Spiorad an Spóirt.

Nach iontach go deo é an sport, mar chaitheamh aimsire, mar thógáil anama, agus mar leigheas ar an ngalar dubhach. Nuair atá duine gafa i líon an spóirt, cuirtear a anam faoi gheasa, agus a chorp faoi dhraíocht, agus saortar a spiorad, ó bhuarthaí greamaitheacha an tsaoil anróitigh seo. Nach cuma, i ndáiríre, cén cineál cluiche atá idir chamáin againn, cluichí aonair nó cluichí foirne, chomh fada is a ghlacann an duine daonna fhéin páirt in imirt an chluiche sin, mar imreoir, nó mar dhuine den lucht féachana. Ní hé mo thuairim go mbíonn an tionchar céanna ag cluichí cartaí nó ag cluichí boird orainn, is a bhíonn ag na cluichí ina nglacann daoine daonna fhéin páirt iontu. B’fhéidir go gcuirfeá spéis i gcluiche cúig fichead, nó i gcluiche táiplise, ach ní chuirfeadh sé faoi gheasa thú, faoi mar a dhéanfadh cluiche iománaíochta, nó cluiche peile. I ndáiríre, is iad na cluichí foirne is mó a imríonn a ndraíocht orainn, go háirithe, ár gcluichí náisiúnta fhéin, nó labhrann siadsan le smior na gcnámh istigh ionainn, toisc gur chuid inmheánach, doscartha, dár n-anam iad. Mo chuidse de, bhain mé taitneamh nár bheag as cluichí a imirt le linn m’óige, bíodh anois nárbh aon saineolaí sna cúrsaí sin mé, ag an am gcéanna, níorbh aon iománaí ar an gclaí mé, ach oiread.

Mo Chuidse de .

Mar a d’inis mé dhaoibh go minic cheana, ba léann an tsagairt a cuireadh ormsa, agus dá bhrí sin, bhaintí úsáid as na cluichí le smacht a fháil ar ár gclaonta míchuibheasacha, agus le Cothrom na Féinne a chleachtadh, ar bhealach nádúrtha. Anois, bíodh nach i gcónaí a chuirfhinn na prionsabail úd, a d’fhoghlaim mé sa Chliarscoil, i bhfeidhm, ag an am gcéanna, sin iad na prionsabail a mbainim fhéin úsáid astu, mar shlat tomhais, agus mé ag iarraidh breith a thabhairt ar lucht spóirt an lae inniu. Ná síltear anois nach mbainim taitneamh agus spraoi as bheith ag breathnú ar chluichí á n-imirt, go háirithe na cluichí foirne, bíodh go mbíonn mo chroí sáite freisin i nGalf agus i Leadóg, cluichí a bhraitheann ar an nduine aonair, tríd is tríd.

Ach, b’fhéidir anois, go gcuirfeá ceist orm faoi chluichí an lae inniu, An mbainimse taitneamh astu? nó an gceapaim go ndéantar iad a imirt ar mhodh spóirtiúil, fearúil, nó banúil, de réir mar a oireann? An dtugtar Cothrom na Féinne d’imreoirí na gcluichí céanna sin?

Spórt faoi Láthair ?

Mar adeireadh an tseandream fadó, is fusa go mór ceist a chur ná ceist a fhreagairt, agus nach deacair an seanfhocal céanna a shárú? Ach má sea fhéin, caithfear tabhairt faoi na ceisteanna sin a fhreagairt go díreach, macánta.

Leis an gceist a fhreagairt i gceart, is dócha go mbeadh ar dhuine a rá, go bhfuil difir mhór idir na cluichí gairmiúla agus na cluichí amaitéaracha, nó glactar le caighdeán faoi leith sna cluichí gairmiúla, toisc nach ar son an spóirt amháin a imrítear na cluichí céanna sin. Is é bun agus barr na himeartha sin nó buachaint, ar ais, nó ar éigean. Sea, agus mura bhfuil bealach spóirtiúil le scór a stopadh, ansin glactar leis, go coitianta, go bhfuil sé ceadmhach, feall gairmiúil, mar a thugtar air, a dhéanamh. Má fheiceann an Réiteoir an feall sin, gearrfaidh sé pionós, de shaghas amháin, nó de shaghas eile, ar fhear déanta na coire, agus sin sin. Anois, sna cluichí Náisiúnta, amaitéaracha, toisc gur ar son an spóirt a imríonn na himreoirí, bítear ag súil le cineál eile caighdeáin ar fad iontusan, agus i gcás imreora a bhfuil fuadar scórála air, ní ghlactar leis go bhfuil sé ceadmhac feall gairmiúil a dhéanamh air. Ionann sin is a rá, mura bhfuil ar chumas an chosantóra, an t-imreoir sin a stopadh, de réir rialacha an spóirt, ansin, ba chóir dó scaoileadh leis, nó bhí bua imeartha faighte aige ar an gcosantóir sin. Sea, mh’anam, agus má stoptar an t-imreoir sin, go fealltach, ionann sin is a rá nár tugadh Cothrom na Féinne dó, agus murar tugadh, briseadh rialacha an spóirt, go hoscailte, agus go náireach, freisin.

