The Inniskeas

.

Amongst Our Own – I gCeartlár ár nDaoine…..Céadchló….2016

le Tomás Bán O’Raghallaigh.………………………………………………€30.00

.

Peadar Bairéad

Scéal Inis Cé

Rugadh agus tógadh mé fhéin in aice na farraige in Iorrras Domhnann i gContae Mhaigh Eo, agus is cuimhin liom fós an cad uair a leag mé súil ar oileáin draíochta Inis Cé agus iad ina luí go socair, sásta, amuigh ansin ar imeall na mara móire faoi mar a bheadh míolta móra mara ag ligint a scithe ar an bhfoscadh in aice an chósta. Ba ghearr áfach, gur chuir m’athair ar an eolas mé nuair a mhínigh sé dhom nár mhíolta ra iad sin ach oileáin áille Inis Cé. Ón lá sin amach, ba chuid dílis de throscán m’aigne iad na hoileáin chéanna sin agus fiú sa lá atá inniu fhéin ann, níl le déanamh agam ach mo shúile a dhúnadh leis an radharc sin a dhathú athuair ar scáileán mo chuimhne, agus feicim go soiléir na hoileáin ghorma úd, feistithe ansin ar imeall na spéire goirme, siar ó dheas uaim. Ach ní chuige sin atá mé an iarraidh seo, nó ba é an rud a chuir ag tochrais ar an gceirtlín sin mé nó an leabhar breá sin le Tomás Bán Ó Raghallaigh faoi na h‘Inniskeas’, na hoileáin draíochta úd Inis Cé.   Seo an chéad leabhar ó dhuine de bhunadh Inis Cé, faoi na hOileáin agus faoi shaol is faoi shaothar mhuintir na nOileán sin. Déanann an t-údar tagairt freisin do mhuintir Pharáiste na Cille Móire, nó nár chuid den pharáiste sin iad pobail Inis Cé? call dom a rá go bhfuil dhá oileán idir chamáin againn anseo, Inis Cé Thuaidh agus Inis Cé Theas. Ní hé seo an chéad uair agamsa píosaí a scríobh faoi na hOileáin chéanna sin, faoi Chaor’ Inis Cé, faoi Naomhóg Inis Cé, agus faoi Bháthadh mór Inis Cé sa bhliain 1927, faoin chaoi ar tréigeadh na hOileáin sin sna luath triochaidí, agus faoin chaoi ar socraíodh bunús a bpobal sna bailte, Glais, agus Tamhain na hUltaigh, (Surgeveiw), ar ghob theas Leithinis an Mhuirthead.

An tÚdar

Rugadh agus tógadh an t-údar, Seán Bán O’Raghallaigh, i Surgeview, cóngarach don bhFód Dubh, sa bhliain 1952, agus is iaroibrí de chuid Éircom é, a bhfuil cónaí air faoi láthair i mBéal an Átha, é pósta le Anne Keane, ó Surgeview freisin, agus cúigear de mhuirín orthu. Chuir Tomás suim, agus dhá shuim, óna óige i leith, i seanchas a mhuintire, agus chuala sé an-chuid scéalta le linn a óige ó dhaoine ar chuid de phobail na nOileán iad. Sa tslí sin, bhailigh sé an-chuid eolais faoin bpobal ar díobh é, agus cuireann sé an t-eolas sin ar fáil go fial, flaithiúil, dúinn anois, i mBéarla, sa leabhar breá substaintiúil seo faoi na hInniskeas.

Ach le filleadh ar na hOileáin agus ar an leabhar seo. Deir an t-údar linn go raibh thart ar leathchéad clann i bpobail na nOileán, tráth thréig siad dúiche a sinsir sna luaththriochaidí. Labhraíonn an t-údar i dtosach, faoi Logainmneacha, agus ansin faoi na hOileánaigh, agus faoi “na chéad daoine a dáitigh Inis Cé”, thart ar 1760, faoi mar a d’inis a mháthair dó agus é ina ghasúr ag fás suas i Surgeview. Fuair sé an-chuid scéalta freisin faoi na seanlaethe, ó dhaoine a rugadh agus a tógadh ar na hOileáin, nuair a bhí pobail na nOileán faoi bhláth. Labhraíonn sé faoi stair na dúiche uilig, agus faoin chaoi ar deineadh forbairt ar bhóithre agus ar bhailte ann. Scríobhann sé faoi stair na dúiche, agus faoi mar a chuir líonadh agus trá chúrsaí náisiúnta isteach ar shaol agus ar shaothar na bpobal sin. Tá cur síos le fáil ón údar freisin, ar logainmneacha na dúiche, agus faoin seanchas a ghabhann lena mbus, faoi Thobar Dheirbhile, faoin bhFál Mór, faoin ‘dTúr a tógadh i nGlais, faoi Ghlún an Asail, faoi thithe galánta sna dúiche timpeall, agus faoi thuilleadh dá leithéid.

