, tá daoine ann a deireann seo, agus daoine a deireann siúd, faoinár dTaoiseach, Bertie Ahearne, ach, is annamh a chloiseann tú duine den dream sin ag labhairt faoin méid oibre a dhéanann an fear sin, ar mhaithe lena Thír, gan tracht in aonchor ar a ndéanann sé ar mhaithe lena Pháirtí, nó ar mhaithe lena Phobal. Iarr ar na daoine sin, a dtugann sé cabhair dóibh, cén cineál duine é Bertie, agus déarfaidh siad leat, nach bhfuil a shárú mar pholaiteoir le fáil ar dhroim talún.

Sea, caithfidh mé a rá, go bhfuil meas, agus dhá mheas, agam fhéin ar an lucht polaitíochta, as a ndúthracht, as a macántacht, agus as a dtír-ghrá, nó is dream iad, a chaitheann a gcuid ama ag saothrú ar son an phobail, agus nach deacair daoine dá leithéid sin a fháil, na laethe seo.

gaGaeilge