Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge 1

.

Peadar Bairéad

.

(This week we take a look at “Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030” – a seoladh in eireaball na bliana 2010, le beannacht traspháirtíoch, agus le gártha buabhaill. – as we recall what was written then, in this column, concerning same.)

Dea-scéal ó Dhia chugainn!

“Dea-scéal ó Dhia chugainn, faoi mar adeireadh an tseandream fadó. B’in iad na focail a rith liom, tráth chuala mé faoi Straitéis nua seo an Rialtais s’againne. Is fearr go deireanach ná go deo, adéarfadh duine b’fhéidir, nó bíodh go bhfuil na Rialtais s’againne ag útamáil le cúrsaí na hathbheochana le tarraingt ar cheithre scór bliain anois, ní fhéadfadh duine ar bith a mhaíomh, gur éirigh le hiarracht ar bith acu deireadh a chur le cúlú na teanga i rith an achair chéanna sin. Is fíor freisin, gur tuigeadh, blianta fada roimhe sin, go raibh an Ghaeilge i mbaol a báis, agus go raibh gá le holliarracht ón náisiún seo leis an mbaol sin a mhaolú. Nach iomaí iarracht a deineadh, nach iomaí coimisiún a cuireadh i mbun taighde, agus nach iomaí páipéar bán agus páipéar glas a foilsíodh, d’fhonn an gnó sin a chur i gcrích, ach bheadh sé deacair ag duine ar bith a mhaíomh, gur éirigh le hiarracht ar bith dár deineadh, talamh slán a dhéanamh de shlánú na teanga s’againne, go nuige seo.

.

Nach mithid?

Tuigeadh dúinn áfach, go raibh an Rialtas meáite, le tamall anuas, ar iarracht amháin eile a dhéanamh leis an dteanga a shlánú, agus uimhir na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú ó thart ar 83,000, faoi mar atá i láthair na huaire seo,( i 2010) go 250,000, ag deireadh thréimhse fiche bliain (i 2030). Is fearr déanach ná go deo, adéarfadh duine b’fhéidir, agus más maith fhéin, nach míle mithid? Ba chóir a thabhairt faoi deara freisin, an bláthú as cuimse a tháinig, ar litríocht na Gaeilge, agus ar chineálacha eile ealaíon trí mheán na Gaeilge, le tamall de bhlianta anuas.”

.

Aon dul chun cinn déanta san idirlinn?

Bhuel! tá geall le cúig bliana caite anois ó seoladh an “Straitéis Fiche Bliain” úd, agus nach bhfuil sé tar am againn anois, breathnú ar chúrsaí, féachaint an bhfuil aon dul chun cinn déanta againn i réalú pholasaí na Straitéise céanna sin. Bheadh duine ag súil anois go mbeadh fonn ar an Rialtas a ndul chun cinn sna cúrsaí céanna sin a fhógairt os ard, le gártha buabhaill, fiú, dá mbeadh aon cheo suntasach curtha i gcrích acu san idirlinn. Bheadh duine ag súil freisin, go mbeadh fonn ar na hEagraíochtaí Gaeilge, maraon leis na hIrisí Gaeilge, aon dul chun cinn, nó a mhalairt, a deineadh, a chur i mbéal an phobail, leis an bpobal a mhisniú le dul i gcionn mhisin na Straitéise le fonn agus le flosc sna blianta atá fágtha fós den bhfiche bliain úd a luaitear sa Straitéis Fiche Bliain.

.

Ar an Méar Fhada?

“B’fhéidir go bhfuil corrdhuine inár measc adéarfadh gur trua nár shocraigh siad (sé sin an Rialtas a bhí i gcumhacht sa bhliain úd 2010) ar an Straitéis chéanna sin blianta ó shoin, nuair a bheadh deis eicínt acu an Straitéis sin a chur i gcrích go hoifigiúil, in ionad é a dhéanamh anois, nuair nach bhfuil fágtha acu sa diallait ach thart ar mhí amháin? Agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, nuair atá príomhailtirí an Rialtais nua meáite ar ábhar deonach a dhéanamh den Ghaeilge san Ard Teistiméireacht, feasta! Cuir le sin ar fad, an scéal a chuala mé, ar na mallaibh, go raibh socruithe déanta ag an Rialtas gearradh siar ar an méid airgid a chuirfí ar fáil d’obair na Gaeilge feasta, agus tuigfidh tú an fáth a bhfuil lagmhisneach orm i dtaobh na Straitéise Fiche Bliain seo.”

.

…..Tuilleadh le teacht, an tseachtain seo chugainn…..

.

gaGaeilge