T a l b o t v T a l b o t ( 1 8 5 6 .)

.

********************************

.

My Dream of You………………………………………………………………………2001.

le

Nuala O’Faolain……………………………………………………………….£12.99 (€16.49)

.

*****************************************

.

Ní gá dhom a rá, gur bhain Nuala Ó Faoláin clú agus cáil amach di fhéin lena dírbheathaisnéis, “Are You Somebody?” nó tá a fhios sin ag madraí an bhaile fhéin, faoin am seo. D’fhan an leabhar céanna sin ar bharr liosta na leabhar mór-ráchairte, anseo in Éirinn, ar feadh sé sheachtain is fiche, agus d’fhan ar liosta na ndeich leabhar ab fhearr, ar an New York Times, ar feadh ceithre mhí, agus tar éis di an t-éacht sin a dhéanamh, seo anois í, agus a céad úrscéal ag sciobadh na craoibhe leis, i bhfad agus i ngearr. Geallaimse dhuit é, gur beag údar a bhaineann clú agus cáil amach chomh sciobtha sin. Anois, caithfidh mé a admháil, ag an bpointe seo, nár léigh mé fhéin an chéad leabhar sin uaithi, an dírbheathaisnéis, “Are You Somebody?” agus ba de thaisme a tháinig mé trasna ar an dara leabhar seo, “My dream of You,” agus ó tharla go raibh an oiread sin cainte faoin gcéad leabhar, shocraigh mé ar thriall a bhaint as an dara ceann! Ní raibh aiféala ar bith orm gur dhein, nó caithfidh mé a rá, gur bhain mé taitneamh nár bheag as léamh an leabhair chéanna sin. Leabhar sách mór atá ann, nó tá 447 leathanach le fáil idir a chlúdaigh istigh. De ghnáth, bheadh leabhar den fhaid sin ró-fhada domsa, ach eisceacht ba ea an ceann seo. Ach, nár chóir dom iompu ar an leabhar fhéin anois?

.

Ar bhealach, cheapfá gur dírbheathaisnéis eile atá anseo againn, nó insíonn an príomhcharachtar a scéal dúinn, agus ag an am gcéanna, í ag déanamh chuile iarracht ar fhadhb Talbot v Talbot a scaoileadh. Téann sí ó cheann go ceann den dá ábhar sin, go réidh, nádúrtha, inchreidte. Caitlín, an t-ainm atá ar an bpríomhcharachtar seo, Caitlín de Búrca, nó Kathleen Bourke. Rugadh in Éirinn í, ach níor ró-gheal a bhí ag éirí lena clann abhus, agus ba bheag grá a teaspáineadh do Chaitlín, nó do bhaill eile na clainne sin. Ba é toradh a bhí ar sin, nó gur thug Caitlín Sasana uirthi fhéin, le linn a hóige, agus le linn di bheith ansin, casadh Hugo uirthi, agus chuaigh sí in éintíos leis, fad is a bhí sise ag staidéar le bheith ina hiriseoir, agus bhí Hugo, ag an am gcéanna, ag gabháil don dlí, agus ag staidéar ceird na hiriseoireachta freisin. De réir cosúlachata, ní raibh an oiread sin grá i gceist i cibé gaol a bhí eatarthusan, ach oiread, nó má bhí, ní raibh sé buan. Ar aon chuma, ba le linn na tréimhse sin a chaitheadar i bhfochair a chéile, a thug Hugo fótachóip de chúis cholscartha, a leagadh os comhair Theach na dTiarnaí, i Sasana, sa bhliain 1856, ina raibh “Mr Talbot of Talbot House in Ireland” ag iarraidh ar an Teach sin colscaradh a thabhairt dó óna bhean, Marianne, toisc gur dhein sí adhaltranas le fear oibre ar Eastát an Talbóidigh, fear dárb ainm dó William Mullan. Chuir Caitlín suim, agus dhá shuim, sa chúis sin, agus choinnigh sí i ngiorracht fhad láimhe di é, go ceann i bhfad ina dhiaidh sin.

