Patterson chugainn arís

.

“Suzanne’s Diary for Nicholas”

úrscéal le  James Patterson

.

Faoi mar a fheiceann sibh, is leabhar eile le James Patterson é seo. Agus ó tharla gur mar sin atá, bheifeá ag súil le scéal lorgaireachta, nó le scéal eicínt dá leithéid uaidh. Anois, caithfidh mé a admháil, nach leabhar nua, amach is amuigh, é an leabhar seo, nó ba sa bhliain 2001 a cuireadh i gcló é, a chéaduair, ach tá sé chomh difriúil sin leis na leabhair eile ón údar cáiliúil, ildánach seo, go gceapá, ar an gcéad dul síos, go mba shaothar údair eile ar fad a bheadh idir chamáin agat. Ní hé seo an chéad leabhar le James Patterson ar dhein mé píosa a scríobh faoi, sa cholún seo, nó b’fhéidir gur chuimhin leat píosaí a léamh anseo, faoi leabhair eile dá chuid, leabhair cosúil le The Beach House, The Big Bad Wolf, Four Blind Mice, The Lake House, agus The Jester. Leabhair den chéad scoth, chuile cheann acu sin, agus chuile cheann acu ag cur síos ar fhoshaol cruálach na coirpeachta, ach sa leabhar seo, léiríonn an t-údar go bhfuil ar a chumas scríobh faoi chineál eile ar fad ábhair, agus faoi chineál ar fad eile saoil, nó sa leabhar seo, níl gadaí nó robálaí, coirpeach nó dúnmharfóir, le feiceál againn, ó thús deireadh an scéil. Ar an dtaobh eile den scéal, is é atá idir chamáin aige nó, grá agus suirí, brón agus briseadh croí.

An Scéal agus an Dialann

Ach, céard faoin scéal féin, an ea?

Tosaíonn an scéal seo le Katie Wilkinson, agus í ina suí ina dabhach folctha ag léamh dialainne. Ag pointe áirithe, d’fhág sí an dialann ar leataobh, agus í buartha, cráite, faoinar léigh sí sa dialann chéanna sin…..

“She lowered her head as she finished reading the diary. her body shivered, and she set the leather-bound book on the wooden stool beside the tub.

Then she started to sob, and Katie saw that her hands were shaking. She was losing it, and she didn’t lose it often.”

Cén fáth, mar sin, ar chorraigh an méid a léigh sí sa dialann sin chomh mór sin í? Toisc nárbh aon ghnáth dhialann í “Suzanne’s Diary for Nicholas”. Níorbh ea, in aon chor. D’fhéadfadh Katie Suzanne a shamhlú ag cur fúithi ina teach fhéin ag Beach Road i Martha’s Vineyard, d’fhéadfadh sí a maicín gormshúileach óg a shamhlú freisin, agus ar deireadh thiar, céard faoi Matt, athair Nicholas, agus fear céile Suzanne? Nárbh é an Matt céanna sin a hiarleannán dílis fhéin, a bhí tar éis í a thréigint tamall gearr roimhe sin? Ba phríomheagarthóir le Comhlacht mór foilsitheoireachta í Katie, agus ba fhile, agus scríbhneoir é Matt, agus ba é sin a chuir i mbealach a chéile iad, a chéaduair. D’éirigh thar barr leo ar feadh tarraingt ar bhliain, agus bhí Katie cinnte go gcuirfeadh sé ceiliúr pósta uirthi, ar ball, ach ansin, faoi mar a bhuailfeá do dhá bhois ar a chéile, bhí Matt glanta leis as a saol, agus Katie fágtha ar an mblár folamh, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, bhí sí ag iompar, ag an am sin.

Beart gan Choinne

Lá amháin, nuair a chuaigh sí thar nais chuig a hárasán, fuair sí beart beag fágtha taobh amuigh dá doras,

Do bharúil céard a bhí ann?

An ceart agat, bhí ann “Suzanne’s Diary for Nicholas”.

Cé d’fhág ansin é?

Ceart arís! Ba é Matt fhéin a d’fhág ansin é.

Ach céard a bhí le léamh ag Katie sa Dialann ait sin?

Bhuel, bhí ann, cuntas a scríobh Suzanne dá mac óg, Nicholas, cuntas ar chuile shórt a bhain le saol Suzanne fhéin agus lena fear céile Matt, sa chaoi go mbeadh ar chumas Nicholas, nuair a bheadh sé fásta suas, chuile shórt a fháil amach faoina mháthair agus faoina athair, agus faoin gcineál saoil a chaitheadar i bhfochair a chéile i Martha’s Vineyard, nuair a bhí seisean ag fás suas. B’fhéidir go raibh cúis eile le scríobh na dialainne sin freisin, nó bhí a fhios ag Suzanne, ar dhochtúir í, bhí a fhios aici go raibh seans ann nach mbeadh sí fadsaolach, agus dá bhrí sin, nach mbeadh sí fhéin sa timpeall leis na cúrsaí sin, faoi laethe a óige, a mhíniú dó, nuair a bheadh sé fásta suas.

Tuige ar tugadh an Dialann do Katie?

Ach, an cheist is tábhachtaí ar fad, Tuige ar thug Matt an Dialann sin do Katie Wilkinson?

Bhuel, is dócha nach raibh ar chumas Mhatt cur síos ar chúrsaí a shaoil le Suzanne agus le Nicholas, agus nach bhféadfadh sé labhairt fiú, le Katie, faoi na cúrsaí croíbhristeacha sin, agus b’in an fáth ar thug sé an Dialann sin di, sa chaoi go bhféadfadh sise chuile eolas a bhailiú, di fhéin, as an dialann neamhghnách sin.

Sin agat, má sea, cnámharlach an scéil seo, agus ar an gcnámharlach sin, togann an t-údar seo, James Patterson, tógann sé a scéal grá. Tríd an scéal seo, feiceann muid Katie agus í ag léamh sleachta as an Dialann, agus sin mar a leagann an t-údar scéal Suzanne agus Matt os ár gcomhair amach.

Ar mhair Suzanne?

Tuige ar thug Matt an Dialann do Katie, nó níor di a scríobhadh í?

Ar tharla tada do Nicholas fhéin?

Nó ar éirigh le Katie agus Matt éirí mór le chéile athuair?

Fútsa atá sé

Bhuel, ba bhreá liom freagraí na gceisteanna sin a thabhairt daoibh, ach, dá ndéanfainn, bheadh an baol ann, go millfinn an scéal oraibhse, agus nach mbeadh fonn oraibh an leabhar fhéin a fháil agus a léamh. Mar sin, fágfaidh mé fúibh fhéin é freagraí na gceisteanna sin a fháil amach daoibh fhéin, nó ba bhreá liom dá léifeadh sibh an scéal seo, le comórtas a dhéanamh idir an scéal seo agus scéalta eile an údair chéanna seo, leis an difir ollmhór atá eatarthu a thabhairt faoi deara. Ní hionann sin is a rá, nach bhfuil an leabhar seo inchurtha le ceann ar bith de na leabhair mhór-ráchairte eile, a scríobh an t-údar seo, go nuige seo.

.

gaGaeilge