5u Deireadh Fomhair 2004.

.

A r n a M i s i n 1 9 .

**************************

……After the Flash Flood……

Sa ghála (instalment) deiridh, agus mé ag cur síos ar eachtraí an lae úd, an 26 Lúnasa, 2003, is cuimhin libh, an chaoi ar éirigh linn na cosa a bhreith linn as baile Julien, nuair a tharla go raibh muid amuigh le linn díle fearthainne, nó, “flash flood”, mar a thugthar ar a leithéid, sa taobh sin tíre. Bhuel, ar ár mbealach ar ais abhaile, an tráthnóna sin, nuair a ghlan an spéir arís, agus nuair a cheapfá nach bhféadfadh spéir chomh glan, braon báistí a scaoileadh anuas ar éinne riamh arís! Chuamar thar Loch álainn Cuyamaca, loch ata suite i gCuyamaca Rancho State Park, áit a gcaitheann roinnt mhaith daoine seal saoire, ag campáil, mar bheadh sé deacair dúiche níos áille do chaitheamh aimsire dá leithéid, a fháil, áit ar bith. Píosa eile chun tosaigh ansin, agus tháinig muid ar “Chaomhnú Indiach,” (Indian Reservation) Caomhnú na Viejas (Fuaimnigh….Bhí.. é.. theas). Agus bí ag caint ar “Chaomhnú”! mar bheadh sé deacair baile agus foirgintí chomh hálainn, a fháil i do shiúl lae. Anois, bhí an Caomhnú seo tamall isteach ón mbóthar, ach ó tharla gur theastaigh sos uainne, le teacht chugainn fhéin arís i ndiaidh na díleann, shocraíomar ar scathamh a chaitheamh sa Chaomhnú seo.

On the Reservation .

Níorbh ionann an Caomhnú seo agus Caomhnuithe Indiacha eile a chonaiceamar, áit nach mbeadh fáilte roimh dhuine geal, nó bhí fógraí sa timpeall anseo, ag iarraidh ar an taistealaí, geal nó gorm, buaileadh isteach chucu.

Tuige an raibh siad chomh fáilteach sin, sa chás áirithe seo, an ea?

Bhuel, nach bhfuil Ionad ollmhór Siopadóireachta, agus Ionad fairsing Cearrbhachais, tógtha acu, i lár an Chaomhnaithe, sea, agus chomh maith le sin, tá tithe bia, le cúl a chur ar ocras agus tart na gcuairteoirí, le fáil go flúirseach ann. Féach mar a chuirtear é, sa bhfógra glic úd, atá acu leis an gcuairteoir a mhealladh isteach chucu…..

Come for the food, stay for the chips.

Déanann na hIonaid chéanna sin carn airgid don treibh, chuile bhliain, sa chaoi go mbronntar sparán teann ar chuile bhall den treibh chéanna sin in aghaidh na bliana, agus gan orthu faic na fríde a dhéanamh len é a shaothrú.

Ach, b’fhéidir go ndéarfadh duine, nach bhfuil an cearrbhachas dleathach i Stát Chalafóirnia, agus tuige mar sin a gceadaítear é i gCaomhnú úd na Viejas?

Gambling permitted .

Is í cúis go gceadaítear é sa Chaomhnú sin, nó nach ritheann dlí an Stáit taobh istigh de theorainneacha an Chaomhnaithe, agus sa tslí sin, tá de chead ag ceannairí na Treibhe sin cearrbhachas a cheadú, taobh istigh dá gCaomhnú fhéin.

Agus an ndéanann aon Treibh eile an cleas céanna a dhéanamh ina dtailte siúd?

