by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Fís an Cheiltigh
.
(This week we take a look at an epic and moving novel based on the life and times of Roger Casement)
.
The Dream of the Celt….le….Mario Vargas Llosa
.
Gafa i bPentonville
I bPeiriú a rugadh an t-údar seo sa bhliain 1936. Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach aige mar úrscéalaí, agus bronnadh Duais Nobel sa Litríocht air, sa bhliain 2010. Deirtear ar chlúdach cúil an leabhair seo….
“Casement was feted as one of the greatest humanitarians of the age. Now he is about to die ignominiously as a traitor.”
Is dócha go bhféadfá a rá, gur ar na tairní sin a chrochann Mario Vagras Llosa bunús an úrscéil seo faoi Ruaidhrí Mhac Easmainn. Ba í Edith Grossman a d’aistrigh an leabhar seo go Béarla.
Tosaíonn an scéal agus Casement ina phríosúnach i bPríosún Phentonville, i Samhradh na bliana 1916, agus é ag fanacht ar a choinne leis an gcrochadóir, nó bhí sé daortha chun a chrochta agus bíodh go raibh sé ag fanacht ar fhreagra na n-údarás ar a iarratas ar thrócaire, tuigeadh dá lán nach bhfaigheadh sé, i ndeireadh na preibe, ach an t-eiteachas.
Cuireann na t-údar síos i dtosach ar óige Roger, agus mar a d’fhás sé suas sa tír seo. Agus bíodh gur rugadh i mBaile Atha Cliath é, rómhair sé leis an gcois eile, nó féach mar a chuireann an t-údar é…
“…he took for granted what his father, Captain Roger Casement, who had served…in India, had inculcated in him: his true birthplace was County Antrim in the heart of Ulster, the Protestant and pro-British Ireland where the Casement line had been established since the eighteenth century.”
Fuair an t-athair sin bás den eitinn sa bhliain 1876, agus ó tharla go raibh an mháthair básaithe cheana féin, fágadh Roger óg ina dhílleachta, agus gan é ach dhá bhliain déag d’aois. D’fhás agus d’fhorbair sé, agus ar ball, chaith sé seal ag déanamh taighde ar iompar na nEorpach sa Chongo, go háirithe dhírigh sé a aire ar iompar Leopold na Beilge, agus an chaoi ar bhain seisean agus Eorpaigh eile, sochar as allas agus as feoil na ndúchasach sa tír sin. B’uafásach go deo an scéal a bhí le hinsint aige ar deireadh thiar, nuair a bhí a ghnó sa Chongo críochnaithe aige.
Putumayo Pheiriú
Faoi mar a insíonn an t-údar scéal Roger, filleann sé, gach re seal, ar a chruachás i bpríosún, agus é ag fanacht ar scéal ó na h-údaráis, cé acu a raibh siad sásta an bhreith bháis a loghadh dó, nó nach raibh, agus ansin, leanann sé ar aghaidh leis an scéal, ag cur síos ar an gcarn oibre a dhein Mac Easmainn ar son dhúchasaigh na Congo, agus ar son mhuintir Amazonia freisin. Ba mhór an oscailt súl é do chiníocha sibhialta an Iarthair, ach go háirithe, tráth chuala siad faoi’n leatrom agus faoin éagóir uilig a bhí á ndéanamh ina n-ainm siúd, i bPutumayo Pheiriú agus sna dúthaigh iargúlta sin Amazonia.
Ba dhian an praghas a dhíol sláinte agus aigne Ruaidhrí fhéin, fad is a bhí an taighde céanna sin á dhéanamh aige ar an mí-úsáid a tugadh do na ciníocha céanna sin. Ach, gan dabht ar domhan, d’aithin an saol mór sibhialta an gar gan áireamh a rinne sé dóibh, agus moladh go hard na spéire é mar an daonchara ba mhó a mhair lena linn. Dá chomhartha sin, bhronn an Impireacht fhéin gairm Ridire air, agus cheapfá go mbeadh an saol mór ar a thoil aige feasta, ach ní mar a shíltear a bhítear go minic, nó ag an bpointe sin, gabhadh in eangach greamaitheach na náisiúntachta Éireannaí é, mar b’fhacthas dó, go raibh éagóir agus leatrom á ndéanamh ar a chine fhéin freisin, agus gur chóir dó rud eicínt a dhéanamh faoi. Rud a dhein. Ach gabhadh ‘in flagrante’ é ar chósta Chiarraí agus chuir sin, agus poibliú a dhialanna, na tairní deiridh ina chónra.
