Teachtairí Dé

Peadar Bairéad

(This week we consider “The Other Side” as seen, or as imagined, by humans)

.

Ar Sciatin na nAingeal

Ar thug tú faoi deara, go bhfuil spéis, agus dhá spéis, á chur ag daoine sa saol eile, le tamall de bhlianta anuas? Tá roinnt mhaith leabhar ar fáil anois ina gcuirtear síos, go háirithe, ar Theachtairí úd Dé, a dhéanann teangmháil le daoine daonna, anois is arís, i ré na staire daonna. roinnt leabhar ó pheann an údair cháiliúil Éireannach sin, Lorna Byrne, ina ndéanann sí cur síos ar áit, agus ar thionchar, na nAingeal, i gcúrsaí a saoil fhéin. Ba chuid dá saol laethúil iad na hAingil chéanna sin, ó laethe a hóige anonn, agus ba é a thuig daoine thart uirthi nó go raibh sí mallintinneach, ach ba é fírinne an scéil é nó gur mhair Lorna i saol an spioraid, bunús an ama, nó ba chuid de ghnáth-throscán a tuisceana iad na hAingil sin, a raibh sár-aithne aice orthu. I ndáiríre, scríobh mé píosa nó dhó anseo, i mBéal an Phobail, faoi Lorna fhéin, agus faoina cuid leabhar freisin. B’fhéidir gur cuimhin libh leabhar eile ar scríobh mé píosa faoi sa cholún seo, tamall maith ó shoin anois, inar deineadh cur síos ar chúigear a chasfadh ort sna Flaithis. Chomh maith leo siúd, tá sruth leanúnach leabhar á gcur ar fáil dúinn, na laethe seo, faoin saol thall, agus go háirithe faoi na hAingil, faoi na teachtairi úd a thagann ó Dhia chuig daoine speisialta, le scéal mór eicínt, scéal a chuirfeadh cor i gcinniúint, agus i saol, an duine daonna áirithe sin, nó i saol an chine s’againne ar fad.

Scéal ata i mbéal gach éinne

Ach, ní chucu sin uilig atá mé, an babhta seo, ach chuige seo. Nó is scéal é atá imbéal gach éinne, le tamall gearr anuas.

Cén scéal é fhéin, an ea?

Tá. Scéal faoin ngasúr úd, Colton Burpo, mac le Todd Burpo, Ministir in Eaglais Veislíoch, i Nebraska, Mheiriceá. Tharla anois, nuair nach raibh an gasúr sin ach thart ar thrí bliana d’aois, gur phléasc a aipindic agus go raibh sé i mbéal an bháis dá bharr sin. Anois, agus é crochta ansin idir an dá shaol, deir an gasúr, gur thug sé cuairt ar na Flaithis, agus gur casadh a lán daoine air ansin, agus gur casadh Íosa fhéin air i rith na tréimhse sin. Anois, is rud é atá coitianta go maith le blianta fada anuas, go ndeir daoine, a tharlaíonn gafa tamall idir an dá shaol, go ndeir siad sin, go bhfuair siad spléachadh ar an saol eile, tráth raibh siad crochta sa riocht sin, gar don bhás. Sea, agus deir a mbunús, go mbeadh siad breá sásta fanacht ansin, ach gur cuireadh ar ais ar an saol seo aris iad, le dualgaisí a mbeatha a chríochnú. Ach, le fileadh ar Colton Burpo. Admhaíonn a athair áfach, go raibh athrú ollmhór tagtha ar Cholton, tar éis na físe a léiríodh dó, athrú bisigh, dár leis-sean.

Thart ar an am gcéanna seo, bhí fís freisin ag Akaine Kramorik agus í thart ar cheithre bliana d’aois, agus deir sise, go bhfaca sí Íosa freisin, agus tharraing sí pictiúr de, faoi mar a chonaic sí é an t-am sin. Anois, agus Colton thart ar cheithre bliana déag d’aois anois, aontaíonn sé lei go raibh an pictiúr sin an-chosúil leis an Íosa a chonaic seisean agus é crochta ansin idir an dá shaol. Ach is suimiúil an rud é, nár casadh an bheirt sin ar a chéile riamh roimhe sin, agus sílim nár Chríostaí in aon chor í, Akaine.

Heaven is for real”

Faoin mbliain 2010, chuir Todd an leabhar “Heaven is for Real” i gcló, agus ní call dom a rá, go raibh ráchairt mhór air, ó cheann ceann na cruinne. Sa leabhar sin, deir Todd linn, gur inis a mhac scéalta iomadúla dó faoina thuras ar an saol eile. Ar ball ansin, bunaíodh scannán ar an leabhar céanna sin. Sna scéalta a d’inis sé dá athair, deir sé gur casadh Íosa air, agus go raibh capall álainn ildathach aige, agus chomh maith le sin, deir sé gur shuigh sé ar ghlúin Íosa.

Caithfear an cheist a chur ag an bpointe seo, an fírinne nó fiannaíocht atá le fáil sa leabhar agus sa scannán seo? Faraoir! níl freagra na ceiste sin agamsa, agus caithfidh mé é a fhágáil fút fhéin a shocrú an fíor bréagach an scéal a insíonn Colton Burpo dúinn ina leabharHeaven is for Real”, ach, caithfidh mé a admháil, go bhfuil fonn orm cuid áirithe den scéal a chreidiúint     

gaGaeilge