Bí cinnte go ndéanann, agus sa tslí sin, saothraíonn na hIndiaigh seo na milliúin Dollar, in aghaidh na bliana, ag freastal ar an bhfonn millteach chun cearrbhachais, a chránn an fear geal. Tá roinnt mhaith treibheanna anois a bhfuil Ionad Cearrbhachais i mbun oibre acu, le hairgead a chur ar fáil do bhaill an Chaomhnaithe. Agus ní hé sin amháin é, ach cuireann siad cuid áirithe dá dteacht isteach ar leataobh, len é sin a roinnt ar aon treibh nach bhfuil Ionad Cearrbhachais dá gcuid fhéin acu. Sea, mh’anam, ar deireadh thiar, tá ar chumas na bhfear rua, an dubh a chur ina gheal ar an bhfear bán, tar éis na robála go léir sin a dheineadh orthusan, anuas tríd na blianta fada úd, nuair a d’éirigh leis na fir gheala saibhreas na nIndiach a mhealladh uathu, ar chupla coirnín gloine!

Thainig a la !

Sea mh’anam, tháinig a lá! Ní call dom a rá, gur Ionad ollmhór Siopadóireachta atá tógtha acu anseo. Féach mar a chuirtear sa phoiblíocht é….

“Designed after an authentic Native American village, and nestled among acres of lush landscaping, natural water features, and massive rock formations. The Viejas Outlet Center is truly a one-of-a-kind, open-air shopping, dining and entertainment complex”…….

“Let the kids laugh and play in our interactive water fountain”…..

“The fun starts just a half-hour east of San Diego.”

Sea, mh’anam, nach fada ón Tepee, agus ó na comharthaí toite a tháinig na Viejas, le tamall de bhlianta anuas, agus nach n-aontófá liom, go raibh a leithéid tuillte, agus tuillte go maith acu, tar éis ar fhulaing siadsan, anuas trí na blianta.

The Water Court Won .

Caithfidh mé a admháil, go ndeachaigh an Chúirt Uisce i bhfeidhm go mór orm fhéin. Bhí an chúirt chéanna sin suite i lár baill, agus spás ollmhór fágtha lom, do pháistí ag imirt a gcuid cleas, agus istigh sa phlás fairsing spóirt sin, bhí scairdeáin uisce scaipthe go flúirseach, agus páistí ag rith timpeall, agus iad ag iarraidh na scairdeáin chéanna sin a sheachaint, ach ansin, de réir mar ba mhian leo, d’fhéadfadh siad scairdeáin áirithe a chur ag stealladh, nó a mhúchadh, agus an screadach agus an spraoi a bhí ag an aos óg istigh ansin, i mbun a gcluichí! Bhainfeadh sé blianta díot.

Viejas versus Vegas

Agus céard faoin gcearrbhachas, an ea?

Bhuel, deirtear go bhfuil na hIonaid Chearrbhachais i mbun oibre ansin ceithre huaire fichead, in aghaidh an lae, agus iad ag dul in iomaíocht le Las Vegas fhéin, nó in áit an turas fada a dhéanamh suas go Las Vegas, le seal a chaitheamh i mbun an chearrbhachais chéanna sin, is féidir le cearrbhaigh San Diego agus na dúiche timpeall, teacht amach go hIonad Cearrbhachais Viejas, lena gcuid airgid a chailliúint ansin, ar a sáimhín só, in áit dul suas go Las Vegas, agus na huaireanta fada a chaitheamh ag tiomáint, leis an ngnó céanna sin a dhéanamh. Féach mar a chuirtear é, sa phoiblíocht a dhéanann an tIonad Cearrbhachais fhéin…

“Looking for a little bit of Vegas in Southern California? Well, your search ends and excitement begins just 30 minutes east of downtown San Diego. Viejas Casino is a stunning gaming facility with thrills to match any taste”…

What a Day !

Bhuel, sin agat cur síos ar a bhfuil le fáil, is le feiceáil, ag an gcuairteoir a bhuaileann isteach i gCaomhnú úd na Viejas, ar thaobh Saorbhealaigh a hOcht. Agus mar a mhínigh mé sa ghála deiridh, chuamar abhaile an tráthnóna sin trí San Diego, agus ó thuaidh linn ansin, ar Saorbhealach a Cúig ansin chomh fada le Cardiff by the Sea. Ba lá dár saol é, nó thaistil muid ó thuilte agus díle Julien, go dtí compórd agus sáimhe Viejas. Ní dhéanfaidh muid dearmad ar an lá sin go ceann i bhfad.

****************

Peadar Bairéad.

****************

  .

.

.

.

.

gaGaeilge