An-leabhar, an-léamh, ina gcuireann an t-údar faoi gheasa sinn, lena scil, lena scéal, agus lena thuiscint ar stair na tréimhse sin.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
An Bonnaire
.
The Footman…by…A. O’ Connor
Céadchló………………………………2015
Peadar Bairéad
(This week we review A. O’ Connor’s historic novel, The Footman.
.
Féach orm anois!
San úrscéal seo tugann an t-údar, Andrew O’ Connor, spléachadh dúinn, i dtosach báire, ar ar bpríomhcharactar, Joseph Grady, sa bhliain 1988, agus é anois ina sheascaidí, agus é ina abhchóide cáiliúil i mbun oibre i gcúirt i Londain Shasana, agus trí úsáid a bhaint, den chéad uair riamh, as fianaise an DNA éiríonn leis a chruthú gurbh í an cúisí fhéin a mharaigh a céile fir, agus tríd an bhua sin éiríonn leis freisin cur lena cháil mar abhchóide den scoth.
Ar ball, léigh an t-abhchóide cáiliúil sin cuntas i nuachtán faoi bhean eile a gabhadh, agus a rabhthas lena cúiseadh i ndúnmharú a céile fir freisin, ach amháin, gur tharla an marú sin thart ar dhá scór bliain roimhe sin. Sa chás seo áfach, ba dhuine den uasaicme í an cúisí, iníon an Tí Mhóir, Cliffenden House, arbh ainm di Cassandra Fullerton. Bhí a hainm i mbéal an phhobail le blianta fada faoin am sin, agus í daortha, crochta, cheana féin, ag bunús mór an phobail. Chuir Joseph Grady suim agus dhá shuim sa scéal sin láithrach bonn, nó bhí seanaithne aige ar Cliffenden House, agus ar mhuintir Fullerton freisin, nó nuair nach raibh sé ach sna déaga, sa bhliain 1937, d’éirigh leis post a fháil mar Footman i gCliffenden House,. Bí ag caint ar an dá shaol! agus nárbh é an Joseph céanna sin a chonaic an dá shaol sin. Bhí i dtosach, saol na mbocht, agus ansin, ar an dtaobh eile, bhí saol an mhadaidh bháin, faoi mar a chaith muintir an Tí Mhóir é.
Joe ina Bhonnaire!
Ach cibé faoi sin, d’éirigh le Joseph post a fháil i gCliffenden House, a bhuíochas sin, cuid mhaith, do Cassandra, nó Cassie, faoi mar a thugadh a cairde uirthi. Níorbh aon ribín réidh é, áfach, an buitléir a bhí mar mháistir ag Joseph, le linn a thréimhse sa Teach Mór sin. tharla cairdeas idir Cassie agus Joseph ó thús, agus bhain sise úsáid as Joe le teachtaireachtaí i iompar di go dtí Bowden Grey, fear óg san áit, a raibh sí i ngrá leis. Theastaigh ó thuistí Cassie áfach, go bpósfadh sí baincéir saibhir ó Mheiriceá, Wally Stanton, nó, leis an bhfírinne a rá, bhí ganntanas airgid ag teacht idir iad fhéin agus codladh na hoíche, ach bhí ceatai sa scéal sin, nó ní raibh fonn ar bith ar Cassie an fear sin a phósadh, nó bhí sí splanctha i ndiaidh Bowden. Lean an scéal sin amhlaidh ar feadh tréimhse, ach nuair a tháinig an crú ar an tairne agus nuair a chuir na tuistí brú ar Cassie an baincéir sin, Wally Stanton, a phósadh, shocraigh sí fhéin agus Bowden Grey éaló leo go Meiriceá. Agus ionas nach mbeadh fios a dhath faoi sin ag na tuistí, nó ag Wally, lig Cassie uirthi go bpósfadh sí Wally, sa tslí go nglanfadh Wally fiacha an Tí Mhóir, ach ag an am gcéanna sin, shocraigh Bowden go raibh an t-am tagtha, agus thug sé litir do Joe le tabhairt do Cassie, ag moladh di éaló agus buaileadh leis in áit speisialta, taobh istigh de chupla lá. Ag an am sin, shocraigh Joe, tar éis dó an litir sin a oscailt agus a léamh, gan an litir a thabhairt do Cassie, nó tuigeadh dó, go mbeadh post mar bhuiltéir le fáil aige fhéin i dtigh Wally, dá bpósfadh Cassie Wally, agus tuigeadh dó freisin, go mbeadh saol níos fearr i ndán do Cassie sa chás sin, ná mar a bheadh aici dá n-éalódh sí le Bowden Grey. Bheul! Phós Cassie Wally, nó tuigeadh di, gur thréig Bowden í, agus níorbh fhada gur tuigeadh di freisin, go raibh botún doleigheasta déanta aici.
