I mBéal an Phobail

The Last RunawaybyTracy ChevalierCeadchlo 2013...£7.99

.

Peadar Bairéad

Ó ‘Dorset’ go ‘Ohio’

Suíonn an t-údar an scéal seo, faoi’n saol in Ohio i lár an naoú haois déag agus bíodh go bhfuil scéal na gcarachtar éagsúil á sníomh go cliste, ealaíonta, aici i muabhrat ildaite a saoil, ag an am gcéanna, ní féidir éaló ó phríomh aidhm an scéil, i. éagóir agus leatrom na sclábhaíochta, faoi mar a chleachtaítí í i Stáit Deisceartacha Mheiriceá, ag an am sin. Braitheann inchreidteacht an scéil ar chruinneas, agus ar dhoimhneas, na taighde a deineadh mar dhúshraith don scéal seo. Ach le filleadh ar an scéal fhéin, is dócha go bhféadfá a rá, gurbh í Honor Bright, imirceach ó Dorset Shasana, ar bhall de Chuallacht na gCáirde ansin í, is dócha gurb í príomhcharachtar an scéil seo í. Bean óg, ar thréig a leannán Sasanach í, agus a shocraigh ansin go raghadh sí ar imirce go hOhio Mheiriceá in éineacht lena deirfiúr Grace, a bhí ag dul anonn le go bpósfadh sí a leannán, thall i dtír na bPuncán. or thaitin an turas farraige go ró-mhaith le Honor, ach bhí dán níos measa fós roimpi amach, nó níorbh fhada thall iad, nuair a sciob an fiabhras buí a deirfiúr, Grace, chun siúil. Fágadh Honor ar an mblár folamh ansin, ach d’éirigh lei bheith istigh a fháil ó, Bhelle Mills, haitéir áitiúil, mar ar tugadh deis di a ceird mar fhuálaí oilte a chleachtadh, rud a leath a cáil mar fhuálaí sciliúil, a raibh an-ghlaoch ar a saothar thall, ach tar éis di tamall a chaitheamh ar lóistín le Belle, d’imigh sí chun cónaithe, go hOberlin, mar a mhair ‘fiance Grace agus a dheirfiúr, Abigail. Níor éirigh go ró-mhaith lei san ionad sin, agus ar ball, phós sí feirmeoir áitiúil, Jack Haymaker.

An Bóthar Iarainn faoi Thalamh

Níor éirigh go ró-mhaith lei ansin, ach oiread, mar níor ró-chairdiúil, nó ró-chomharsanúil iad máthair a céile, Judith, nó deirfiúr a céile, Dorcas, ach oiread. Bhí ceataí eile sa scéal sin freisin, nó thosaigh Honor ag cabhrú le Gormaigh a bhí ag taisteal ar an mBóthar Iarainn faoi Thalamh, mar a thugtaí ar bhealach éalaithe na sclábhaithe gorma, agus iad ar a mbealach ó thuaidh, ar thóir saoirse ón sclábhaíocht ina raibh siad gafa gan dóchas, go nuige sin. Ní go ró-mhaith a thaitin sin le muintir a céile, nó bíodh go mba bhaill de Chuallacht na gCáirde iad, ag an am gcéanna, ba dhream iad nár theastaigh uathu dlí na tíre a bhriseadh, go háirithe ó bhí pionóis throma le gearradh orthu siúd a bhrisfeadh na dlíthe céanna sin, dlíthe a chosain cearta únéireachta sna Stáit Deisceartacha. Ba é deireadh an scéil sin nó gur fhág Honor teach a céile agus gur thug sí siopa Bhelle Mills uirthi fhéin, áit ar mhair sí ar feadh scathaimh, í ag obair sa siopa, ag cabhrú le Belle, a raibh galar a báis tolgtha aici faoin am sin. I rith an ama seo uilig, bhí Belle agus Honor ag cabhrú leis an gormaigh a bhí ag éaló ón sclábhaíocht agus iad ar a mbealach ó thuaidh go Ceanada go hairithe, áit ina mbeadh siad slán, sábháilte agus saor ó dhaoine cosúil le Donovan, daoine a bhíodh de shíor sa tóir orthu d’fhonn iad a thabhairt ar ais chuig a n-úinéirí ó dheas, nó b’in an tslí bheatha a bhí acu ag an am.

Tá an-trácht ar chuilteáil sa scéal seo freisin, nó ba scíl í imeasc baill de Chuallacht na gCáirde i Sasana, agus ar bhealach freisin, imeasc bhaill an Chumainn in Ohio. Feictear go soiléir go bhfuil Honor anbhródúil as a scil fhéin sa cheird seo, agus léiríonn sí freisin an drochmheas a bhí aici ar iarrachtaí mhuintir Ohio caighdeán réasúnta a shroichint sa cheird ealaíonta sin.

Críoch oiriúnach?

Ar an muabhrat sin a chrochann an t-údar seo a scéal, scéal a thugann deis di a taighde ar shaol agus cultúr na bPuncán a leagan os ár gcomhair amach, agus chomh maith le sin, tugtar deis di an cultúr thall a chur i gcomparáid le cultúr mhuintir Dorset, ag an am sin. Conas a thiúrfaidh an t-údar an scéal spéisiúil seo chun críche? Cad a dhéanfaidh Honor? An éireoidh le Donovan í a mhealladh? Nó an ndíbreofar Honor as Cuallacht na mBráithre ? Agus céard faoi Belle Mills fhéin? Le freagra na gceisteanna uilig sin a fháil níl le déanamh ag duine ach an leabhar fhéin a fháil is a léamh, agus déarfainn fhéin gur fiú go maith an tairbhe an trioblóid.

.

.

.

.

.

gaGaeilge