“ kept the pages of the Talbot Judgement safe, and even before I read the whole thing properly, I could always have put my hand on it in the dark.”

Tugann sí an t-eolas sin go léir dúinn sa Réamhrá, nó is dócha go bhfuil dúshraith an scéil le fáil sa mhéid a thugann sí dúinn sa “Prologue” céanna sin.

Mar adúradh thuas, d’fhág Caitlín an tír seo agus í an-óg fós. B’as Kilcrennan di, áit a raibh cónaí uirthi, i Shore Road, giota taobh amuigh den bhaile sin. Tar éis di tamall a chaitheamh i Sasana, d’éirigh idir í fhéin agus Hugo, agus fágadh lei fhéin í. Tháinig a cara, Caroline, ábhar múinteora, i gcabhair uirhi áfach, agus ar ball, fuair sí post mar iriseoir, ag obair ar Travel/Write. Thug an post sin deis di an domhan a thaisteal, ag fáil amach faoi ionaid éagsúla, a gcuirfeadh léitheoirí na hirise sin spéis iontu. Thaitin an obair go mór lei, agus bhain sí ard-ghradam amach di fhéin, sa phost sin. Ba é Alex, a bhí i mbun na hirise sin, agus bhí meas an domhain ag Caitlín air, cé go mba fhear é, nár éirigh leis éaló fós ó thionchar a mhamaí, dár lei. Faoin am sin áfach, bhí an mam céanna sin i mbéal an bháis. Sea, agus fuair cara eile lei, Jimmy, puncán homaighnéasach, bás obann freisin. Tríd is tríd, ag an am áirithe sin, bhí an tóin ag titim as an saol sámh a bhí tógtha aici, thall.

.

Ag an am sin, thosaigh sí ag smaoineamh arís ar an Judgement úd, Talbot v Talbot, agus ba é deireadh na mbeart é, nó gur shocraigh sí ina haigne, filleadh ar Éirinn, agus tamall a chaitheamh, thíos i “Ballygall”, le taighde a dhéanamh ar an scéal a bhí taobh thiar den cholscaradh úd, a raibh trácht air sa bhfótachóip, a thug a leannán, Hugo, di, blianta fada roimhe sin, toisc go mba sa dúiche sin a tharla eachtraí na cúise réamhráite.

Ballygall being, according to the Ordnance Survey map of 1842, the name of the small town at the gates of the Mount Talbot estate.”

Bhí breis is triocha bliain caite ag Caitlín thall, ag an am sin, agus í in aois a leathchéad. Ar deireadh thiar, bhuail sí bóthar, agus d’fhill ar thír a dúchais, le taighde a dhéanamh, nó le bheith i measc a muintire, nó…b’fhéidir nach raibh fios fátha a cuairte aice fhéin fiú, ach ba é deireadh na mbeart é, ghur thuirling a heitleán ag Aerfort na Sionainne. Fuair sí gluaisteán ar chíos ansin, agus thug a bóthar ó thuaidh, go Ros Comáin, uirthi fhéin. B’ait lei na comharthaí bóthair a fheiceáil i nGaeilge, ach thaitin sin lei, ar bhealach eicínt.

“The road signs brought a sting to my eyes. Aerphort. Lár an Cathair. An Tuaisceart.

Now, wait a minute? You can’t even speak Irish.

Yes, I can, a little bit. I know a lot of words. I know songs.

I began to sing – Anois teacht an Earraigh –“

B’fhéidir nach raibh “Lár an Cathair”, thar mholadh beirte, ó thaobh na Gaeilge de, ó iriseoir oilte, ar chóir di comharthaí bóthair a bhreacadh síos, go cruinn, cúramach, ach scaoilimis tharainn é, nó don chuid is mó, tá na giotaí Gaeilge a úsáideann an t-údar sa scéal seo, thar a bheith cruinn.

I ndeireadh na dála, shroich sí “The Talbot Arms”, teach ósta sa mbaile sin, Ballygall. Chuir sí aithne ar lucht an tí ósta sin, agus chuir siad, go háirithe an t-únaeir, Bertie, ar an eolas í. “The Talbot Arms” a bhí uaithi, ach tugadh le fios di nárbh é sin an t-ainim a thugadh na dúchasaigh air, a thuilleadh.

