I mBéal an Phobail

.

Straitéis fiche bliain don Gaeilge

Peadar Bairéad

.

(This week we take a look at – “Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030” – a seoladh in eireaball na bliana 2010, le beannacht traspháirtíoch, agus le gártha buabhaill. – as we recall what was written then, in this column, concerning same.)

Deascéal ó Dhia chugainn!

Dea-scéal ó Dhia chugainn, faoi mar adeireadh an tseandream fadó. B’in iad na focail a rith liom, tráth chuala mé faoi Straitéis nua seo an Rialtais s’againne. Is fearr go deireanach ná go deo, adéarfadh duine b’fhéidir, nó bíodh go bhfuil na Rialtais s’againne ag útamáil le cúrsaí na hathbheochana le tarraingt ar cheithre scór bliain anois, ní fhéadfadh duine ar bith a mhaíomh, gur éirigh le hiarracht ar bith acu deireadh a chur le cúlú na teanga i rith an achair chéanna sin. Is fíor freisin, gur tuigeadh, blianta fada roimhe sin, go raibh an Ghaeilge i mbaol a báis, agus go raibh gá le holliarracht an náisiúin leis an mbaol sin a mhaolú. Nach iomaí iarracht a deineadh, nach iomaí coimisiún a cuireadh i mbun taighde, agus nach iomaí páipéar bán agus páipéar glas a foilsíodh, d’fhonn an gnó sin a chur i gcrích, ach bheadh sé deacair ag duine ar bith a mhaíomh, gur éirigh le hiarracht ar bith dár deineadh, talamh slán a dhéanamh de shlánú na teanga s’againne, go nuige seo.

Nach mithid?

Tuigeadh dúinn áfach, go raibh an Rialtas meáite, le tamall anuas, ar iarracht amháin eile a dhéanamh leis an dteanga a shlánú, agus uimhir na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú ó thart ar 83,000, faoi mar atá i láthair na huaire seo, go 250,000, ag deireadh thréimhse fiche bliain. Is fearr déanach ná go deo, adéarfadh duine b’fhéidir, agus más maith fhéin, nach míle mithid? Ba chóir a thabhairt faoi deara freisin, an bláthú as cuimse a tháinig, ar litríocht na Gaeilge, agus ar chineálacha eile ealaíon trí mheán na Gaeilge, le tamall de bhlianta anuas,

Aon dul chun cinn déanta san idirlinn

Bhuel! tá geall le cúig bliana caite anois ó seoladh an “Straitéis Fiche Bliain” úd, agus nach bhfuil sé tar am againn anois, breathnú ar chúrsaí, féachaint an bhfuil aon dul chun cinn déanta againn i réalú pholasaí na Straitéise céanna sin. Bheadh duine ag súil anois go mbeadh fonn ar an Rialtas a ndul chun cinn sna cúrsaí céanna sin a fhógairt os ard, le gártha buabhailll, fiú, dá mbeadh aon cheo suntasach curtha i gcrích acu san idirlinn. Bheadh duine ag súil freisin, go mbeadh fonn ar na hEagraíochtaí Gaeilge, maraon leis na hIrisí Gaeilge, aon dul chun cinn, nó a mhalairt, a deineadh, a chur i mbéal an phobail, leis an bpobal a mhisniú le dul i gcionn mhisin na Straitéise le fonn agus le flosc sna blianta atá fágtha fós den bhfiche bliain úd a luaitear san Straitéis Fiche Bliain.

.

B’fhéidir go bhfuil corrdhuine inár measc adéarfadh gur trua nár shocraigh siad (se sin an Rialtas a bhi i gcumhacht sa bhliain ud 2010) ar an Straitéis chéanna sin blianta ó shoin, nuair a bheadh deis eicínt acu an Straitéis sin a chur i gcrích go hoifigiúil, in ionad é a dhéanamh anois, nuair nach bhfuil fágtha acu sa diallait ach thart ar mhí amháin? Agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, nuair atá príomhailtirí an Rialtais nua meáite, ar ábhar deonach a dhéanamh den Ghaeilge san Ard Teistiméireacht, feasta! Cuir le sin ar fad, an scéal a chuala mé, ar na mallaibh, go raibh socruithe déanta ag an Rialtas gearradh siar ar an méid airgid a chuirfí ar fáil d’obair na Gaeilge feasta, agus tuigfidh tú an fáth a bhfuil lagmhisneach orm i dtaobh na Straitéise Fiche Bliain seo.

A thóin leis!

D’fhágfadh cinnidh dá leithéid an Plean Fiche Bliain sin agus a thóin leis. Ach sin uilig ráite, admhaithe, caithfear a rá, gur fearr ann ná as é, agus má thugtar aird air, bhuel, déarfainn go mbeidh toradh céatach air.