Cassie ar a Coimeád!
Tharla go raibh Wally agus Cassie i bPáras le linn an chogaidh, agus ba é críoch an scéil sin nó gur mharaigh Cassie a céile fir agus gur éirigh lei éaló ón dlí agus teach iostais a fháil agus a riar, ar feadh blianta fada, ach ‘dá fhaid a théann an sionnach beirtear sa deireadh air’, faoi mar adeir an seanfhocal, agus ba é an scéal céanna é i gcás Cassie, agus ba ansin a léigh Joe faoin scéal, agus dár ndóigh, b’eisean a fostaíodh len í a chosaint os comhair na cúirte.
Ar éirigh le Joe í a shaoradh? Agus céard a tharla ina dhiaidh sin? Bhuel , caithfidh tú an leabhar sin a fháil, is a léamh, le fios fátha gach scéil a fháil amach duit fhéin, ach tá mé cinnte go mbainfidh tú taitneamah as an scéal seo.
An-léamh. An-scéal. An-stíl. An-scéalaí. Is fiú go maith é a léamh.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
The House of Special Purpose…………2009
By
John Boyne……………………………………£14.99
.
Scéal Corraitheach
Mar bhronntanas a fuair mé an leabhar seo, ar na mallaibh, agus déanta na fírinne, is fada an lá ó léigh mé leabhar chomh corraitheach leis. John Boyne a chuir an leabhar breá seo i dtoll a chéile. In Éirinn a rugadh is a tógadh an t-údar seo, a bhfuil sé húrsceal curtha dhe aige, cheana féin, agus an leabhar mór-ráchairte, The Boy in the Striped Pyjamas, ina measc. Tá fáil ar a úrscéalta i gcúig theanga is triocha, faoin am seo. Tá cónaí ar an údar ildánach seo i mBaile Átha Cliath. Ach le filleadh ar an leabhar corraitheach seo…..
Tosaíonn an scéal seo sa bhliain 1981, agus príomhcharachtar an scéil, agus fear inste an scéil freisin, Georgy Daniilovich Jachmenev, ag dul siar ar bhóithrín na smaointe. Nach ait mar a chuireann sé chun bóthair siar…
“My mother and father did not have a happy marriage. Years have passed since I last endured their company, decades, but they pass through my thoughts almost every day for a few moments, no longer than that..”
Bóithrín na Smaointe
Tá sé ina sheanfhear anois, é dhá bhliain is ceithre scór d’aois. Insíonn sé dúinn faoina thuismitheoirí, faoina óige, faoina shaol i seirbhís an Sáir, mar chaomhnóir ar Alexei, an Sárevich, agus faoi thréimhse na réabhlóide, nuair a scriosadh an tsean-ré, agus nuair a d’éalaigh Georgy ó thír a dhúchais. Níor fhill sé ar an dtír sin riamh ina dhiaidh sin. Ní hionann sin is a rá nach smaoiníonn sé orthu, corruair…
“It has been more than sixty years since I last laid eyes on any member of my blood family. It’s almost impossible to believe that I have lived to this age, eighty-two, and spent such a small proportion of my given time among them……….”