“But nobody calls it The Talbot Arms – it’s Bertie’s place.”

Tugadh bheith istigh di, agus ba ghearr go raibh sí i mbun oibre. Is dócha go raibh ar intinn aice leabhar a scríobh ar scéal úd na dTalbóideach, ach cá bhfaigheadh sí an t-eolas a bhí ag teastáil chomh géar sin uaithi, le feoil a chur ar chnámharlach na nótaí úd, a fuair sí ó Hugo, blianta fada roimhe sin. Chuir sí aithne ar Miss Leech iarleaharlannaí an bhaile, agus ba mhór go deo an méid eolais a bhí aicese ar chúrsaí na dúiche sin, sea, agus d’éirigh lei freisin, “the Paget Pamphlet”, a chur ar fáil di sa leabharlann. B’in leabhrán a scríobh gaol le Marianne, dárb ainm dó Paget, á cosaint ar chúisimh a naimhde. Bhí sé ag éirí níos deacra, agus níos deacra, fios fátha gach scéil a fháil, de réir mar a chuaigh sí ar aghaidh lena cuid taighde. Agus gan dabht ar domhan, bhí dhá thaobh ar an scéal seo, faoi mar a tharlaíonn go minic, i gcás scéalta casta dá leithéid. Seo mar a chonaic Caitlín an scéal, i dtosach….

Richard and Marianne T. and their daughter came to Mount Talbot in 1847 or 8. William Mullan came to household as groom in 1849. Three years later, Richaard T. sought first a separation in the Ecclesiastical Court in Dublin, and then a full divorce in the House of Lords. The Judgement is the account of what the three Law Lords said about the evidence, and their verdict, in the divorce case. The testimonies they based their decision on are as follows….”

Agus thug sí ansin an fhianaise a bhí i gcoinne Marianne, sa chúis dlí sin, i dTeach na dTiarnaí.

.

Bhuel, níl fúm anois an scéal ar fad a insint duit anseo. Tá faitíos orm, go gcaithfidh tú fhéin an leabhar a léamh duit fhéin, ach ba chóir dom, ag an bpointe seo, tagairt a dhéanamh do rud amháin eile, a chuireann casadh neamhghnách sa scéal casta seo.

Fad is a bhí Caitlín i mbun a cuid taighde i “Ballygall”, casadh leannán nua uirthi, agus Shay an t-ainm a bhí air. D’éirigh siad an-mhór le chéile, ach dár ndóigh, bhí Shay chomh pósta, cheana, agus a d’fhéadfadh sé a bheith, ach mar sin fhéin, bhí sé sásta ceangal de chineál eicínt a shnaidhmeadh idir é fhéin agus Caitlín. Is dócha go bhfeiceann an t-údar gaol idir scéal Chaitlín, agus scéal Mharianne, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, agus caithfidh sí críoch amháin, nó críoch eile a chur leis an gceangal sin, ar ball.

.

Rud eile a thugann tú faoi deara sa scéal seo, nó chomh héasca agus a shleamhnaíonn an t-údar, óna bhfuil ag tarlú thart uirthi i “Ballygall”, go dtí an saol eile, a chaith sí thall i Londain, nó i measc a muintire fhéin, ar Shore Road, agus siar ansin sa stair lei babhta eile, go dtí laethe Mharianne Talbot, díreach i ndiaidh an Ghorta mhóir.

Bhuel, tá faitíos orm, go gcaithfidh mé thú a fhágáil ansin, ach mé ag súil go bhfaighidh tú an leabhar duit fhéin, agus go ndéanfaidh tú é a léamh, ar do sháimhín só, mar tá mé beagnach cinnte go mbainfidh tú taitneamh as, nó gan dabht ar domhan, is sciliúil an píosa oibre é, agus is taitneamhach, spreagúil, spéisiúil an sceal é.

Go dtí an chéad uair eile.

Slán.

*******************

Peadar Bairéad

*******************

  .

gaGaeilge