I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

.

Ábhar Clamhsáin

Conas a éiríonn leat ábhar don alt seo, I mBéal an Phobail, a sholáthar, chuile sheachtain?”

B’in mar a chuir ár seanchara, Séimí an Droichid, tús lena chomhrá liom, an oíche cheana, thíos i dTeach Ósta, an Smugairle Róin, mar a raibh an bheirt againn ag suí ar ár sáimhín só, agus é d’aidhm againn, fadhbanna móra an tsaoil seo a scaoileadh, fad is a bhíomar ag cur cúil ar thart trom an teasbaigh, a tharla inár measc, an lá céanna sin.

“Bhail, a Shéimí,” arsa mé fhéin, “ní bhíonn deacracht ar bith sa mhéid sin, de ghnáth, nó is amhlaidh a bhíonn an iomarca ábhar ansin ag iarraidh fáil isteach sa cholún seo, ó sheachtain go seachtain, ach caithfidh mé a admháil, nach mbíonn sé chomh héasca sin píosa sásúil a chur i dtoll a chéile, na laethe seo, i gcomparáid leis an chaoi a mbíodh sé blianta ó shoin. Cúrsaí aoise is ciontach le sin, ní foláir!”

Tóg an colún atá le scríobh agat, an tseachtain seo, mar shampla. Cad iad na hábhair atá ag dó na geirbe agat, faoin am seo, ábhair ar mhaith leat píosa a scríobh fúthu in I mBéal an Phobail anois?”

“Ní call dom a rá, go gcuirfinn cúrsaí an Reifrinn sa chéad áit, an tseachtain seo, nó is ábhar é seo atá fós i mbéal an phobail, agus f cait na cathrach seo ag cabaireacht faoi fós.”

“Sea, ach conas a thabharfá faoi alt a scríobh faoi na cúrsaí sin?”

Éasca go maith! Nó, sa chéad áit, raghainn siar ar na hargóintí a leag na dreamanna éagsúla os comhair na vótóirí agus iad ag iarraidh vótaí a mhealladh uathu dá gcúis fhéin. Sa chéad áit bhí polasaí an dreama a bhí ag iarraIdh a mhealladh uathu. Ba iad Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre, agus Fianna Fáil, a bhí páirteach sa bhuíon sin, agus rinneadarsan iarracht mhaith, a cheap mé, an scéal a leagan go macánta os comhair an phobail. Tar éis dóibh an scéal a mhíniú dóibh, i dtosach, ansin thugadar liosta de na torthaí a leanfadh dá vótáilfeadh siad TÁ, agus chomh maith le sin, liostáil siad torthaí an vota, L, chomh maith.”

“Agus an raibh na vótóirí sásta leis an méid sin. Is dócha go raibh, nó vótáil a mbunús faoi mar a d’iarr siad orthu a dhéanamh, ach ní raibh an dream a bhí i bhfábhar an NÍL sásta leis an sceal sin, olc, maith, nó dona, mar dár leosan, ní raibh ar siúl ag an lucht TÁ ach iad ag iarraidh an pobal a scanrú trí seo siúd a bhagairt orthu, da vótáilfeadh siad NÍL, faoi mar a dhéanfá le páiste.”

“Ach, cé bhí i bhfábhar an NÍL an babhta seo?”

“Bhí Sinn Féin agus roinnt Neamhspleáigh agus Teachtaí a thuig go raibh siad ar an Eite Chlé de leagan amach polaitíochtra na tíre seo.”

“Agus céard faoi na vótóirí, ma sea?”

  “Nuair a tháinig an crú ar an tairne, ghlac an móramh le hargóintí an lucht TÁ, agus ritheadh an Reifreann.”

“ Céard eile atá ag dó na geirbe agat, an tseachtain seo, má sea?

l dabht ar domhan, ach go bhfuil oiriúnacht bhaill na Dála dá bpost ag teacht idir roinnt mhaith saoránach agus codladh na hoíche, na laethe seo. Ar cheart go mbeadh chuile shaoránach inghlactha mar iarrthóir don phost sin? nó an bhfuil teorainn ar bith le hinghlacthacht iarrthóirí don phost céanna sin?”

“Agus, an gceapfá fhéin gur mar sin atá?”

Go teoiriciúil, ba chóir go mbeadh a cheart ag chuile shaoránach, nach gcuireann an Bunreacht bac ina bhealach, a fhéin a chur i láthair an phobail mar iarrthóir le bheith ina Theachta Dála dóibh, agus nár chóir ansin, an scéal a fhágáil faoi na vótóirí an vóta a bhronnadh air, dá gceapfaidís-sean go mba dhuine cuí é don phost tábhachtach sin. Dár ndóigh, bheifí ag súil go ndéanfadh na vótóirí a ndualgas, mar shaoránaigh, a choimhlíonadh go coinsiasach.”

“Go Teoiriciúil” adúirt tú, “ach braitheann sin ar chiall agus ar choinsias na vótóirí, céard a tharlódh, mar sin, dá dtoghfaí iarrthóir nach raibh oiriúnach, nó céard a tharlódh do Theachta tofa, dá mbrisfeadh sé geasa a cheirde mar pholaiteoir, nó dá ligfí cat as an mála faoi, a thabharfadh le fios go raibh dlíthe briste aige, sul ar toghadh é?”

“B’fhéidir gur chóir dom freagra na gceisteanna sin a fhágáil do lá eicínt eile, agus san idirlinn, b’fhéidir go n-inseodh na léitheoirí fhéin dom, céard a cheapfadh siadsan faoin scéal céanna sin? Conas a scaoilfeadh siadsan an fhadhb.”

Cuirfidh muid an diospóireacht ar ath-ló, mar sin. Idir an dá linn, bígí sibhse ag cur an scéil seo tríd an gcriathar daoibh fhéin.

gaGaeilge