faoi gheasa, spellbound; cnámharlach an sceil, the outline of the story; próiseálaí focal, wordprocessor; trí vóta sreamacha, three miserable votes; seirbhísí eadrána, lobbying services; rógaire, rascal; na cosa a bhreith leis, to escape.

.

I mBéal an Phobail

.

The Broker by John Grisham

Peadar Bairéad

.

Another Bestseller

Seo an seachtú úrscéal déag ó pheann líofa an údair ildánaigh Mheiriceánaigh seo, sea, agus is féidir liom a rá, gur scríobh mé fhéin píosa faoi chuile cheann acu sin, anseo i mBéal an Phobail. Chuir mé suim ó thús i saothar an údair seo, nó tuigeadh domsa, ach go háirithe, go raibh ar a chumas mé a chur faoi gheasa, le clisteacht a chuid scile i mbun scéalaíochta, agus ní taise don leabhar seo é, ach oiread, nó mhothaigh mé ó thús, go raibh mé gafa faoi gheasa aige, go dtí go raibh an deoir deiridh fáiscthe agam as an scéal fíorshuimiúil seo .

He Studied Law First

Ní call dom a rá anseo, go ndeachaigh John Grisham le dlí i dtosach báire, agus biodh gur ar an spiadóireacht idirnáisiúnta, agus ar ghléasanna soifistaiciúla, leictreonacha, a chrochann sé cnámharlach an scéil seo, admhaíonn an t-údar fhéin, in “Author’s Note” ag deireadh an leabhair, admhaíonn sé nach mór in aon chor é, a scil sna cúrsaí céanna sin, agus dá chruthú sin, deir sé linn, gur scríobhadh chuile cheann dá chuid leabhair, go nuige seo, ar sheanphróiseálaí focal, atá trí bliana déag d’aois, faoin am seo, agus admhaíonn sé duinn, gur beag a scil i láimhseáil an mheaisín seo, agus admhaíonn sé freisin, go bhfuil chuile chosúlacht ar an scéal, go mbeidh deireadh lena ré mar scríbhneoir, nuair a shíothlóidh an próiseálaí céanna focal sin! Bíodh a fhios agat, adeir sé linn, nach bhfuil sa scéal ar fad ach fiannaíocht agus cumadóireacht, agus má tá tada sa scéal atá i ngar don bhfírinne, bhuel, is dócha gur thrí dhearmad e! B’fhéidir gur chóir dom, ag an bpointe seo, tagairt a dhéanamh do chupla ceann dá úrscéalta cáiliúla, le tú a chur sa phictiúr, mar adéarfá. Agus nach bhfuil a fhios ag madraí an bhaile fhéin, gur deineadh scannán de roinnt áirithe dá úrscéalta, cheana féin, leabhair ar nós. The Firm, The Pelican Brief, The Client, The Chamber, The Last Juror, agus tuilleadh.

To work then!

Ach nach bhfuil sé thar am agam, rud eicínt a rá faoin úrscéal corraitheach, teannasach seo. Ní gá dhom a rá, gurb é seo an leabhar is déanaí dá chuid, leabhar a cuireadh i gcló den chéad uair, sa bhliain seo, 2005, agus leabhar a bhfuil blas agus boladh an aonú haois fichead air, ó thús deireadh. Féach mar a chuireann sé tús lena scéal……

In the waning hours of a presidency that was destined to arouse less interest from historians than any since perhaps that of William Henry Harrison (thirty-one days from inauguration to death), Arthur Morgan huddled in the Oval Office with his last remaining friend and pondered his final decisions.

Sea, mh’anam, caithfidh nár éirigh go ró-gheal leis an Uachtarán Morgan, agus dár ndóigh níor tugadh an dara deis dó na Stáit Aontaithe a mhilleadh ar fad, trí théarma eile a thabhairt dó, bualadh go dona air sa toghchán Uachtaránchta, nó níor thug tacaíocht dó sa toghchán sin ach Stát amháin, Stat Alaska, Stát nach raibh aige ar fad ach trí vóta sreamacha, agus b’in an t-aon Stát amháin nár thug sé cuairt air, le linn a chomhrac toghchánaíochta!