D’fhág sé na seanlaethe ina dhiaidh, agus thug aghaidh ar an saol mór amuigh. Tréimhse i bPáras na Fraince, agus an chuid eile dá laethe i Londain Shasana. Phós sé Zoya i bPáras, agus mhaireadar ar scáth a chéile ón lá sin anall. Ach, tháinig ailse ar Zoya, agus faoin am áirithe seo, tá sí do-leigheasta, agus í ag fanacht go foighdeach ar Ridire an Chorráin. Cuireann sé críoch lena thuras sin siar bóithrín na smaointe…
“Of course, I was not always this old and weak. My strength was what led me away from Kashin. (a bhaile dhuchais) It is what brought me to Zoya in the first place.”
Seolann an smaoineamh sin siar go laethe a óige é, siar go háirithe, go dtí an bhliain, 1915.
Ré na Sár
Is é cúlra stairiúil an scéil seo, nó Rúis na Sár, ón mbliain 1915 i leith. Ba é an Dara Nioclás, Sár na Rúiseanna uilig, a bhí i gcumhacht, ag an am, agus an tír ollmhór sin sáite go dtí na cluasa i gcogaíocht, thart ar an mbliain chinniúnach úd, 1915. Tharla ag an am sin, go raibh príomhcharachtar an scéil seo, Georgy Daniilovich Jachmenev sé bliana déag d’aois, agus é ag cur faoi in áit a dtugtaí Kashin air. Tharla ag an am sin díreach, go raibh colceathair an tSáir, An Diúc Nioclás Nicolaievich, ar a bhealach go dtí Palás an Gheimhridh, i St. Petersburg, príomhchathair Ríocht na Rúise, ag an am. Ar a bhealach trí Kashin, rinne cara Georgy iarracht ar an Diúc a lámhach, ach d’éirigh le Georgy an Diúc a shábháil trí theacht sa mbealach, d’aon ghnó, idir an Diúc agus an piléar, agus ba é toradh a bhí ar an ngníomh misniúil sin, nó gur crochadh a chara, agus gur tógadh Georgy fhéin go St. Petersburg, le bheith ina chosantóir pearsanta, nó ina chaomhnóir, ag an Sárevich Alexei, nach raibh ach ina ghasúr, d’aon bhliain déag, ag an am.
Níl dabht ar domhan, ach gur chuir a ghníomh cróga i Kashin, an lá úd, cor ina chinniúint, nó ón lá sin amach, níor leag sé spág leis ar thalamh Kashin go deo arís, nó níor chas éinne dá mhuintir leis, tiomanta dá dheirfiúr, Asya, a thaistil chomh fada le St. Petersburg, ag súil go mbeadh a deartháir ábalta post eicínt a fháil di san Ardchathair. Ach ní raibh. D’éirigh go maith le Georgy sa Winter Palace, agus bhí saol i bhfad níos fearr aige ann, ná mar a bhí ag a mhuintir, thiar ag an mbaile. Ní mhaireann an rith maith ag an each i gcónaí áfach, agus ba é an dála céanna ag Georgy s’againne é, nó i ndeireadh na dála, chuir na Bolsheviks cos i bpoll leis an Sár agus lena chlann, taobh amuigh d’Anastasia, an iníon ab óige den ál. D’éirigh le Georgy cúnamh a thabhairt di éaló óna naimhde, agus an choigríoch a thabhairt uirthi fhéin, agus i gcás Georgy fhéin, d’éirigh leis-sean Páras na Fraince a bhaint amach, áit ar chaith sé blianta, ag obair i siopa leabhar, agus áit ar phós sé a chailín bán, Zoya.
