Ag faire de shíor

Watching the Door

   (A Memoir 1971 – 1978)

By  

Kevin Meyers

Scríbhneoir cáiliúil

Ar na mallaibh is ea tháinig mé ar an leabhar seo a cheaduair, bíodh gur cuireadh cló air anuraidh, agus caithfidh mé admháil dhuit, gur bhain mé an-taitneamh as, b’fhéidir nach é sin an focal fóirstineach, i gcás leabhair dá leithéid, ach leor a rá, go bhfuil roinnt mhaith scéalta á ríomh ag an údar trí mheán an scéil seo. Déanfaidh mé tagairt don ghné sin den leabhar, ar ball, ach i dtosach báire, céard faoi’n údar fhéin?

Bhuel! Nach beag duine sa tír seo nár chuala trácht Kevin Meyers, an Iriseoir, agus an Nuachtóir, cáiliúil seo, mar tá a ainm I mbéal an phobail, le blianta fada anois, agus nach maith atá an cháil sin tuillte aige, trína chuid scríbhneoireachta ar nuacháin áirithe, thall is abhus trí dhomhan an Bhéarla, ach go háirithe trína cholún cáiliúil, misniúil, “An Irishman’s Diary” san Irish Times, nuachtán ar shaothraigh sé dó, ar feadh roinnt mhaith blianta. Tá cáil bainte amach ag Kevin freisin, mar úrscéalaí agus mar chraoltóir.

An “Irish Drumbeat” sin

I Leicester Shasana a rugadh é, cupla bliain, nó trí, I ndiaidh an Chogaidh Mhóir, mar a raibh a athair ag obair ag an am. D’fhás sé suas ansin, mar ar tógadh é mar Chaitliceach óg Éireannach.

“Far from being raised a republican, I had not even been raised in any real sense as Irish, just Catholic, although Ireland remained a constant drumbeat to my heart from over the horizon.

Ar ball, bhain sé Céim amach sa Stair I UCD, agus beagnach i ngan fhios dó fhéin, fuair sé post le RTÉ, agus nuair a tharla gur theastaigh nuachtóir ón Stáisiún le cur go Béal Feirste, roghnaíodh an t-údar, leis an mbeárna sin a líonadh. Tuigtear don údar fhéin, nach raibh sé cáilithe go cuí don phost sin, ach mar sin fhéin, bhailigh sé a chip is a mheánaithe, agus ó thuaidh leis. Sin an scéal atá á ríomh aige sa leabhar spéisiúil, spreagúil seo, na heachtraí a bhain dó, ó 1971 go dtí 1978, tráth raibh an Tuaisceart I ngreim docht na bhfórsaí úd, ar theastaigh uathu, ar thaobh amháin, an ceangal le Sasana a bhriseach, agus ar an dtaobh eile, bhí na fórsaí úd, ar theastaigh uathu an ceangal sin a choinneáil, agus a dhaingniú.

Oscailt Súl !

Lá i ndiaidh lae, agus bliain i ndiaidh bliana, d’éirigh an t-údar cleachtach ar chogaíocht, ar imshuíonna, ar luíocháin, agus ar mharú gan trua gan taise. Anois, mhair mé fhéin trí na blianta céanna sin freisin, agus léigh mé na cuntais a bhíodh foilsithe sna nuachtáin, ag an am, ach caithfidh mé a admháil, go mba oscailt súl domsa an leabhar seo a léamh, nó líon sé isteach na beárnaí, agus chuir sé ar mo shúile dom, go raibh an leagan amach, ó thuaidh, i bhfad Éireann níos measa, níos gráice, agus níos fíochmhaire, ná mar a tuigeadh dúinne anseo, ag an am. In aimsir chogaidh níor chóir don léitheoir leath dá léann sé a chreidiúint!

Chomh maith le cuntas a thabhairt dúinn ar an gcogaíocht ó thuaidh, faoi mar a thabharfadh iománaí ar bith ar chlaí, sé sin, fear a chonaic gníomhartha á ndéanamh, agus gníomhartha nach ndearnadh, tugann sé le fios dúinn freisin, an chaoi ar chuir sé aithne ar roinnt mhaith daoine, a raibh páirt ghníomhach á glacadh acu sa chogaíocht, agus san uisce faoi thalamh a ghabh lei.

I mbearna an bhaoil

Taobh le taobh leis na scéalta sin faoi chogaíocht agus faoi mharú, tugann an t-údar léargus macánta, inchreidte, dúinn, ar chúrsaí a shaoil fhéin, trí na blianta cráite, céasta, sin. Insíonn sé dúinn, go hoscailte, neamhbhalbh, faoi na mná ar chuir sé aithne orthu, agus nár mhinic a tharraing na cúrsaí céanna sin isteach I mbeárna an bhaoil é, bearna nach mbeadh aon éaló uaithi, dá mbéarfaí air, i leaba a bheadh crosta air!

Leabhar spéisiúil

Tá scéalta le léamh sa leabhar seo freisin, faoi charachtair áirithe, a ghlac páirt nár bheag sna Trioblóidí ó Thuaidh, ach caithfidh mé an chuid eile den obair a fhágáil fút fhéin. Tá mé cinnte, go mbainfidh tú sásamh as an leabhar seo. Sea, chaith an t-údar blianta fada “Watching the Door”, ar eagla go dtiocfadh gunnadóir buile isteach i ngan fhios, agus go spréifeadh sé an áit le luaidhe the, mharfach.

Ach tá na laethe sin thart anois, agus bímis buíoch do Dhia dá bharr.

.

Peadar Bairéad

gaGaeilge