The President’s Last Day

Bhí sé á ullmhú fhéin anois, le slán a fhágáil go deo ag an Teach Bán, agus é ar intinn aige, an chuid eile dá shaol a chaitheamh ag iascaireacht, agus ag fiach, thuas in Alaska, áit ina raibh rainse ceannaithe aige, cheana féin. Ach bhí dualgaisí áirithe le coimhlíonadh aige, sul a n-imeodh sé as oifig, agus ina measc siúd bhí roinnt iarrataisí, ar bhord os a chomhair amach aige, ó choirpigh áirithe, ag iarraidh air a bpríosúntacht a mhaitheamh dóibh, roimh éirí as oifig dó. Seo mar a chuireann Morgan fhéin é…

How sad that after four tumultuous years of leading the free world it would all fizzle into one miserable pile of requests from a bunch of crooks. Which thieves should be allowed to steal again. That was the momentous question facing the President as the hours crept by.

Backman’s Pardon

Anois, tharla go raibh coirpeach amháin, Joel Backman, nó “The Broker”, mar a thugtaí air, lá dá raibh, fear a raibh an-chumhacht aige, ina lá, agus é ag obair mar eadránaí polaitíochta, agus é ar a chumas lab airgid a éileamh as a sheirbhísí eadrána a chur in áirithe do dhuine, nó bhíodh cara sa chúirt aige, chuile bhabhta.

According to the magazine article, the Brokers income at the time was reported to be in excess or $10 million a year.

Ach, ní i gcónaí a thagann an crúiscín slán abhaile ón tobar, agus ba é an dála céanna ag an mBroker s’againne é. D’éirigh leis greim a fháil ar earraí áirithe rúnda, bogearraí leictreonacha, a d’fhéadfadh smacht a fháil ar shaitilítí Síneacha, agus rinne sé iarracht iad a dhíol leis an Aráib Sháidí, ach ansin, d’athraigh sé a intinn, agus ba é críoch na mbeart é go raibh air a chionta a admháil, sa chaoi go gcuirfí i bpríosún é, nó ní raibh aon chosaint eile aige ar na dúnmharfóirí a cuireadh sa tóir air.

Theastaigh ón CIA go ligfí Backman saor, nó tuigeadh dóibh siúd go raibh rúin aige ar mhaith leosan láimh a leagan orthu, agus taobh amuigh de sin ar fad, theastaigh uathu a fháil amach, cé bhí sa tóir air. Lig an tUachtarán Morgan saor, mar aisce don CIA, agus thóg an CIA faoina gcoimirce, go sealadach, é, agus thug ainm agus stair úrnua dó, agus chuir isteach i gcathair san Iodáil é, áit nach mbeadh aithne ag éinne air, go dtí go n-oirfeadh sin dóibhsean.

Hidden in Italy

Is breá ar fad mar a chuireann an t-údar síos ar an Iodáil, agus ar a mhuintir, ar a gcathracha, agus ar a dteanga, agus tharlaíonn a leithéid, toisc go bhfuil meas an domhain ag an údar fhéin ar an dtír sin, agus ar a mbaineann lei. Cuireadh Joel Backman ag foghlaim Iodáilise, nó bheadh gá lena leithéid, ionas go mbreathnófaí air mar Iodáileach, ach ní Joel Backman a bheadh feasta mar ainm air, ach Marco Lazzeri,. Thuit an Marco céanna sin i ngrá le múinteoir a bhí ina bhun, agus ar ball, nuair a tháinig an tóir go dian air, thug an bhean chéanna sin roinnt mhaith cabhrach dó, cabhair a chuir ar a chumas……….Ach, i ndáiríre anois, níl fúm an scéal iontach seo a mhilleadh ortsa. Caithfidh tú a fháil amach duit fhéin, céard a tharla don gcoirpeach céanna sin, do Joel Backman, agus bíodh go bhfuil a fhios agat, go mba rógaire agus coirpeach, amach is amuigh é, ag an am gcéanna, éiríonn leis an údar trua dó a mhúscailt id’ chroí istigh, sa chaoi go bhfuil tú ar a thaobh, an t-am ar fad, geall leis, agus tú ag guí go n-éireodh leis éaló ón tóir atá ar a thí.

Chilling stuff!

Chuir mé fhéin an-spéis sa tóir chéanna sin, agus in iarrachtaí an choirpigh chríonna seo, na cosa a bhreith leis uathu, sea, agus b’ábhair fuatha liom iad na marfoiri fuarchúiseacha, cruachroíocha, gan trócaire, a cuireadh sa tóir air. Fútsa atá sé anois, taitneamh, agus sásamh, a bhaint as an scéal corraitheach seo.

gaGaeilge