Uisce, Uisce, ar gach taobh….2

Peadar Bairéad

( This week we continue our story about Leaking Pipes)

Longbhriseadh an Hesperus.

Uisce, uisce, ar gach taobh,

Na hadhmaid fhéin faoi stró,

Uisce, uisce, ar gach taobh,

Ach gan bolgam fhéin le hól.

Labhair mé, an tseachtain seo caite, faoin mbille úd a fuair mé ó Uisce Éireann ag cur in iúl dom, nach mbeadh orm ach €64.00 a íoc as an méid uisce a d’úsáid mé, sa ráithe ó 1 Eanair go dtí an 31 Márta 2015, ach míníodh dom, dá mbeadh orm íoc as chuile líotar uisce a d’úsáid muid sa ráithe sin, go mbeadh orm 11,859.14 a íoc leo!! Ní call dom a rá, gur bhain an bille sin stangadh asam, agus shocraigh mé láithreach go ndéanfainn chuile iarracht a fháil amach, conas a tharla gur úsáid muid an oiread sin uisce i rith na ráithe sin, nó ní call a rá, go raibh a fhios agam go maith, nach bhféadfaí an oireadh sin uisce a úsáid sa teach s’againne, sa tréimhse sin, agus dá bharr sin, nárbh fholáir nó go raibh uisce ag sileadh as na píopaí áit eicínt idir an méadar agus na buacairí sa teach s’againne.

Béasach

Chuir mé glaoch fóin orthu láithreach, agus caithfidh mé a rá, i dtosach báire, go raibh Uisce Éireann béasach, cineálta cabhraitheach liom, ó thús, sa teangmháil a bhí agamsa leo. Ba é toradh a bhí ar an gcéad ghlaoch fóin sin nó gur shocraigh siad ar oifigigh a chur chugam, le fios fátha an scéil a fhiosrú, agus iarracht a dhéanamh ar a fháil amach, cá raibh an t-uisce ag scéitheadh as na píopaí uisce. Dá mbeadh an scéitheadh sin ag tarlú taobh amuigh den teach, idir an foirgneamh agus an méadar, bheadh Uisce Éireann sásta íoc as an bpíopa fabhtach sin a dheisiú agus a chur ina cheart arís, ach dá dtarlódh sé, go raibh an scéitheadh ag tarlú taobh istigh den bhfoirgneamh s’againne, bhuel! sa chás sin, luíodh an costas ar fad ormsa!

In am tráth, tháinig na hoifigigh sin chugainn, agus tar éis dóibh tamall a chaitheamh ag iarraidh teacht ar an áit a raibh an scéith, chuadar timpeall an tí agus gléasanna speisialta acu le scéitheadh a thabhairt faoi deara, ach cibé faoi sin, níor éirigh leo an cheist sin a scaoileadh dúinn, ach thugadar le fios dúinn, nár éirigh leo teacht air, agus go gcuirfeadh siad sin in iúl d’Uisce Éireann. Ar ball arís, chuir mé glaoch eile ar an gComhlacht, agus mhínigh mé an scéal doibh. Gheall siad go gcuirfeadh siad brathaire scéithe chugainn, le teacht ar an scéith sin. Ar ball, tháinig an brathaire scéithe chugainn, agus chuaigh i mbun oibre. Líon sé na píopaí s’againne le gás, agus ansin chuaigh thart le gléas speisialta, le bonn an gháis a bhí ag éaló a chur, agus tar éis dó tamall a chaitheamh ag dul ó cheann ceann an phíopa uisce, thosaigh an gléas braite ag sianaíl. “Thíos faoin bpointe sin atá an scéith arsa an brathaire scéithe, agus é ag síneadh méire i dtreo choirnéal cheann de na seomraí leapa.

Loch faoi’n urlár!

Bhí go maith! Chuir mé fios ar ár bpluiméir fhéin, agus mhínigh an scéal dó. Tháinig seisean, agus taobh istigh d’uair a chloig, bhí an poll sa phíopa uisce aimsithe aige. Chuir sé ionadh orainn an loch uisce a bhí le tabhairt faoi deara faoi urlár an tseomra sin, ach ba ghearr go raibh an píopa fabhtach deisithe aige, agus bhí an t-uisce ag teacht isteach chugainn ar lán-chumhacht arís, rud a bhí in easnamh orainn, dár linne, ó cuireadh an méadar uisce isteach, tamall maith roimhe sin.

B’in sin! Chuir mé an scéal ar fad in iúl d’Uisce Éireann ansin, agus bhíodarsan sásta nár luigh an costas orthusan! agus freisin, go raibh scéith eile sa chóras uisce deisithe, rud a d’ísleodh an méid uisce a bhí ag dul amú chuile lá as poill sna píopaí uisce. Agus arís, ba mhaith liom a chur in iúl dóibh go raibh mé thar a bheith sásta leis an gcaoi ar láimhseáil siad mo ghearán-sa.

.

gaGaeilge