.

Millfear sinn uilig !

.

De thimpiste a tháinig mé ar chóip den seanleabhar úd a foilsíodh i dtús fhicidí na haoise seo caite, “Around the Boree Log,” agus rinne mé caol díreach ar an ndán sin, a gcuirimis uilig spéis ann, blianta fada ó shoin. Léigh mé ó thús deireadh é, agus ní fhéadfainn gan ceangal eicínt a fheiceáil idir an dán sin, “Said Hanrahan,” agus cás na tíre seo, i láthair na huaire seo. Níl le déanamh agat ach éisteacht le clabaireacht saineolaithe áirithe, ar an raidió, nó ar an teilifís, nó déan scribleáil na saoithe eile sin ar ár nuachtáin a léamh, agus iad ar a gcliatha fis, ag cur a ndán crua in iúl don chosmhuintir bhocht s’againne, agus tuigfidh tú céard chuige a bhfuilim. Dár leo, tá an tír bhocht seo imithe tigh an diabhail le roinnt bheag blianta anuas. Tá muid millte, briste, creachta, báite go dtí na cluasa i bhfiacha, agus gan ar ár gcumas na fiacha sin a ghlanadh. Sea, tá an sean-náisiún s’againne bancbhriste, bánaithe, dár leosan. Nach gcuirfeadh sin an dán “Said Hanrahan” leis an sagart úd, Patrick Joseph Hartigan, a scríobh faoin ainm cleite úd, John O’Brien, i gcuimhne do dhuine. Nach é an deilín céanna a bhíonn ag chuile shaineolaí acu…

“We’ll all be rooned”

Millfear sinn uilig, nó níl slánú i ndán dúinn, thíos nó thuas, ar dheis nó ar chlé. Féach mar a chuir an file é :-

“We’ll all be rooned”, said Hanrahan,

In accents most forlorn,

Outside the church, ere Mass began,

One frosty Sunday morn.”

Ba é cúis a bhí lena thuar éadóchais nó go raibh triomach mór ag cur in iúl do dhaoine, go raibh baol ann, go millfí féar agus barraí orthu, mura bhfaighidís braon fearthainne gan aon ró-mhoill…

“The crops are done; ye’ll have your work

To save one bag of grain;

From here way out to Back-o’-Bourke

They’re singin’ out for rain.

.

“If rain dont come this month,” said Dan,

And cleared his throat to speak-

“We’ll all be rooned,” said Hanrahan,

“If rain don’t come this week.”

Sea, an-chosúil leis na saoithe a thuarann bascadh, creachadh, is milleadh, orainn ó lá go lá, na laethe seo. Cheapfá go raibh na saoithe agus na saineolaithe seo ag baint na sál dá chéile ag iarraidh dán níos measa ná dán an fhir eile a thuar dúinn mar chine. Tiocfaidh an ECB. nó an IMF, isteach sa mhullach orainn, agus geallaimse dhuit é, go múinfidh na boicíní sin fios ár mbéas dúinn i ngearraimsir!

Nach cuma céard a tharlóidh?

Ach le filleadh ar Hanrahan…In am tráth, tháinig an fhearthainn, agus d’fhás agus d’fhorbair na barraí agus an féar, agus nuair a bhí a ndóthain fearthainne faighte ag na daoine uaisle seo, thosaigh siad ag clamhsán arís…

And every creek a banker ran,

And dams filled overtop;

“We’ll all be rooned,” said Hanrahan,

If this rain doesn’t stop.”

Agus in am tráth, stop an bháisteach, agus lean chuile shórt ag fás leis go buacach. Sea, agus bhí fear go glún “on Caseys place” arís, agus chuile dhuine breá, sásta le cúrsaí. Ach céard a tharlódh dá dtiocfadh triomach agus go mbeadh an féar sin i mbaol a dhóite? Seo mar a chuirtear sa dán sin é…

“There’ll be bush-fires for sure, me man,

There will, without a doubt;

We,ll all be rooned,” said Hanrahan,

Before the year is out.”

Is cuma céard a tharlódh sa todhchaí, tá ár gcaiscín meilte sea, agus ar gcosa nite freisin, nó creachfar sin uilig gan dabht ar domhan. Nach é sin an scéal a scaoiltear chugainn ó shaoithe úd na meán, agus ó roinnt áirithe Gaiscígh Dála. Nach cuma cén leigheas a moltar dár ngalar, déantar é a chaitheamh i dtraipisí gan aon ró-mhoill, mar nach n-oirfeadh sé dár gcás, dár leis na saineolaithe seo.

Teacht aniar agus spreacadh

Ach, nach bhfuiltear ag déanamh dearmad ar neart, ar theacht aniar, agus ar spreacadh an chine s’againne. Cine a mhair agus a tháinig slán ó ionradh na nDanar, agus na Normannach. Cine a tháinig slán ó ár agus ó shléacht an Ghorta Mhóir, agus cine a tháinig trí chogadh na saoirse agus trí chogadh na gcarad. Cine ar éirigh leo teacht i dtír tar éis chruatain agus chéasta chúlu eacnamaíochta thriochaidí an ocrais, agus ochtóidí an ghanntain. Cine a bhfuil scileanna, clisteacht, agus teacht aniar, gan teorainn iontu. Caithfear glacadh leis, go bhfuil sliabh ard le dreapadh againn, an babhta seo, ach más féidir linn cur le chéile, éireoidh linn. In am an ghátair a aithnítear na cairde!

Am an ghátair

Bhuel, seo am an ghátair. Seo an t-am le tírghrá, aontacht, agus comhar na gcomharsan, a athmhúscailt sa chine s’againne. Diúltaímis feasta do dhearcadh Hanrahan. Ní éirí amach a theastaíonn uainn faoin am seo, ní hea, in aon chor, nó is é atá uainn anois nó, éirí as easaontas agus sceanadh, agus ár ndúthracht uilig a dhíriú ar an ród seo romhainn. Sea, agus tá sé chomh maith dhúinn dearmad a dhéanamh ar an mbladar a scaoileadh chugainn laethe Chonradh Lisboa, faoi na cairde móra a bhí againn i gcroí na hEorpa. Cinnte beidh na cairde sin againn, chomh fada is nach dteastaíonn cúnamh airgid uainn! Cairde móra, how are yeh! Tiocfaimid slán, ach caithfimid cur chuige mar phobal aontaithe.

Sea, agus fear na bó faoin ruball, feasta!

.

.

.

gaGaeilge