Pictiúir agus Léirscáileanna

Is breá suimiúil iad na pictiúir atá le feiceáil againn, ar na leathanaigh ó 150 go dti 169, agus na léirscáileanna ar na leathanaigh ó 170 go dti 173, mar a dtugann sé suíomh na dtithe agus na dteaghlach eagsúil ar Inis Cé Thuaidh agus ar Inis Cé Theas. Ar leathanach 173 tugann sé léarscáil eile dúinn ina léiríonn sé dúinn suíomh thithe na dteaghlach ó na hoileáin faoi mar a socraíodh iad i nGlais, agus i dTamhain na hUltaigh, sna luaththriochaidí. Ansin tá píosa breá le fáil faoi shloinnte na ndaoine a d’áitigh na hOileáin agus na dúiche timpeall, thart ar an am sin. I measc na Sloinnte sin tá Bairéadaigh, Breathnaigh, Gáchánaigh, Maoineachánaigh, Muineachánaigh, Croithínigh, Raghallaigh, agus tuilleadh. Ní gá a rá, gur spéisiúil a bhfuil le rá ag an údar faoi na clanna áirithe sin.

Agus le críoch a chur lena scéal, tugann an t-údar cupla ábhar spéisiúil eile dúinn i ndeireadh an leabhair dea-dheartha, dea-thaighdithe, dea-scríofa, seo, agus sin iad Amhráin Inis Cé, agus Tairngireachtaí Bhriain Rua Uí Chearrbháin, agus chomh maith leo sin, ainmneacha an deichniúir iascaire a cailleadh oíche an ochtú lá fichead de Mhí Dheireadh Fómhair 1927, agus píosa beag fúthu, le fáil ar na leathanaigh ó 485 go dtí 487. tá an píosa seo mar chloch phréachain ar an scéal ar fad, faoi mar a bheadh inscríbhinn ar leacht na n-iascairí a cailleadh i ’27, ainmneacha atá le fáil againn freisin, ar an leacht a thóg deoraithe Gael, ó Denver Colorado, go gearr ina dhiaidh sin. Cuireann an t-údar críoch lena scéal i gCaibidil a Seacht, le Tairngreacht Bhriain Rua. Ní call dom a rá, go mbíodh eolas ag chuile Iorrasach ar na Tairngreachtaí céanna sin, sea, agus bhíodh siad de ghlan mheabhair ag roinnt áirithe daoine. Nuair a tharlaíodh aon rud neamhghnách, deireadh duine eicínt, “Nach raibh sin ráite i dTairngreacht Bhriain Rua?

Is iontach go deo an méid eolais faoina bhunadh fhéin, na Raghallaigh, agus

faoi bhunadh a dhúiche, atá bailithe, agus leagtha os ar gcomhair, ag Tomás Bán Ó Raghallaigh sa leabhar seo. Tá mé ag ceapadh, go gcuirfidh daoine fáilte is fiche roimh an leabhar breá seo faoi Oileáin dearmadtha Iorrais, nó díríonn an leabhar seo tóirse an taighde, ar deireadh thiar thall, ar Inis álainn Cé.

Cuimhní a dúisíodh

Ní gá a rá gur chuir mé fhéin spéis faoi leith sa leabhar seo, mar is Iorrasach go smior na gcnámh mé fhéin, agus chomh maith le sin, tá an-eolas le fáil faoi na Bairéadaigh ann, agus taobh amuigh de sin ar fad, tá tagairt do bheirt aintín liom, le fáil ann, agus sin iad Maggie Monaghan a phós Micheál Mac Pháidín, oileanach, agus Judy Monaghan a phós Jack Gaughan ón Tearmann, beirt a thagadh ar chuairt chugainn anois is arís, agus beirt a mbíodh fáilte i gcónaí rómpu sa teach s’againne, agus fad a théann mo chuimhne anois, gaeilgeoirí líofa ba ea an bheirt acu. Sea, agus chomh maith le sin, ba mhinic a thugamarna cuairt ar theach na nGáchánach ar an Tearmann, tráth mbíodh muid ag déanamh Turas Thobar Dheirbhile ar an bhFál Mór fadó. I dtús an Fhómhair a théimis ar an oilithreacht bhliantúil chéanna sin, de ghnáth, agus bhínnse im phíolóta, ag tiomáint an asail do mo Mham, nó nach fearr marcaíocht ar asal nó coisíocht dá fheabhas! Bhuel! sin cuid de na cuimhní a dhúisigh an leabhar seo faoi ‘na hInniskeas’ sa chroí istigh ionnam. Ní gá a rá, go mbeidh tóir agam ar an leabhar céanna sin, go rialta, as seo amach.

Céard fútsa, a léitheoir?

gaGaeilge