I Londain Shasana
Ar ball, thréigeadar beirt Páras, agus thugadar Londain Shasana orthu fhéin, áit ar shocraigh siad síos, agus áit ar chaith siad an chuid eile dá saol. Fuair Georgy post mar leabharlannaí, i Leabharlann Iarsmalann na Breataine. Bhí iníon amháin orthu, ach fuair sise bás, ach d’fhág mac ina diaidh. I ndeireadh a laethe thiar, tráth a raibh na ceithre scór bailithe ag Georgy, bhuail an ailse Zoya, ach shocraigh sí ar dhul ar thuras, sár a bhfaigheadh sí bás, turas siar ar thír….
Ach, le tuilleadh eolais a fháil faoi dturas, agus faoi chúrsaí saoil na beirte sin, sea, agus faoi rún diamhair an scéil fhéin, tá faitíos orm go gcaithfidh tú an leabhar a fháil agus a léamh, ach geallaimse dhuit é, nach mbeidh a chathú sin ort, nó tá an leabhar seo ar cheann de na leabhair is fearr, agus is spéisiúla dár léigh mé fhéin, le fada an lá.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
‘The Inniskeas’
.
Amongst Our Own – I gCeartlár ár nDaoine…..Céadchló….2016
le Tomás Bán O’Raghallaigh.…………………………………………………€30.00
.
Peadar Bairéad
Scéal Inis Cé
Rugadh agus tógadh mé fhéin in aice na farraige in Iorrras Domhnann i gContae Mhaigh Eo, agus is cuimhin liom fós an chéad uair a leag mé súil ar oileáin draíochta Inis Cé agus iad ina luí go socair, sásta, amuigh ansin ar imeall na mara móire faoi mar a bheadh míolta móra mara ag ligint a scithe ar an bhfoscadh in aice an chósta. Ba ghearr áfach, gur chuir m’athair ar an eolas mé nuair a mhínigh sé dhom nár mhíolta móra iad sin ach oileáin áille Inis Cé. Ón lá sin amach, ba chuid dílis de throscán m’aigne iad na hoileáin chéanna sin agus fiú sa lá atá inniu fhéin ann, níl le déanamh agam ach mo shúile a dhúnadh leis an radharc sin a dhathú athuair ar scáileán mo chuimhne, agus feicim go soiléir na hoileáin ghorma úd, feistithe ansin ar imeall na spéire goirme, siar ó dheas uaim. Ach ní chuige sin atá mé an iarraidh seo, nó ba é an rud a chuir ag tochrais ar an gceirtlín sin mé nó an leabhar breá sin le Tomás Bán Ó Raghallaigh faoi na h‘Inniskeas’, na hoileáin draíochta úd Inis Cé. Seo an chéad leabhar ó dhuine de bhunadh Inis Cé, faoi na hOileáin agus faoi shaol is faoi shaothar mhuintir na nOileán sin. Déanann an t-údar tagairt freisin do mhuintir Pharáiste na Cille Móire, nó nár chuid den pharáiste sin iad pobail Inis Cé? Ní call dom a rá go bhfuil dhá oileán idir chamáin againn anseo, Inis Cé Thuaidh agus Inis Cé Theas. Ní hé seo an chéad uair agamsa píosaí a scríobh faoi na hOileáin chéanna sin, faoi ‘Chaor’ Inis Cé’, faoi ‘Naomhóg Inis Cé’, agus faoi Bháthadh mór Inis Cé sa bhliain 1927, faoin chaoi ar tréigeadh na hOileáin sin sna luath triochaidí, agus faoin chaoi ar socraíodh bunús a bpobal sna bailte, Glais, agus Tamhain na hUltaigh, (Surgeveiw), ar ghob theas Leithinis an Mhuirthead.
An tÚdar
Rugadh agus tógadh an t-údar, Seán Bán O’Raghallaigh, i Surgeview, cóngarach don bhFód Dubh, sa bhliain 1952, agus is iaroibrí de chuid Éircom é, a bhfuil cónaí air faoi láthair i mBéal an Átha, é pósta le Anne Keane, ó Surgeview freisin, agus cúigear de mhuirín orthu. Chuir Tomás suim, agus dhá shuim, óna óige i leith, i seanchas a mhuintire, agus chuala sé an-chuid scéalta le linn a óige ó dhaoine ar chuid de phobail na nOileán iad. Sa tslí sin, bhailigh sé an-chuid eolais faoin bpobal ar díobh é, agus cuireann sé an t-eolas sin ar fáil go fial, flaithiúil, dúinn anois, i mBéarla, sa leabhar breá substaintiúil seo faoi na h‘Inniskeas’.
