SEO SLÁINTE NA BÓ…5

Peadar Bairéad.

(This week, we take a look at the place of the cow, in Erris, in the youth of the last century.)

.

Seo píosa a chuir mé isteach ar chomórtas, blianta fada ó shoin. Níor bhuaigh sé an chéad duais, ach tháinig sé sa dara háit, agus bhí mé lán-tsásta le sin. B’fhéidir nár róolc an smaoineamh é, deis a thabhairt duit fhéin é a léamh anois, ar do chaothúlacht, tar éis na blianta fada sin uilig. Seo anois ‘Cuid a Cúig’ den phíosa sin. Tá súil agam gur bhain tú taitneamh as an tsraith aistí seo.

.

Saolta ag athrú

rud a chuireann ionadh orm, an lá atá inniu fhéin ann, agus sin an t-athrú mór atá tagtha ar an saol san idirlinn, mar ní théann bó ar bith i ndíg, nó ní théann bó ar bith ag tachtadh, na laethe seo, Mór gan dabht idir inné agus inniu!

Cuireann an smaoineamh deiridh sin m’aigne ag tochrais ar cheirtlín eile, agus mar ba dhual dár muintir riamh, tosóidh ag tochrais le seanfhocal..Is cara gach éinne go dtéann do bhó ina gharraí… agus gan mugadh nó magadh, ní raibh sa seanrá sin ach lomchlár na fírinne. Ach le sleamhnú isteach go deas réidh sa ghort sin, conas a tharla go mbíodh an oiread sin de bha bradacha ann, an t-am sin? Mar, déanta na fírinne, dá dtiúrfa do dhroim leo, ar feadh ala amháin, bheidís sáite go dtí na cluasa i mbradaíocht éigin, id’ghort fhéin, rud a bhí dona go leor, nó rud a bhí i bhfad níos measa, b’fhéidir, go raghaidís ag bradaíocht i ngort na comharsan. Anois, is cuimhin leat go ndúirt mé ó chianaibh, nach raibh tréidlia, nó dlíodóir i ngiorracht dhá scór míle dúinn. Conas, mar sin, a dhéanfaí an réiteach? Furasta go leor…moladh beirte….Abair go ndeachaigh do bhó-sa isteach i ngort coirce lioma, agus gur chaith sí oíche ann, bheadh an-dochar déanta aici. Thiúrfainn do bhó chugat ar maidin. Mhíneoinn an scéal duit agus d’fhiafróinn díot an mbeifeá sásta an scéal a fhágáil faoi mholadh beirte? Dá mbeadh, d’ainmneoimis moltóir an duine, le gníomhú thar ár gceann. Scrúdóidís-sean an dochar, agus shocróidís an éiric…oiread áirithe airgid, b’fhéidir, nó laethe oibre, nó fiú, coirce agus tuí, nuair a thiocfadh an Fómhar. Mura mbeifí sásta dul i muinín mholadh beirte, bheidís sásta an scéal a fhágáil faoi shagart an Phobail, agus glacadh lena bhreith siúd.

Bealaí sibhialta

Nár bhreá sibhialta na bealaí a bhí acu le fadhbanna casta mar sin a réiteach?

D’imigh sin áfach, ach sin luach an dul chun cinn, más dul chun cinn é! Ach cé’n chaoi ar tharla go mbíodh ba na laethe úd chomh tugtha don bhradaíocht?

Ní bhíodh aon rath ar na claíocha, nó claíocha fód ar fad beagnach a bhí iontu, agus bhídís ag caitheamh i gcónaí, agus níor ró-mhór an t-éacht é ag bó ar bith dul tharstu amach.

Ní bhíodh leath a ndóthain le fáil ag na beithigh bhocha, bunús an ama, rud a chuireadh fonn bhradaíle orthu, agus buile ocrais taobh thiar de. Annamh a tharlaíonn a leithéid, sa lá atá inniu ann, nó is soiléir go bhfuil ré na bhfeirmíní beaga thart, agus go bhfuil ré na mbó an doras isteach chugainn anois, agus ní chloistear faoi chás dá leithéid anois ach go fíor-annamh, agus nuair a tharlaíonn cás dá leithéid anois, is faoi’n gCúirt a fhágtar an focal deiridh, agus tugann an Breitheamh Cothtrom na Féinne do na ba i gcás dá leithéid, trí éiric trom a ghearradh ar an bhfeirmeoir a cheadaigh a leithéid

Seo sláinte na bó

.

Is maith í an bhó.

Is bainne í le hól.

