I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

(This week, I mBéal an Phobail interviews Séimí an Droichid concerning his views on the forthcoming Presidential Election.)

Roghnú agus toghadh Uachtaráin

Sea mh’anam! Here we go again! ualach asail d’airgead á chaitheamh againn ar thoghchán eile! Nach méanar dúinn agus gan sciúrtog sa spaga againn? B’in iad na smaointe a bhí ag plódú isteach i gcistin mo cuimhne agus mé ar mo bhealach síos an baile le buaileadh le mo sheanchara, Séimí an Droichid. Nuair a chuaigh mé isteach ar dhoras tosaigh an Smugairle Róin, cé bheadh ansin le fáilte is fiche a fhearadh romham, ach mo leathbhádóir, Séimí. Tar éis na gnáthchuirtéisí a mhalartú, chuamar isteach sa chúlsheomra, sa chaoi go mbeadh deis againn ár gcaint, agus ár gcomhrá, a dhéanamh ar ár sáimhín só.

“Aon tuairim agat, a Shéimí, faoinár n-iarrthóirí don Uachtaránacht?”

“ Bí cinnte go bhfuil, agus seacht gcinn de thuairimí troma.”

“B’fhéidir go scaoilfeá cupla ceann acu chugainn, nó caithfidh mé a admháil nach bhfuil cinneadh cinnte déanta agam fhéin fós, bíodh gurb í seo an t-aonú huair déag.”

“Nach fearr go deireannach ná go brách! Ach gabh i leith, nóiméad! Nach deacair rogha nó díogha a bhaint as an dream a bheidh ar an bpáipéar vótála amárach.”

“Bíodh sin amhlaidh, nó ná bíodh, sin an beart a bheidh le déanamh againn uilig. Ach cé gheobhaidh do vóta fhéin, a Shéimí?”

Iarrthóirí don Uachtaránacht

“ Bhuel, tar éis dom cupla seachtain a chaitheamh ar mo mharana, i dtosach, shocraigh nach dtiúrfainn m’uimhir a haon do dhuine ar bith de na mná, an babhta seo, agus mar sin, go raibh sé in am agam mo vóta a thabhairt do dhuine de na fir, an turas seo.”

“Ach a Shéimí, nach bhfuil beirt bhan ansin againn, a mbeadh pobal ar bith bróduil astu, mná a d’fhéadfadh an fód a sheasamh dúinn áit ar bith sa mbith críoch. Tuige ar shocraigh tú gan vóta a thabhairt do dhuine ar bith acu? Caithfidh mé a admháil, go raibh mé fhéin ag smaoineamh ar vóta an duine a bhronnadh orthu.

“Bheul! sin an saghas duine mé.” arsa mo Shéimí bocht, “nó ghlac mé leis, nach bhféadfainn an dá thrá a fhreastal, agus thit an crann ar na fir, an t-am seo.”

“Cé roghnaigh tú, mar sin, le do vóta a thabhairt dó?”

My Number One goes to…

“Cheap mé i dtosach go dtabharfainn vóta don Mhistéalach, ach ar ball, shocraigh mé gan uimhir a haon a bhronnadh air. Ansin shorcaigh mé gan m’uimhir a haon a thabhairt do Mhac Aonghusa, nó do Norris, ach oiread.”

“Ach, a Shéimí, nach daoine den scoth chuile dhuine den triúr céanna sin, agus nárbh fhiú vóta, chuile dhuine acu?”

“D’fhéadfadh an ceart a bheith agat agus beatha dhuine a thoil! ach nach bhfuil fhios ag madraí an bhaile fhéin nach mbeadh ar mo chumas m’uimhir a haon a thabhairt do chuile dhuine acu, rud a fhágann nach bhfuil fágtha ach beirt, sin Micheál D. agus Ó Gallchobair, agus dá gcuirtheá chugam é, rogha a bhaint astu sin, déarfainn go bhfuil chuile sheans gurb é Gallagher a gheobhadh m’uimhir a haon, agus ansin thiúrfainn m’uimhir a dó do Micheál D. “

“Agus an bhfuil tú ag rá liom nach dtiúrfá oireadh na fríde fhéin do na hiarrthóirí eile?”

“Níl tada dá leithéid á rá agam, nó níl sa mhéid sin ach an tús, mar tá socraithe agam uimhir eicínt a bhronnadh ar chuile dhuine de na hiarrthóirí eile, nó thoiligh chuile dhuine acu, dá dheoin fhéin, seasamh mar iarrthóir sa toghchán seo, agus leis an mbeart sin, chuir siad chuile dhuine againn faoi chomaoin mhór. Ach, faoi mar adúirt Mártan a’ Tairbh liom, an lá cheana, chuile sheans gur duine den bheirt sin a roghnaigh mé, a thoghfar, Ach, ní raghaidh mé sa tseans leis, Mar sin, tabharfaidh mé uimhir eicínt do chuile dhuine den seachtar acu. Ach tá sé thar am agamsa bheith ag giorrú an bhóthair abhaile. Oíche mhaith agat anois, agus na déan dearmad ar do vóta a chaitheamh, lá an toghcháin.”

Slán abhaile!

Leis na focail sin bhí mo Shéimí bocht glanta leis an doras amach.

“Slán abhaile”! a chuir mé fhéin ina dhiaidh, ach chuile sheans nár chuala sé focal uaim, nó bhí sé scuabtha an doras tosaigh amach faoin am sin.

“Ná déan dearmad ar do vóta a chaitheamh lá an toghcháin.”

Nach maith an chomhairle í sin?

.

gaGaeilge