Ach le filleadh ar na hOileáin agus ar an leabhar seo. Deir an t-údar linn go raibh thart ar leathchéad clann i bpobail na nOileán, tráth thréig siad dúiche a sinsir sna luaththriochaidí. Labhraíonn an t-údar i dtosach, faoi Logainmneacha, agus ansin faoi na hOileánaigh, agus faoi “na chéad daoine a d’áitigh Inis Cé”, thart ar 1760, faoi mar a d’inis a mháthair dó agus é ina ghasúr ag fás suas i Surgeview. Fuair sé an-chuid scéalta freisin faoi na seanlaethe, ó dhaoine a rugadh agus a tógadh ar na hOileáin, nuair a bhí pobail na nOileán faoi bhláth. Labhraíonn sé faoi stair na dúiche uilig, agus faoin chaoi ar deineadh forbairt ar bhóithre agus ar bhailte ann. Scríobhann sé faoi stair na dúiche, agus faoi mar a chuir líonadh agus trá chúrsaí náisiúnta isteach ar shaol agus ar shaothar na bpobal sin. Tá cur síos le fáil ón údar freisin, ar logainmneacha na dúiche, agus faoin seanchas a ghabhann lena mbunús, faoi ‘Thobar Dheirbhile’, faoin ‘bhFál Mór’, faoin ‘dTúr a tógadh i nGlais’, faoi ‘Ghlún an Asail’, faoi thithe galánta sna dúiche timpeall, agus faoi thuilleadh dá leithéid.
Pictiúir agus Léirscáileanna
Is breá suimiúil iad na pictiúir atá le feiceáil againn, ar na leathanaigh ó 150 go dti 169, agus na léirscáileanna ar na leathanaigh ó 170 go dti 173, mar a dtugann sé suíomh na dtithe agus na dteaghlach eagsúil ar Inis Cé Thuaidh agus ar Inis Cé Theas. Ar leathanach 173 tugann sé léarscáil eile dúinn ina léiríonn sé dúinn suíomh thithe na dteaghlach ó na hoileáin faoi mar a socraíodh iad i nGlais, agus i dTamhain na hUltaigh, sna luaththriochaidí. Ansin tá píosa breá le fáil faoi shloinnte na ndaoine a d’áitigh na hOileáin agus na dúiche timpeall, thart ar an am sin. I measc na Sloinnte sin tá Bairéadaigh, Breathnaigh, Gáchánaigh, Maoineachánaigh, Muineachánaigh, Croithínigh, Raghallaigh, agus tuilleadh. Ní gá a rá, gur spéisiúil a bhfuil le rá ag an údar faoi na clanna áirithe sin.
Agus le críoch a chur lena scéal, tugann an t-údar cupla ábhar spéisiúil eile dúinn i ndeireadh an leabhair dea-dheartha, dea-thaighdithe, dea-scríofa, seo, agus sin iad Amhráin Inis Cé, agus Tairngireachtaí Bhriain Rua Uí Chearrbháin, agus chomh maith leo sin, tá ainmneacha an deichniúir iascaire a cailleadh oíche an ochtú lá fichead de Mhí Dheireadh Fómhair 1927, agus píosa beag fúthu, le fáil ar na leathanaigh ó 485 go dtí 487. tá an píosa seo mar chloch phréachain ar an scéal ar fad, faoi mar a bheadh inscríbhinn ar leacht na n-iascairí a cailleadh i ’27, ainmneacha atá le fáil againn freisin, ar an leacht a thóg deoraithe Gael, ó Denver Colorado, go gearr ina dhiaidh sin. Cuireann an t-údar críoch lena scéal i gCaibidil a Seacht, le Tairngreacht Bhriain Rua. Ní call dom a rá, go mbíodh eolas ag chuile Iorrasach ar na Tairngreachtaí céanna sin, sea, agus bhíodh siad de ghlan mheabhair ag roinnt áirithe daoine. Nuair a tharlaíodh aon rud neamhghnách, deireadh duine eicínt, “Nach raibh sin ráite i dTairngreacht Bhriain Rua?