Is im í is feoil,

Agus is solas í ar bord.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

SEO SLÁINTE NA BÓ 4

Peadar Bairéad.

(This week, we take a look at the place of the cow, in Erris, in the youth of the last century.)

Níor bhuaigh mé an chéad duais!

Seo píosa a chuir mé isteach ar chomórtas, blianta fada ó shoin. Níor bhuaigh sé an chéad duais, ach tháinig sé sa dara háit, agus bhí mé lán-tsásta le sin. B’fhéidir nár ró-olc an smaoineamh é, deis a thabhairt duit fhéin é a léamh anois, ar do chaothúlacht, tar éis na blianta fada sin uilig. Seo anois ‘Cuid a Dó’ den phíosa sin. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as.

.

.

Nach orainne gasúir a bhíodh an faitíos, nuair a deireadh m’uncail, tar éis na hobráide… “Déarfainn go bhfuil sé in am againn jab a déamamh ar na gasúir seo, ó tharla go bhfuil na rópaí agus an rásúr anseo anois againn”

“D’fhéadfadh an ceart a bheith agat, a Sheáin, ach nár chóir breathnú orthu i dtosach?”

“Ó, Muise! tá an ceart ar fad agat. Gabh isteach anseo……”

Bhuel, a dhuine mo chroí, ni fhanaimis lena thuilleadh a chlos. Thugaimis do na bonnaibh é, agus srian ní tharraingíodh muid go mbíodh cupla míle slí eadrainn fhéin agus diabhal úd an rásúir!

Ag briseadh a gcroí ag gáire fúinn a bhíodh na cleasaithe, ach geallaimnse dhuit é, nach aon fonn spóirt, nó gáire a bhíodh orainne, agus muid ag éaló linn go magairle-slán, luchtaithe, fearúil. Ach sin scéal eile ar fad do uair éigin eile….

Bhíodh súil againn ar na bulláin choillte sin ar feadh míosa ina dhiaidh sin, go dtí go mbíodh siad cochall-chneasaithe arís. Gnó eile a dhéanadh an fear céanna sin, nó gaiarleog, agus púdar dubh air, a chur isteach i ngualainn ghamhna. obráid shimplí go leor a bhí anseo. Bheadh an ghamhain sa stábla, agus ghearrtaí an craiceann sa ghualainn, agus dhéantaí póca beag faoin gcraiceann, agus isteach sa pháca sin chuirtí píosaí beaga gairleoige. An díghalrán céanna arís, ansin, dhúntaí an gearradh le tearra te, leáite, faoi mar a chuirfeá ar churrach. Cosaint ba ea é seo ar an ngalar crúb is béil. Obráid bheag amháin eile, agus beidh mé críochnaithe le m’uncail, le fear an rásúir. Uaireannta d’fheicfeá bó agus í bacach. Loscadh buaile ba chúis le sin. Ní raibh leigheas ar bith ar an loscadh céanna sin ach é a ghearradh le rópa a tharraingt idir ladhracha na bó , arís, dheallródh sé go raibh Daid sásta le toradh oibre agus scile fhear an rásúir.

Ach ní raibh Daid fhéin gan scileanna, taobh amuigh ar fad de na leigheasanna a bhí scríofa síos ar leathanaigh bhána Dictionary an World Press sin, a bhí i bhfolach ar théastar na leapan.

Bhí dhá scil eile aige, ach go háirithe, agus ba bheag duine sa pharáiste a bhí inchurtha leis ag tógáil bó as díog, agus geallaimse dhuit é, go mba riachtanach, amach is amuigh , an scil chéanna sin im bhaile-se, an uair úd, mar bhí poill phortaigh, agus díoga doimhne, ró-fhlúirseach ar fad ann. Nuair a thiocfaí crauaidh ar chomharsa ar bith, agus nuair a raghadh bó leis i ndíog, chuirtí fios ar chabhair. Thógadh Daid spád agus rópa leis. Ansin dhéanaidis an díog a leathnú, agus dhéanaidís an rópa a oibriú isteach faoi bholg na bó. Agus ansin théidís ag obair, agus fear na bó fhéin faoin eireaball, agus ba ghearr go mbíodh an bhó bhocht ardaithe acu as an ndíog, nó as an bpoll portaigh ina raibh sí sáinnithe.

Thógaidís an bhó amach agus í ina líbín fliuch, salach, báite. Áthas ar gach éinne. An bhó á tiomáint abhaile. Ní fhaca mé cás riamh nár éirigh leo an bhó a ardú amach as an bpoll, cé go mbíodh sé dian go maith orthu, uaireannta.

.

gaGaeilge