I mBéal an Phobail

.

(Athfhoilsiú ar phíosa a scríobh mé anseo, píosa maith ó shoin, le léiriú, gur beag athrú a tháinig ar thuiscint daoine ar “Fair Play” san idirlinn…..B’fhéidir freisin, nárbh olc an smaoineamh é, súil a chaitheamh ar iompar na n-imreoirí gairmiúla, agus a dtuiscint siúd ar na rialacha, a chuireann Cothrom na Féinne in áirithe dá gcéilí imeartha)

Peadar Bairéad

.

Sport! “How Are yeh ?”

Istigh sa chistin a bhí mé nuair ba bheag nár tógadh den chathaoir mé le raic amuigh ag an doras tosaigh. Sea! ár seanchara, Séimí an Droichid, ‘sé a bhí ann. Thuig mé láithreach go raibh scéal mór eicínt ag dó na geirbe ag Séimí bocht s’againne.

“Do chéad fáilte isteach, a Shéimí.” arsa mé fhéin, “Tar isteach agus suigh síos ansin, go bhfaighe mé braoinín uisce as an gcuinneog dhuit.”

“Nár laga an Rí fhéin thú, tógfaidh mé oiread na fríde den uisce céanna sin.” Thóg Séimí na mire an ghloine, a raibh taoscán maith den stuif chrua inti agus lig le fána é.

That game again!

“Aon scéal nua agat?” arsa mé fhéin

Nach bhfuil a fhios ag an saol Fodlach nach bhfuil ach scéal amháin i mbéal gach éinne, an lá beannaithe seo.”

“Agus cé’n scéal é fhéin?” arsa mise.

“An é nach raibh tú ag breathnú ar an dara cluiche peile sa tSraith Idirnáisiúnta idir na hAstrálaigh agus na hÉireannaigh?”

Ar an drochuair, tharla go raibh.

“Agus an é nár thaitin an cluiche céanna sin leat, a Shéimí?”

“Conas a thaitneodh a leithéid de scliúchas le fear spóirt ar bith?”

“Ach a Shéimí, ní raibh ann ach piosa spóirt, níor maraíodh éinne, agus bhí roinnt mhaith peile, den scoth, le feiceáil sa chluiche céanna sin.”

“Píosa spóirt! an ea? Nach bhfuil a fhios ag an saol go dtógann spórt an croí, agus go dtugann sé seal faoisimh agus caitheamh aimsire don lucht féachana, ach, chomh fada is a bhaineann sé liomsa, tá teorainn chaol, chinnte, idir spórt agus troid nó cogaíocht, agus dár liomsa, chuaigh na hAstrálaigh de rúid, thar an teorainn chéanna sin, sa chaoi nach raibh sa seó ar fad ach ainm cluiche, a thug deis dóibhsean srian a ligean lena meon bagrach, trodach. Sea, b’fhéidir nár maraíodh éinne, ach nach raibh an baol ann i gcónaí go dtarlódh a leithéid?”

You didn’t like it then?

“ Agus an bhfuil tú ag rá liom nár thaitin an cluiche sin in aon chor leat?”

Tá! Chomh fada is a bhain sé liomsa, is amhlaidh a chuir an cluiche céanna sin déistean, fearg, agus náire orm.”

“Ach, a Shéimí, nach raibh scileanna iontacha peile ag na hAstrálaigh chéanna sin?”

“D’aontóinn leat sa mhéid sin, agus de bharr na scile céanna sin, ní raibh gá ar bith leis an bhfearg, nó leis an dímheas a léirigh siad dá gcéilí imeartha.”

“Fan ort nóiméad amháin ansin, a Shéimí, ach nach bhfeicfeá an cineál céanna ionsaithe á ndéanamh ar imreoirí i bpáirceanna imeartha, anseo i dtír bhán na hÉireann freisin?”

I said it all before!

Bhuel, sin agat cuid den phíosa a scríobh mé anseo, tamall ó shoin anois, tar éis do na hAstrálaigh imreoirí na hÉireann a leadradh is a leonadh, ar mhaithe le bua a fháil orthu.Tá súil agam áfach, go mbainfear leas as an mí-iompar sin anois, le srian a chur feasta, leis an mbullaíocht, agus leis an imeaglú, atá tar éis sleamhnú isteach inár gcluichí Gaelacha fhéin le scathamh, faoi mar ba iompar inghlactha i gcúrsaí spóirt é. Níor chóir dúinn deis buaite, nó buailte, a thabhairt riamh don bhullaí, nó is duine é nach dtuigeann céard is spórt ann. Tá súil agam freisin, go mbeifear sásta, agus ábalta, srian a choinneáil ar bhullaíocht agus ar imeaglú i Sraith Chluichí Idirnáisiúnta na bliana seo, a imreofar anseo in Éirinn, in eireaball na bliana seo, agus tá súil agam, go mbainfear taitneamh, agus sásamh, as bheith á n-imirt agus as bheith ag breathnú orthu, freisin.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge