Athrú Saolta

.

Peadar Bairéad

Ceirtlín na mBlianta

“Ní chuile lá a bhíonn Dónall ag pósadh, nó caoi aige chuige”, faoi mar adeireadh an seandream fadó, agus iad ag cur síos ar rud eicínt nach dtiteadh amach ach go hannamh. Bhuel, is é an dála céanna agamsa é, nó is féidir liomsa tochrais anois ar cheirtlín, nach mbíodh fonn orm tochrais air, siar thar na blianta.

Agus cén ceirtlín é fhéin, adeir tusa?

Ceirtlín na mblianta, atá i gceist agam, sa phíosa seo.

Le linn na mblianta atá caite, ba mhinic a chuala mé daoine aosta ag cur síos ar na laethe a bhí, iad ag éagaoin a n-óige caillte, iad ina nOisín i ndiaidh na Féinne, iad ag rá, nach mar seo, nó mar siúd, a bhíodh cúrsaí, le linn dóibhsean bheith i mbarr a maitheasa.

Ach nach mar sin a bhíonn i gcónaí ag seandaoine?

Is dócha é, ach tá difir mhór sa scéal anois, chomh fada is a bhaineann sé liomsa.

Agus cén difir mhór atá i gceist agat?

Bhuel, táimse anois im sheanóir, agus dá bharr sin, tá de phribhléid agamsa, bheith ag éagaoin na ré atá imithe lei thrí shúil dhroichead na mblianta.

Agus céard iad na difríochtaí móra a thugann tú fhéin faoi deara a bheith tagtha ar an saol, le linn do ré fhéin?

Glacadh le hÚdarás, an tráth úd

Is dócha, i ndáirire, go dtuigtear dom anois, go bhfuil an saol, mar a bhí, iompaithe bun os cionn, agus í ag ullmhú do ré nua, ré a bheidh difriúil ar fad leis an ré atá thart. Nuair a bhí mise i mo ghasúr, tuigeadh dom go raibh ord agus eagar ar chúrsaí an tsaoil seo. Bhí údarás ag daoine áirithe, agus bhí daoine eile sásta glacadh leis an údarás céanna sin, nó tuigeadh dóibh, gur chun a leasa é, a leithéid a dhéanamh.

Ach céard iad na húdaráis atá i gceist agat ansin?

An Eaglais

Bhail! ar an gcéad dul síos, bhí na daoine úd a bhain leas as údarás na hEaglaise, agus gan dabht ar domhan, bhí cumhacht thar na bearta acusan. Bhí lán-mhuinín ag daoine astu, agus dhéanaidís rud orthu. Ach, faraoir géar! ní mar sin atá cúrsaí, sa lá atá inniu ann. Is dócha gur tuigeadh dúinn, go mba eagraíocht osdaonna a bhí san Eaglais chéanna sin, agus go mba iad na heaglaisigh a bhí ag bronnadh na beatha síoraí orainn, agus rud ba mheasa fós, seans gur cheap cuid áirithe den chléir gur mar sin a bhí. Bhuel, tugadh le fios dúinn, sna laethe deireannacha seo, nach mar sin a bhí, agus scaoileadh muid uilig, idir chléir agus phobal, isteach i bhfásach an amhrais arís, nó ní hí seo an chéad uair arbh éigean don Eaglais a bealach a fháil amach as an bhfásach céanna sin, agus mura gcailltear dóchas, níl dabht ar domhan, ach go dtiocfaidh an dara Earrach, amach anseo.

An Stát

Bhí údarás freisin ag na fórsaí cosanta, ach má sea, tugadh le fios dúinn, ar na mallaibh, go mba dhaonnaithe freisin baill na bhfórsaí sin, agus nach raibh aon chumhacht osnádúrtha acusan, len iad a chosaint ar dhul amú, agus arís, léiríodh dúinn, le déanaí, go mba dhaoine mar chách iad, agus go raibh roinnt áirithe díobh ann, a raibh ar a gcumas dearmad a dhéanamh, agus a n-údarás a úsáid ar mhaith leo fhéin. Agus arís, níl le déanamh againn, mar phobal, ach a thuiscint gur mar sin atá, agus go gcaithfear a bheith níos cúramaí fós, i roghnú, i dtraenáil, agus i mbainsitiú na mball áirithe sin.

Na Scoileanna

Agus céard faoi chúrsaí oideachais? Nach raibh an-mhuinín go deo againn as an lucht múinte? Bhí gan amhras, ach arís, is dócha go raibh ró-mhuinín againn astu, agus bíodh nár theip an chuid ba mhó acu orainn, ag an am gcéanna, bhí roinnt áirithe a chuaigh thar fóir i láimhseáil a n-údaráis, agus arís, ní fál go haer é, nó nuair a bheidh fiacha a mí-úsáid siúd glanta, beidh ar ár gcumas, bóthar a bhualadh arís, agus ceacht tábhachtach foghlamtha againn do na laethe atá romhainn amach.

Tá daoine ann freisin, adéarfadh nár tháinig an dream ba mhó chumhacht ar fad slán ar fad as an gcoimheascar nua-aimseartha seo.

Agus cé hiad fhéin, an ea?

An Chlann fhéin, fiú

Na tuismitheoirí fhéin a lucht gaoil, nó nach iadsan na cosantóirí nádúrtha a bhronnann an nádúr fhéin ar an óige, an dream ar a bhfágtar dualgas cosanta, oideachais, agus riar a gcáis, a sholáthar dóibh. Faraoir géar! arís, ach tá faitíos orm nach i gcónaí a choimhlíon siadsan na dualgaisí sin, a leagann an nádúr orthu. Ar ámharaí an tsaoil seo, ní go ró-mhinic a tharlaíonn a leithéid, ach nuair a tharlaíonn, is coscrach go deo an toradh a bhíonn air, nó ní bheadh a fhios ag na páistí, i gcás dá leithéid, cá bhfaighidís furtacht.

An bhféadfadh a leitheid a tharlú anois? Is dócha nach bhféadfadh duine a rá nach bhféadfadh, ach is féidir linn a rá, go mbeadh sé i bhfad níos deacra sa lá atá inniu ann, nó tá tuiscint i bhfad níos fearr ag an óige fhéin, ar chúrsaí, sa lá atá inniu ann, agus lena chois sin, tá ar a gcumas glaoch ar eagraíochtaí áirithe a bunaíodh go speisialta, le teacht i gcabhair ar ghasúir dá leithéid, in am an ghátair.

AthEarrach chugainn

Mar sin, bíodh go bhfuil ceachtanna crua foghlamtha againn le cupla deichniúr anuas, ag an am gcéanna, tuigtear dúinn go bhfuil ar ár gcumas, na deacrachtaí sin uilig a shárú, sna laethe atá romhainn amach, agus go mbeidh muid in ann bóthar nua a fháil amach as fásach úd an amhrais, agus chuile sheans, nuair a bheidh íoctha againn go hiomlán as ár gcoireanna, ansin seans go mbeidh deis againn bóthar ár n-oilithreachta a bhuaileadh arís, agus b’fhéidir, an babhta seo, nach gcaillfidh muid ár slí chomh héasca sin ar fad, sna laethe atá romhainn amach.

.

********************************************

.

.

gaGaeilge