Is iontach go deo an méid eolais faoina bhunadh fhéin, na Raghallaigh, agus
faoi bhunadh a dhúiche, atá bailithe, agus leagtha os ar gcomhair, ag Tomás Bán Ó Raghallaigh sa leabhar seo. Tá mé ag ceapadh, go gcuirfidh daoine fáilte is fiche roimh an leabhar breá seo faoi Oileáin dearmadtha Iorrais, nó díríonn an leabhar seo tóirse an taighde, ar deireadh thiar thall, ar Inis álainn Cé.
Cuimhní a dúisíodh
Ní gá a rá gur chuir mé fhéin spéis faoi leith sa leabhar seo, mar is Iorrasach go smior na gcnámh mé fhéin, agus chomh maith le sin, tá an-eolas le fáil faoi na Bairéadaigh ann, agus taobh amuigh de sin ar fad, tá tagairt do bheirt aintín liom, le fáil ann, agus sin iad Maggie Monaghan a phós Micheál Mac Pháidín, oileanach, agus Judy Monaghan a phós Jack Gaughan ón Tearmann, beirt a thagadh ar chuairt chugainn anois is arís, agus beirt a mbíodh fáilte i gcónaí rómpu sa teach s’againne, agus fad a théann mo chuimhne anois, gaeilgeoirí líofa ba ea an bheirt acu. Sea, agus chomh maith le sin, ba mhinic a thugamarna cuairt ar theach na nGáchánach ar an Tearmann, tráth mbíodh muid ag déanamh Turas Thobar Dheirbhile ar an bhFál Mór fadó. I dtús an Fhómhair a théimis ar an oilithreacht bhliantúil chéanna sin, de ghnáth, agus bhínnse im phíolóta, ag tiomáint an asail do mo Mham, nó nach fearr marcaíocht ar asal nó coisíocht dá fheabhas! Bhuel! sin cuid de na cuimhní a dhúisigh an leabhar seo faoi ‘na hInniskeas’ sa chroí istigh ionnam. Ní gá a rá, go mbeidh tóir agam ar an leabhar céanna sin, go rialta, as seo amach.
Céard fútsa, a léitheoir?
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
I mBéal an Phobail
The Last Runaway…by…Tracy Chevalier…Ceadchlo 2013...£7.99
.
Peadar Bairéad
Ó ‘Dorset’ go ‘Ohio’
Suíonn an t-údar an scéal seo, faoi’n saol in Ohio i lár an naoú haois déag agus bíodh go bhfuil scéal na gcarachtar éagsúil á sníomh go cliste, ealaíonta, aici i muabhrat ildaite a saoil, ag an am gcéanna, ní féidir éaló ó phríomh aidhm an scéil, i. éagóir agus leatrom na sclábhaíochta, faoi mar a chleachtaítí í i Stáit Deisceartacha Mheiriceá, ag an am sin. Braitheann inchreidteacht an scéil ar chruinneas, agus ar dhoimhneas, na taighde a deineadh mar dhúshraith don scéal seo. Ach le filleadh ar an scéal fhéin, is dócha go bhféadfá a rá, gurbh í Honor Bright, imirceach ó Dorset Shasana, ar bhall de Chuallacht na gCáirde ansin í, is dócha gurb í príomhcharachtar an scéil seo í. Bean óg, ar thréig a leannán Sasanach í, agus a shocraigh ansin go raghadh sí ar imirce go hOhio Mheiriceá in éineacht lena deirfiúr Grace, a bhí ag dul anonn le go bpósfadh sí a leannán, thall i dtír na bPuncán. Níor thaitin an turas farraige go ró-mhaith le Honor, ach bhí dán níos measa fós roimpi amach, nó níorbh fhada thall iad, nuair a sciob an fiabhras buí a deirfiúr, Grace, chun siúil. Fágadh Honor ar an mblár folamh ansin, ach d’éirigh lei bheith istigh a fháil ó, Bhelle Mills, haitéir áitiúil, mar ar tugadh deis di a ceird mar fhuálaí oilte a chleachtadh, rud a leath a cáil mar fhuálaí sciliúil, a raibh an-ghlaoch ar a saothar thall, ach tar éis di tamall a chaitheamh ar lóistín le Belle, d’imigh sí chun cónaithe, go hOberlin, mar a mhair ‘fiance Grace agus a dheirfiúr, Abigail. Níor éirigh go ró-mhaith lei san ionad sin, agus ar ball, phós sí feirmeoir áitiúil, Jack Haymaker.
