Síocháin nó Cogadh ?

Peadar Bairéad

(This week we take a look at….- War or Peace -)

Fís Ísáia Fáidh

Nárbh álainn go deo an fhís úd a bhí ag Ísáia, fáidh, fadó. Mhair sé i saol a bhí corraithe go maith, breis agus seacht gcéad bliain roimh Chríost, nuair a bhí cogaí, agus ráflaí cogaidh, chomh flúirseach le móin agus baol ón Aisire ag bagairt ar a chine ó lá go chéile. Ach chomh fada is a bhain sé leis an bhfís seo, fís a léiríodh dó trí thinfeadh an Spioraid Naoimh, fís inar gealladh go gcuirfeadh Dia saol síochánta ar fáil don chine daonna, ar ball :-

Tabharfaidh Sé a bhreith i measc na náisiún, agus eagróidh Sé réiteach idir na ciníocha, agus déanfaidh siad céachtaí iarainn as a gclaimhte, agus as a sleánna cumfaidh siad corráin bhearrtha. Ní thógfaidh náisiúin airm i gcoinne a chéile go deo arís, agus ní dhéanfaidh siad cogaíocht a fhoghlaim feasta go brách.

B’in mar a léiríodh ‘Útóipe Dé’ don bhfáidh Ísáia. Anois tá’s ag an saol mór nár fíoríodh fís sin Ísáia fós, ach mar adeir an seanfhocal, ‘Meileann muilte Dé go mall, ach meileann siad go mín’. Ionann sin is a rá, go gcaithfimid fanacht go dtí go dtarlóidh sé. Níl dabht ar domhan ach go bhfuil an fhís sin neadaithe i gcroí an daonnaí, agus bíodh go nglacann sé irt i dtroid agus i gcogadh, ag an am gcéanna, ina chroí istigh, is é a theastaíonn uaidh nó síocháin agus deireadh le troid is le cogaíocht, faoi mar a léirítear dúinn i bhfís úd Ísáia fáidh.

An bhfuil muid ag teacht cóngarach don lá beannaithe sin, an gceapann tú?

Beag an Baol!

Beag an baol! nó má bhreathnaíonn tú ar an saol faoi mar atá, thart orainn, i láthair na huaire seo, feicfidh tú nach bhfuil an croí daonna réidh fós d’fhíoradh na físe sin, agus fiú sna háiteanna úd ar deineadh réiteach agus síocháin iontu, níl ann ach go bhfuil na pobail sin ar chipíní fós ag iarraidh fanacht glan amach óna sean-naimhde, mar ní fonn barróige atá orthu ach fonn dul isteach agus a bhfaltanas a agairt orthu arís. Níl sé éasca an tsíocháin eatarthu a choinneáil, agus theipfeadh ar an iarracht, ach amháin go bhfuil baill áirithe den phobalsta a gcuid ama agus a ndúthracht a chaitheamh, ag iarraidh síocháin a chothú eatarthu. Níl le déanamh agat ach súil a chaitheamh thart ar na hionaid trioblóide, ó cheann ceann na cruinne, agus feicfidh tú nach bhfuil aon chosúlacht ar chúrsaí go bhfuil muid ag druidim cóngarach don saol Útóipeach úd a gheall Ísáia fáidh dúinn.

Scéilín

B’fhéidir nárbh olc an tseift í, scéilín as mo chleachtadh fhéin ar an saol, a insint anseo, le cuid eicínt den deacracht, a luaigh mé thuas, a léiriú. Nuair a bhí mé fhéin i mo ghasúr, eagraíodh olltoghchán na bhliana 1932. D’éirigh go seoigh le Poblachtaigh san olltoghchán sin, agus níor éirigh go ró-mhaith le leantóirí an tSaorsit. Go gairid i ndiaidh sin, bhailigh Poblachtaigh na dúiche, agus rinne siad máirseáil trí dhúiche leantóirí an tSaorstáit. ag caint ar an ‘Twalfth’, mar nach é an scéal céanna é, ar bhealach. Bhí slua mór acu ann, agus ceol, craic, agus béicíl, ar siúl acu. I ndáiríre ba cheiliúradh acusan é, agus fair play dhóibh, nach raibh bua bainte acu? Bhí comharsa amháin áfach, i measc leantoiri an tSaorsit, nach bhféadfadh ceiliúradh dá leithéid a fhulaingt, agus amach leis. Thug aghaidh ar an slua. Bhí Up Devanna ar siúl ag an slua, agus arsa mo dhuine, á bhfreagairt…Up Dev? adeir sibh, bhuel, sin an fear a chuirfidh an hata bán oraibh agus le sin, chaith se rud eicínt ina dtreo. Stad an ceol. Ar ball beag, stad an slua. Dúradh seo, agus dúradh siúd, ach ba é deireadh an scéil é nó gur ardaíodh an ceol arís, agus lean an mháirseáil gan a thuilleadh trioblóide. Roghnaigh siad síocháin in áit cogaidh.

.

.

gaGaeilge