Seasamh deiridh Mhic Eochaidh.

Peadar Bairéad

Caithfidh mé a rá gur chuir mé suim, agus dhá shuim, in alt le Seán Hurley, sa Kilkenny Reporter, dár dáta, 28ú Iúil 2010. San alt sin, rinne Seán cur síos ar eachtraí an Chaiptín Myles Walter Keogh, i gcogaíocht agus i dtroid, feadh a shaoil. Tar éis dom an t-alt sin a léamh, chuir mé romham píosa a scríobh faoin saighdiúir calma cróga sin, agus thug Seán fhéin cead dom úsáid a bhaint as a thaighde seisean, dá dtogróinn é.

Rugadh Myles Walter Keogh in Orchard, cóngarach do Leithghlinn an Droichid, thar theorainn Chill Chainnigh isteach, i gContae Cheatharlach, ar an 25ú Márta, sa bhliain 1840. Mac le John Keogh agus Margaret Blanchfield ba ea é. Faoin mbliain 1860, agus é ina fhear breá, óg scafánta, thug sé an Róimh air fhéin, ar thóir eachtraí.

In Arm an Phápa

Liostáil sé in Arm an Phápa, Pius IX, d’fhonn Stáit an Phápa a chosaint orthu siúd, ar mhian leo an Iodáil a aontú. Deineadh foleifteanant de i rith an chogaidh sin, agus bíodh nach raibh a chathlán thar mholadh beirte, bhain sé fhéin cáil amach dó fhéin, i gcoinne Victor Emmanuel, i gcosaint Ancona.

Sa bhliain 1861, nuair a bhí cogaí an Phápa thart, chuala Myles go raibh an Cogadh idir na Stáit tosaithe, thall i Meiriceá, agus ar an ábhar sin, agus toisc gur theastaigh a thuilleadh eachtraí míleata uaidh, thug Meiriceá air fhéin, agus liostáil ansin ar thaobh an Aontais. Caithfidh gur throid sé go calma sa chogadh sin, nó i rith an chogaidh sin, tugadh ardú céime dó cupla uair. Deineadh Maor de i dtosach, agus ansin, chríochnaigh sé mar Leifteanantchoirnéal, in arm an Aontais. I rith cheithre bliana an chogaidh sin, ghlac sé páirt i gcathanna go leor, agus fiú, i gCath Gettysburg fhéin, agus bhain cáil agus clú amach dó fhéin, as a chalmacht, as a dhánacht, as a chrógacht, agus as a ghalántacht. Agus bíodh gur throid sé an oireadh sin comhraic, bhí de cháil air, nár gortaíodh oiread is uair amháin é!

Sa Seachtú Reisimint Marcra

I ndiaidh an chogaidh, sa bhliain 1865, theastaigh ó Myles Keogh liostáil san Arm Seasta. Glacadh leis, agus deineadh buanoifigeach de, agus ar ball, nuair a bunaíodh an 7th U.S. Cavalry Regiment, faoi George Armstrong Custer, deineadh Caiptín de, agus ceapadh é mar an ceathrú Oifigeach Sinsear, sa Seachtú Reisimint Marcra, agus bhí marcshlua d’ochtar is nócha marcach díreach faoina cheannas. An-éacht d’fhear óg nach raibh ach sé bliana is fiche sáraithe aige, ag an am! Nuair a bhí cogaí na nIndiach thart, agus nuair nach raibh eachtraí corraitheacha, troda, ansin, le Myles a mhealladh chucu, bhí sé ag smaoineamh ar éirí as a shaol mar shaighdiúir sna Stáit, agus i ndeireadh na seascaidí, thug sé chuairt ar fhód a dhúchais anseo, i gCeatharlach agus i gCill Chainnigh. Nuair a d’fhill sé ar na Stáit afach, d’athliostáil sé sa 7th Cavalry. Faoin mbliain 1873, chuaigh an 7th go dtí an Dakota Territory, áit a rabhthas le hiarnród a thógáil. Diaidh ar ndiaidh, thug na hIndiaigh faoi deara, go raibh a dtailte á dtógáil uathu, agus go raibh na tréada buabhall á n-ídiú ag na fir gheala. Ba é toradh a bhí ar an obair sin go léir, nó gur spreagadh na Sioux chun troda, rud a chuir tús le Cogadh na Sioux, sa bhliain 1876. Cogadh báis nó beatha a bhi sa gcogadh seo do na Sioux, agus ba ghearr go raibh an 7th Cavalry tarraingte isteach sa choimheascar céanna sin, agus b’in mar a tharla, gur tarraingíodh an Marcshlua céanna sin go dtí an Little Big Horn, ar an lá cinniúnach céanna sin, ar an 25ú lá de Mheitheamh na bliana, 1876.

