Silíní Searbha

Peadar Bairéad

(“It’s not whether you win or lose, it’s how you play the game”)

Scores count too!

Caithfidh mé a admháil dhuit anois gur chuir mé fhéin suim inár gcluichí náisiúnta ó thús, nó is cuimhin liom bheith ag éisteacht le tráchtaireachtaí ar na cluichí céanna sin breis is seachtó bliain ó shoin, taobh amuigh de shiopa an Bhreathnaigh, ar Chnoc na Droime, in Iorras. Ach is féidir liom a rá, nach cuimhin liom cluiche ar bith de na cluichí sin uilig a bheith chomh corraitheach, greamaitheach, spéisiúil, le cluichí na bliana reatha seo, 2014, agus ní beag ná suarach an focal é sin. Ba mhaith liom bhur n-aire a dhíriú i dtosach, ar na cluichí Leathcheannais sa Pheil, Mhaigh Eo v Ciarraí, agus Áth Cliath v Dún na nGall. Ní go minic a d’fheicfeá cluichí a imríodh chomh dian, calma, fearúil, leis na cluichí sin, agus bíodh gur fágadh mám maith daoine díomách, croíbhriste, ina ndiaidh, ag an am gcéanna, fágadh mám maith eile gliondrach, éadromchroíoch.

Níl fúm tagairt a dhéanamh, san alt seo, do na cluichí iománaíochta a imríodh i mbliana, nó scríobh mé píosa anseo, cupla seachtain ó shoin faoin eipic iománaíochta úd, a imríodh idir Chill Chainnigh agus Luimneach, sa Chluiche Leathcheannais i gCraobh na hÉireann, agus d’dhéadfadh sé tarlú go scríobhfainn píosa eile, ar ball, faoi’n gcluiche atá le himirt fós, má fheictear dom, go bhfuil gá lena leithéid, ach idir an dá linn, ba mhaith liom labhairt go macánta faoin chaoi a dtéann na cluichí uilig seo i bhfeidhm orm fhéin.

Ar Chipíní!

Sul chaitear an sliotar, nó an chaid, isteach, le tús a chur leis an lascadh, is leis an leadradh, bím fhéin suite go deas socair os comhair an teilifíseáin agus mé ag fanacht go foighdeach le tús an chluiche. Ní gá a rá, go mbím ag súil go mbeidh an bua ag ceann áirithe de na foirne a bheidh páirteach sa choimeascar, ach chomh luath is a chuireann an moltóir tús leis an ngleáradh, tagann athrú mór ar mo dhearcadh ar an gcluiche céanna sin, nó in ionad bheith im iománaí neodrach ar an gclaí, ag baint taitnimh as scil agus clisteacht na himeartha, éiríonn mé leataobhach ar fad ar thaobh na foirne úd a roghnaigh mé. Chomh fada is a bhaineann sé liomsa, bíonn chuile shórt ag iarraidh mí-ádh agus díomua a tharraingt anuas ar m’fhoireann-sa! Fiú, ní éalaíonn an moltóir bocht fhéin saor ó cháineadh ach oiread. Tá sé an-deacair sásamh ceart a bhaint as cluiche agus mé i ngreim na mímhacántachta sin. Breathnaigh orm, agus mé suite ansin im chathaoir, mé ar chipíní, agus gan fonn ar bith orm Cothrom na Féinne a thabhairt d’éinne, taobh amuigh dem’ fhoireann tofa fhéin. Anois, tar éis tamaill, nuair a fheictear dom, nach bhfuilim ag baint taitnimh nó toit’ as an gcluiche, éiríonn liom, greim scóige a bhrieth orm fhéin, agus éiríonn liom ansin, iachall a chur orm fhéin breathnú ar chúrsaí go fuarciseach. Uaireannta ní tharlaíonn sin go dtí go mbíonn an cluiche thart, agus ansin, bíonn ar mo chumas scannán na cuimhne a ath-thochrais, agus ansin, agus teannas an chluiche scaoilte, bíonn ar mo chumas lán-taitneamh a bhaint as scileanna agus as cumas iontach na n-imreoirí. Ansin bainim taitneamh agus sásamh as an gcluiche corraitheach, taitneamhach, sin.

Bua nó Díomua?

Bhain mé taitneamh faoi leith as an gCluiche Leathcheannais sa Pheil idir Maigh Eo agus Ciarraí, i mbliana, ach nuair a bhí an cluiche faoi lántseoil, b’fhacthas dom go raibh leathchuma á dhéanamh ag an moltóir ar bhuachaillí Mhaigh Eo, agus go raibh feall i ndiaidh feille á dhéanamh orthu ag buachaillí na Ríochta, ach ansin, agus an cluiche thart, bhí ar mo chumas comhghairdeas a dhéanamh le foireann Chiarraí tar eis a mbua sa Chluiche Leathchainnais sin.

Le críoch a chur le hiarracht na seachtaine seo, ba mhaith liom a rá, go bhfuil an t-ádh dearg orainne sa tír seo go bhfuil Peileadóirí agus Iománaithe den scoth againn, lenár gcroí a thógáil, deireadh seachtaine i ndiaidh dheireadh seachtaine. Nár laga an Rí fhéin iad, agus gura seacht fearr a bheas siad uilig bliain ó inniu.

.

gaGaeilge