I m B é a l a n P h o b a i l .

.

Peadar Bairéad

(This week I mBeal an Phobail recalls memories of a magazine that has survived the tides of time.)

An Timire

“Nach fánach an áit ina bhfaighfeá breac.” B’in an smaoineamh a rith liom, an lá cheana, nuair a tháinig “An Timire”, de thuairt, isteach trí pholl na litreach, i ndoras tosaigh an tí s’againne. Anois, mar is eol duit, is ionann “Timire” agus “Messenger”, agus ar an ábhar sin, ba ar an tseanMhessenger a thosaigh mé fhéin ag smaoineamh, tráth raibh mé ag breathnú ar an leabhrán breá, néata,   nua sin, a tháinig ar chuairt chugam.

Cén Messenger atá i gceist agam, an ea?

Iris bheag a chuireadh, agus a chuireann, na hÍosánaigh i gcló. Cúrsaí creidimh a bhíodh, agus a bhíonn, idir chamáin acu san Iris sin. Tá fáil ar an Iris chéanna sin fós sa lá atá inniu fhéin ann.

The Messenger…..

Cén chaoi ar chuir mé fhéin aithne ar an Iris sin, a chéaduair, an ea?

Bhuel, dháiltí chuile eagrán de, ar Chaitlicigh, i ndiaidh an Aifrinn, im’ pharáiste thiar, an tráth úd, mar léitheoireacht spioradálta, agus b’earra é sin, a bhí sách gann, ag an am sin, agus mar sin, ba mhór an fháilte a chuirtí roimpi mar léitheoireacht Domhnaigh, sular tháinig na Nuachtáin Domhnaigh ar an bhfód thiar, le sinn a mhearú is a bhodhrú, agus le béadán a leathadh, Domhnach i ndiaidh Domhnaigh.

Bhuel, ar ball, is dóigh gur tuigeadh do na hÍosánaigh go mba mhaith an smaoineamh é “Messenger” i nGaeilge, a chur ar fáil do na pobail le Gaeilge agus b’in é díreach a dhein siad, sa chaoi gurbh é an leagan Gaeilge sin, “An Timire”, a thagann ar chuairt chugamsa, ceann in aghaidh na ráithe, agus geallaimse dhuit é, go mbíonn fáilte agam fhéin roimhe, chuile bhabhta. Agus faoi mar a tharlaíonn, chuile bhabhta, bíonn saibhreas thar na bearta taobh istigh de chlúdaigh na hIrise smaointí seo

Eagrán an Fhómhair seo

In eagrán seo an Fhómhair, 2012, tá a lán altanna spreagúla le léamh, freisin. Molann an t-eagarthóir, Frainc Mac Brádaigh SJ dúinn, san eagarfhocal, Tinteáin a bhunú do lucht na Gaeilge, le go bhféadfaidís teacht le chéile in atmosféar Críostúil, cairdiúil, carthannach, le go bhféadfadh Críostaithe teacht thart air, agus le go bhféadfaidís freisin, scéal a mbeatha a insint, gan náire, gan chúthaileacht. Tuigtear dó, gurb ‘in croílár na Críostaíochta, é a bheith ar ár gcumas teacht le chéile mar Phobal Dé, i gcreideamh, i gcairdeas, agus i ngrá. D’fhéadfadh duine tamall maith a chaitheamh ag déanamh a mharana faoin dearcadh céanna sin.

Tá alt ann freisin leis an tSiúr Eilís Ní Thiarnaigh, faoi Aifreann i nGaeilge a ceiliúradh mar chuid de cheiliúradh an Chaogadú Comhdháil Eochairiseach. Aifreann a cheiliúir an tEaspag Breandán Ó Ceallaigh, Easpag Achadh Chonaire, agus ba iad an Cairdinéal Seán Mac Brádaigh, an Cairdinéal Keith O’Brien, agus an tAthair Pádraig Ó Cochláin, a chomhcheiliúraithe sa cheiliúr sin.

Alt suimiúil, spreagúil, eile, isea an píosa leis an Athair Oilibhéar Ó Croiligh faoi Chrosa Móra na hÉireann, alt ina ndéanann sé trácht ar scil agus ealaíon na ndealbhóirí a rinne na dealbha stairiúla sin a ghreanadh, i bpainéil ornáideacha, fan stoic agus géag na gcros mór sin. Nárbh iad na dealbhóirí céanna sin a thuig a gceird go hálainn, agus lena chois sin, nárbh iontach an cumas a bhí iontu a dtuiscint ar a gcreideamh a ghreanadh ar chloch.

Más duine thú ar spéis leis síolta a chreidimh a bheathú, agus píosa breá Gaeilge a léamh ag an am gcéanna, b’fhéidir nárbh olc an tseift í, greim a fháil ar Thimire’ an Fhómhair 2012. Tá mé ag ceapadh go mbainfidh tú idir thaitneamh agus thairbhe as.  

gaGaeilge