LAETHE DEIRIDH AN tSAMHRAIDH

.

Peadar Bairéad

.

THE LAST DAYS OF SUMMER.Céadchló….2016

by

VANESSA RONAN……………………………….£12.99

.

An crú ar an Tairne

De thimpiste a tháinig mé ar an leabhar seo, a chéaduair, cara liom a thug ar iasacht dom é, agus caithfidh mé a admháil dhuit, go mba scéal ar dóigh a fuair mé idir chlúdaigh ildaite an leabhair spreagúil seo. Vanessa Ronan a scríobh, agus nuair a chuireann tú san áireamh gurb é seo a céad úrscéal, bheadh ort a dhearbhú go bhfuil an-mholadh tuillte aici. I Houston Texas, sna Stáit Aontaithe, a rugadh Vanessa, ach d’fhéadfá a rá go bhfuil cuid mhaith den domhan cláir siúlta aici cheana féin, agus í ag cur fúithi anois, lena céile fir, i gCathair Átha Cliath. chaith sealanna ag cleachtadh slite beatha éagsúla, seal ina rinnceoir, seal mar chailín a’ leanna, seal ina mac léinn litiríochta, agus anois ina scríbhneoir, ceird a d’fhoghlaim sí óna tuismitheoirí, beirt a raibh seanchleachtadh acu ar scil agus ar ealaíon na ceirde céanna sin. Ach le filleadh ar an scéal fhéin….

Suíomh, agus Carachtair, an Scéil fhéin

Suíonn an t-údar a scéal i mbaile beag scoite, i Stát mór Texsas, agus gan ach fásach féir timpeall air. Is dócha go bhféadfá a rá, gurb é Jasper príomhcharactar an scéil seo, cé go bhfuil páirt nach beag a dheirfiúr, Lizzie, sa scéal freisin, maraon lena hiníonacha siúd, Katie, atá sna déaga, agus Joanne, nach bhfuil ach aon bhliain déag d’aois, faoi am an scéil. Rinne Jasper gníomh gránna, domhaite, blianta roimhe sin, agus gearradh deich mbliana príosúntachta air dá bharr, agus faoin am seo, tá sé tar éis na blianta sin a chaitheamh i bPríosún Huntsville. Tá a dheirfiúr, Lizzie, sásta é a ghlacadh isteach ina teach féin, áit a bhfuil cónaí anois uirthi lena beirt iníon, nó thréig a céile fir í nuair a rinne Jasper an choir náireach úd. Lizzie ag súil go nglacfaidh an pobal áitiúil le Jasper, ach tar éis dóibh cuairt a thabhairt ar an séipéal áitiúil, agus tar éis dóibh dul ‘un cainte leis an Urramach áitiúil, níor fágadh in amhras ar bith iad faoi dhearcadh an phobail áitiúil sin, sé sin, go raibh siad glan in aghaidh glacadh le Jaspar mar bhall den bpobal sin, feasta.

Ní mhaithfear a choir do Jasper

Níorbh é sin amháin é, ach tugadh le fios dóibh, ar bhealach neamhbhalbh, nach raibh seans ar bith ann go n-athródh siad a bport, am ar bith sa todhchaí. Tugtar le tuiscint do mhuintir Jasper freisin, nach raibh, agus nach mbeadh, deartháir, muintir, Rose, an chailín a ghortaigh sé, deich mbliana roimhe sin, nach mbeadh siad toilteanach a pheaca a mhaitheamh dó. Tugann Lizzie bheith istigh dó, nó nach é a deartháir fhéin é, agus glacann Joanne leis freisin, agus éiríonn an péire sin mór le chéile. Luíonn scamall tiubh, dorcha, os cionn an bhaile iargúlta, scoite, sin, i Stát mór Texas, agus tá muintir na háite sin, agus an léitheoir freisin, ag fanacht go foighdeach go bhfeicfidís cén chríoch a bheidh ar an scéal cráite, teannasach, seo. Sea! agus caithfidh mé a admháil, nach roghnaíonn an t-údar seo críoch grámhar, comharsanúil, somhaiteach, a chur lena scéal, a mhalairt ar fad a tharlaíonn, agus bíodh go mbeifeá ag súil lena leithéid, ag an am gcéanna, bheadh ort a admháil go réitíonn an chríoch sin le suíomh, le stair, agus le tógáil an scéil, agus le carachtar na bpearsan sa scéal freisin. Tríd is tríd, caithfidh mé a admháil, tar éis chuile shórt a chur san áireamh, go bhfuil tógáil, agus cur chuige an scéil, thar mholadh beirte, agus nuair a chuireann tú le sin, an stíl spreagúil, taitneamhach, spéisiúil, agus an draíocht dosheachanta a imríonn an t-údar orainn, agus nuair a thugann faoi deara gurb é seo céad úrscéal an údair seo, bíonn ar dhuine a admháil, gur úrscéal ar dóigh atá os ár gcomhair amach anseo, agus gur maith is fiú don léitheoir é a léamh.

B’fhéidir go mbeadh fonn ortsa an leabhar seo a léamh, amach anseo?

gaGaeilge