Custers Last Stand

Ní gá cur síos a dhéanamh ar an gcath céanna sin, ar Custers Last Stand, nó nach bhfuil fios fátha an scéil uilig sin, ag chuile dhuine, faoi láthair, nó nach minic a léiríodh na heachtraí céanna sin sna scannáin dúinn. Leor a rá, nár fagadh, fiú fear inste scéil, den 7th Cavalry, beo ar phairc an chatha i ndiaidh an áir. leis an bhfírinne a rá, níor fagadh beo ón sléacht, agus ón ár uilig a deineadh an lá sin, ach capall Mhyles Keogh, Comanche, bíodh gur gortaíodh eisean sa ghleo freisin, ach tar éis togha na haire a fháil on Arm, tháinig sé chuige fhéin ar ball, agus ba é an capall ba cháiliúla sna Stáit é, ón lá sin amach, go dtí gur cailleadh é. Sea, agus nach ndeirtear freisin, nár éalaigh le craiceann a chinn slán aige ón ár sin, ach Myles fhéin agus an Ginearál Custer. Arbh amhlaidh a thug na hIndiaigh onóir iarbháis do na laochra sin, a throid chomh calma, cróga, sin ina gcoinne, ag Little Big Horn? Táid ann adeir, gurbh é fáth nár deineadh ciorrú orthusan beirt, nó i ngeall ar a gcalmacht i gcath, cáilíocht a raibh meas thar na bearta ag Indiaigh air. Deir daoine eile, gurbh amhlaidh a chonaic na hIndiaigh, agus iad ag baint a chuid eadaigh de Mhac Eochaidh, chonaic siad Crois an Phápa, agus tuigeadh dóibh, go mba dhuine ar leith é, ar bhealach nár thuig siadsan. Ar aon chuma, mhol Taoiseach na Sioux an Caiptin Keogh go hard na spéire, agus dúirt nár throid sé riamh, fear chomh chróga leis.

In far foreign fields……

B’in mar a cailleadh an tÉireannach calma cáiliúil sin, An Caiptín Myles Walter Keogh, i bhfad ó bhaile, agus é ag cleachtadh an cheird ab ansa lena chroí, an tsaighdiúireacht, agus gan é ach thart ar sé bliana is triocha ag an am! Céard a tharlódh dá bhfillfeadh sé ar Éirinn, an tráth úd? An mbeadh an tír seo fairsing a dhóthain le spiorad calma, cróga, corraitheach, an fhir sin a shásamh? Ag Dia amháin atá a fhios sin, ach ní haon dochar dúinne é, ag an am seo, spiorad cróga an tsaighdiúra sin a mhóradh, agus a mholadh. Mhair sé i ré chorraithe, mhíshocair, trodach, ach tuigtear dúinn, go mba fhear calma, galánta, daonna, é, an Caiptín Myles Walter Keogh, agus níor dhochar dúinne trí choiscéim na trócaire a shiúl le cónra a chuimhne.

Tá mé ag ceapadh, go bhfillfidh mé ar an ábhar seo, amach anseo, arís, nó tá tuilleadh le scríobh agam faoi ‘Keogh’s last Stand’, agus faoi cháil an Ghaeil chróga, chalma, céanna, sin.

  

gaGaeilge