An Bóthar Iarainn faoi Thalamh
Níor éirigh go ró-mhaith lei ansin, ach oiread, mar níor ró-chairdiúil, nó ró-chomharsanúil iad máthair a céile, Judith, nó deirfiúr a céile, Dorcas, ach oiread. Bhí ceataí eile sa scéal sin freisin, nó thosaigh Honor ag cabhrú le Gormaigh a bhí ag taisteal ar an ‘mBóthar Iarainn faoi Thalamh’, mar a thugtaí ar bhealach éalaithe na sclábhaithe gorma, agus iad ar a mbealach ó thuaidh, ar thóir saoirse ón sclábhaíocht ina raibh siad gafa gan dóchas, go nuige sin. Ní go ró-mhaith a thaitin sin le muintir a céile, nó bíodh go mba bhaill de Chuallacht na gCáirde iad, ag an am gcéanna, ba dhream iad nár theastaigh uathu dlí na tíre a bhriseadh, go háirithe ó bhí pionóis throma le gearradh orthu siúd a bhrisfeadh na dlíthe céanna sin, dlíthe a chosain cearta únéireachta sna Stáit Deisceartacha. Ba é deireadh an scéil sin nó gur fhág Honor teach a céile agus gur thug sí siopa Bhelle Mills uirthi fhéin, áit ar mhair sí ar feadh scathaimh, í ag obair sa siopa, ag cabhrú le Belle, a raibh galar a báis tolgtha aici faoin am sin. I rith an ama seo uilig, bhí Belle agus Honor ag cabhrú leis an gormaigh a bhí ag éaló ón sclábhaíocht agus iad ar a mbealach ó thuaidh go Ceanada go hairithe, áit ina mbeadh siad slán, sábháilte agus saor ó dhaoine cosúil le Donovan, daoine a bhíodh de shíor sa tóir orthu d’fhonn iad a thabhairt ar ais chuig a n-úinéirí ó dheas, nó b’in an tslí bheatha a bhí acu ag an am.
Tá an-trácht ar chuilteáil sa scéal seo freisin, nó ba scíl í imeasc baill de Chuallacht na gCáirde i Sasana, agus ar bhealach freisin, imeasc bhaill an Chumainn in Ohio. Feictear go soiléir go bhfuil Honor an–bhródúil as a scil fhéin sa cheird seo, agus léiríonn sí freisin an drochmheas a bhí aici ar iarrachtaí mhuintir Ohio caighdeán réasúnta a shroichint sa cheird ealaíonta sin.
Críoch oiriúnach?
Ar an muabhrat sin a chrochann an t-údar seo a scéal, scéal a thugann deis di a taighde ar shaol agus cultúr na bPuncán a leagan os ár gcomhair amach, agus chomh maith le sin, tugtar deis di an cultúr thall a chur i gcomparáid le cultúr mhuintir Dorset, ag an am sin. Conas a thiúrfaidh an t-údar an scéal spéisiúil seo chun críche? Cad a dhéanfaidh Honor? An éireoidh le Donovan í a mhealladh? Nó an ndíbreofar Honor as Cuallacht na mBráithre ? Agus céard faoi Belle Mills fhéin? Le freagra na gceisteanna uilig sin a fháil níl le déanamh ag duine ach an leabhar fhéin a fháil is a léamh, agus déarfainn fhéin gur fiú go maith an tairbhe an trioblóid.
.
.
.
.
.