SPÓRT! adeir tú?

Peadar Bairéad

(This week we take another look at our understanding of sport)

Spórt agus Mamónna!

Is dócha, mo dhála fhéin, go gcaitheann tú roinnt áirithe ama os comhair an teilifiseáin na laethe seo, sea, agus na hoícheanta seo, freisin, ag breathnú ar na peileadóirí is fearr ar domhan, ag iomaíocht le chéile i gComórtas Chorn an Domhain. Níl dabht ar bith ach go mbeadh sé deacair, nó do-dhéanta, fiú, a chomhaith de sheó a fháil áit ar bith ar domhan, na laethe seo. Ní hionann sin is a rá gur féidir linn breathnú air mar eiseamláir do lucht spóirt an tsaoil mhóir. Bheadh duine ag súil, go bhféadfaí a rá leis an aos-óg go bhféadfaidís aithris a dhéanamh ar iompar na bpeileadóirí sin, ach bheadh dul amú orainn a leithéid a mholadh dóibh, nó is suarach, díoltasach, iompar roinnt áirithe de pheileadóirí an chomórtais, fiú, nár bhain imreoir amháin greim fiacla as peileadóir eile agus an bheirt acu ag iarraidh buntáiste a bhreith ar a chéile imeartha. Bhí cuid eile den iompar a léiríodh le linn na himeartha, bhí sé míchuibhiúil, meirgeach, tútach. Léirigh cuid áirithe de na himreoirí go raibh siad confach, taghdach.

Daoine Uaisle

Ní gá a rá, gur cheap mé fhéin, nós a lán eile, go mba dhaoine uaisle chuile mhac a pheata acu, agus fear spóirt lena chois sin, ach nach orm a bhí an breall nuair a chonaic mé na himreoirí trodacha a sheas an fód dá dtír is dá bpobal, ach nach ‘in an saol agat, agus nach ndeirtear fúthu go mbítear ag súil go n-imreoidís go fearúil, misniúil, ar fhaiche na himeartha. Sea, agus lena cois sin, is inreoirí gairmiúla iad. Bíodh sin mar atá, ach baineadh stangadh asamsa oíche amháin, nuair a bhí saineolaithe sna cúrsaí sin ag cur iompar na bpeileadóirí trí chéile. Ag pointe áirithe, labhair fear amháin acu faoi pheileadóir iontach, peileadóir ar ceapadh nach raibh a shárú le fáil. Peileadóir maith é, gan amhras ar bith, ach is í an cheist atá agamsa arsa mo dhuine, nó an mbeadh sé réidh lena mhamó a mharú ar mhaithe le bua a bhaint. Níl a fhios sin agamsa, arsa an fear eile, agus i ndáiríre, ní bheinn ag súil go mbeadh sé sásta a mhamó a mharú, nó tá sé an-cheanúil ar a mhamó. Bhuel, arsa an saineolaí eile, ní chuige sin atá mé, in aon chor, nó ní bheinn fhéin ag súil go maireodh sé a mhamó, nó a dhaideo, ach oiread, ach is é atá á mhaíomh agam nó nach ligfeadh sár-pheileadóir do chonstaic ar bith teacht idir é fhéin agus bua a fháil sa chluiche, sea, ní bheadh a mhamó fhéin sábháilte dá dtiocfadh sí sa bhealach air agus é ag déanamh ar an gcúl, leis an scór bhuaite a chur idir an dá chuaille.

B’in an chéad uair riamh, Dia idir sinn is an anachain, a chuala mé go mbeadh críoch dá leithéid i ndán do mhamó ar bith! Tá mé ag ceapadh, nach gcuirfidh na mamónna céanna fáilte ar bith feasta roimh Chomórtas Chorn an Domhain, mura n-athraíonn siad a mbéasa is a stíl imeartha!

Plaic bainte

Chuala mé, anois beag, gur gearradh pionós sách trom ar an bhfear úd a bhain greim fiacla as an Eadáileach bocht. Táid ann adéarfadh, go raibh a leithéid tuillte, agus tuillte go maith aige, ach, ag an am gcéanna, nach mbeadh trua agat dó freisin? nó níl ann ach duine daonna, a rinne beart amaideach, mí-chomharsanúil. Nach mór an feall é, nach bhfuil ar a chumas srian a chur ar an bhfonn mínádúrtha sin atá air plaic a bhaint as a chéile imeartha. Bíodh sin mar atá, ach mura bhfuil sé ábalta sin a dhéanamh as a stuaim fhéin, bhuel, ansin, tá dualgas ar an eagraíocht fios a bhéas a mhúineadh dó, trí phionós dá leithéid a ghearradh air. Agus sin uilig ráite admhaithe, caithfear a admháil, go bhfuil peileadóirí eile ansin ar chóir an cleas céanna a imirt orthusan.

Tá súil agam, go bhfuil ceannairí Chumann Lúthchleas Gael ag smaoineamh ar iompar ár n-imreoirí fhéin, agus má tá ceachtanna le foghlaim acu ón iompar céanna sin, bhuel, bíodh acu. Táthar ann adeir, go bhfuil sé thar am acu il a chaitheamh ar chuid de rialacha ár gcluichí .

.

.

.

.

gaGaeilge