Níl le déanamh agat ach stracfhéachaint a thabhairt ar an doiciméad fhéin le sin a thabhairt faoi deara. Tosaíonn sá le cur síos ar an bhfís atá taobh thiar den bplean seo. “An Fhís” a bhaistear ar an gcaibidil seo, agus déantar cur síos ann, ar an straitéis fhéin agus an gá atá lei. Dearbhaíonn sé i dtús báire, go maireann ár dteanga beo mar theanga phobail, agus mar theanga theaghlaigh, agus chomh maith le sin, go bhfuil eolas na teanga chéanna sin ag céatadán ard dár ndaonra, cé go bhfuil a lán talamh caillte aice leis na céadta bliain. Is é polasaí an Rialtais, mar sin, nó a chinntiú go mbeadh an oiread agus is féidir dár ndaoine dhátheangach, i nGaeilge agus i mBéarla, ach, chomh maith le sin, tuigtear an gá atá le slánú, le forbairt, agus le leathnú, na Gaeltachta, nó ní bheadh an dátheangachas inshroichte, nó inmharthana, go fadtéarmach, mura mbeadh Gaeltacht bheo ar an bhfód, mar nach droichead é an dátheangachas idir dhá theanga éagsúla?

Teanga labhartha

Chomh maith le sin, is é polasaí an Rialtais nó cur le méid na dteaghlach a bhaineann úsáid as an nGaeilge mar theanga chumarsáide laethúil, agus mar thaca do na polasaithe sin, féachfar chuige, chomh fada agus is féidir, go mbeidh deis ag chuile shaoránach úsáid a bhaint as a rogha den dá theanga, ina theangmháil leis an bpobal, agus le seirbhísí an Stáit freisin. Tá caint freisin ar an dteanga a dhéanamh níos infheicthe sa tsochaí, mar theanga labhartha ag ár gcuid saoránach, mar aon le bheith le feiceáil ar chomharthaí, agus i litríocht. Dearbhaítear freisin, go gcoinneofar súil ghéar ar dhán na teanga i dTuaisceart Éireann, nó is toradh nádúrtha é sin ar na socruithe idirnáisiúnta a ceangladh idir an dá chuid dár dtír, ar na mallaibh.

“An dá arm aigne”

Tá líofacht sa Bhéarla tábhachtach freisin i saol an náisiúin seo, agus chuige sin, agus dá bharr sin, leanfar ar bhéim a leagan ar an dátheangachas, ach amháin a thuiscint, nach i gcónaí a d’oirfeadh polasaí dá leithéid do na ceantracha Gaeltachta. Ach sin uilig ráite, admhaítear go mbraitheann todhchaí na teanga ar dhaoine a roghnóidh, go cinnte, ar leas a bhaint as na deiseanna a chuirfidh an Rialtas ar fáil dóibh, tríd an Straitéis seo.

Ní gá a dhearbhú anseo, go mbunaítear an straitéis uilig seo ar an méid a dlitear i mBunreaht Éireann, in Airteagal 8…”Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í”. Níor chóir dearmad a dhéanamh de sin, nó is cinnte go seasann stádas dlithiúil na teanga náisiúnta, go huile is go hiomlán, ar a bhfuil reachtaithe ansin i mBunreacht Éireann.

Spriocanna cinnte

Tá mé cinnte, go mbeidh an-toradh ar an Straitéis Fiche Bliain seo, ach ag an am gcéanna, bheadh duine ag súil go leagfaí síos an dátheangachas mar sprioc do Dháil Éireann freisin, sa chaoi is go mbeifí ag súil go sroichfeadh obair an Oireachtais spriocanna cinnte, chomh maith le duine. Rud eile a mbeifí ag súil leis, nó go leagfaí síos spriocanna áirithe do thréimhsí áirithe i rith an scór bliain sin. Ní leor go ndéarfadh an Rialtas go ngríosfaí an pobal le seo, siúd, agus eile, a dhéanamh, agus gan am faoi leith a lua, le seo, siúd, nó eile, a thabhairt chun críche. Féach mar a leagann an IMF spriocanna áirithe síos i gcás aisíoc na n-iasachtaí a thug siad don Rialtas s’againne, ní hé sin amháin é, ach tá socraithe acu teacht chugainn chuile mhí, le féachaint chuige, go mbeadh na spriocanna sin sroichte againn. Sin an cineál ruda atá i gceist agam sa chomhthéacs seo freisin. Ach sin uilig ráite, caithfear an t-ath a mholadh mar a fhaightear. Leor nod don eolach!

.

.

.

.

gaGaeilge