Tá sin go breá, ach an mar sin a imrítear na cluichí amaitéaracha ar ár bpáirceanna imeartha, lá i ndiaidh lae, agus seachtain i ndiaidh seachtaine? Bíodh trí splaideog céille agat, a mhac! Nó cá raibh tú aimsir na súl? Nach bhfeiceann tú na buillí fill a thugtar don té a fhaigheann scór, mar fholáireamh dó, gan a leithéid a dhéanamh arís, agus nach bhfeiceann tú freisin, faoi mar a bhuailtear an t-imreoir maith, len é a cheansú, agus a smachtú. N’fheadar ar fhoghlaim ár n-imreoirí an iomarca ón bPeil Astráileach, agus ó iompar agus ó bhullaíocht na n-imreoirí céanna sin, ach arís, caithfear a thabhairt faoi deara, gur imreoirí gairmiúla iad an peileadóirí Astráileacha céanna sin.

Agus Tuige ?

Agus tuige? adéarfadh duine, b’fhéidir, tuige a tharlaíonn a leithéid?

Chuile thuige, nó imrítear na cluichí amaitéaracha anois faoi mar ba cluichí gairmiúla iad. Déantar diantraenáil ar na himreoirí amaitéaracha, sa lá atá inniu ann, agus bíonn siad cíocrach, díocasach, teanntaithe suas, le bua a bhreith ar a gcéilí imeartha ar an lá, ar ais, nó ar éigean. Breathnaigh ar na himreoirí seo sul má chaitear an chaid, nó an sliotar chucu isteach in aon chor, agus tuigfidh tú cad chuige a bhfuilim. Tá siad ansin sna píobáin ag a chéile, iad ag soncáil a chéile, ag imirt faltanais ar a chéile, ag brú, ag priocadh, ag bulaíocht, agus chuile chleas eile faoi luí na gréine á n-imirt acu, le léiriú dá gcéile imeartha, go bhfuil siad níos láidre, níos contúirtí, níos dainséirí, mar dhuine, ná eisean, cuma sa tsioc faoina mháistreacht ar scileanna an chluiche. Agus ní he sin amháin é, ach leanann an cineál sin iompair tríd an gcluiche ar fad, chuile iarracht á dhéanamh le bua a bhreith ar an bhfear eile, ní hamháin trí mháistreacht i scileanna na himeartha, ach trí bhealach ar bith eile, taobh istigh, nó taobh amuigh den mháistreacht chéanna sin, sea, agus nach beag an drugall a bhíonn ar imreoirí áirithe buille fill a bhualadh, amannta. Breathnaigh freisin ar iompar na mbuaiteoirí, i ndeireadh na himeartha thiar. Nach minic a chaitheann siad a ndúthracht ag déanamh comhghairdis lena chéile, in ionad comhbhrón a dhéanamh lena gcéilí imeartha. Anois, ná síltear go bhfuilim ag maíomh anseo, gur mar sin a tharlaíonan chuile bhabhta a theann foirne amaitéaracha ag imirt, nó ní mar sin atá, Bheadh ar dhuine ar bith a rá, go n-imríonn bunús na bhfoirne, agus na n-imreoirí, go fearúil, féaráilte, onórach, agus go léirionn siad meas agus ómós dá gcéilí imeartha, agus go gcraitheann siad lámh leo, go carthannach, cairdiúil, i ndiaidh an chluiche, ach nach ar an dream eile a dhírítear ár n-aird, go minic. Sea, agus mar bhuille scoir, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le lucht imeartha rugair, nó, bíodh go ndéanann siad a chéile a leathmharú i rith an chluiche, tagann siad le chéile, go cairdiúil, fearúil comharsanúil, ag deireadh an chluiche, agus tógann a leitheid mo chroíse, ach go háirithe.

Oscailt Súl !

Anois, b’fhéidir nach dtabharfadh éinne aird dá laghad ar alt mar seo, ag an am gcéanna, ba chóir dúinn uilig, caighdeán ár gcluichí a chur sa mheá, corruair. B’fhearrde go mór ár gcluichí a leithéid a dhéanamh go rialta!

.

****************

Peadar Bairéad.

****************

.

gaGaeilge