Bhur gCéad Fáilte isteach!

Peadar Bairéad

(This week we consider the Refugee problem, today, and tomorrow.)

.

Tearmann do Dhídeanaithe

Ó tharla go bhfuil scéal seo na ndideanaithe i mbéal gach éinne, tuigeadh dom, gur chóir dom mo ladar fhéin a chur sa scéal freisin. Tá an saol mór suaite ag ceist seo na n-imirceach, atá faoi láthair ag iarraidh fáil isteach i gcríocha na hEorpa, agus iad ag lorg tearmainn agus dídean ó chruatan, ó léirscrios, agus ó ghéarleanúint de shaghas amháin, nó de shaghas eile, ina dtír dhúchais. Agus i measc na ndaoine seo go léir, tá sruth eile freisin de dhaoine a bhfuil saol níos fearr uathu, saol nach bhfuil fáil air ina dtíortha fhéin. Shnígh an sruth daonna seo i dtreo na hEorpa, ina nduine is ina nduine i dtosach, agus ansin, ina sruthán caol, fánach, ach de réir a chéile, chuaigh an sruthán sin i méad, agus faoi láthair, tá an sruthán sin ag líonadh, ina thuile do-stoptha, thar chríocha na hEorpa isteach. Tuigeadh i dtosach go bhféadfaí an tuile sin a fhódú, ach dá mhéad a d’iarr na hEorpaigh sin a dhéanamh is ea ba mhó a neartaigh an tuile, go dtí nach raibh an dara rogha acu achilleadh, agus fáiltiú roimh an dtuile dídeanaithe céanna sin. Anois, ba chóir a rá, nach raibh chuile dhream Eorpach chomh fáilteach sin ar fad rompu, nó bhí corrthír a thóg fallaí cosanta, leis an dtuile sin a stopadh.

Fair Play’ dAingeal na Gearmáine

Sea, agus ‘Fair Play’ d’Aingeal na Gearmáine, nó b’ise a thug an dea-shampla dúinn uilig a chéaduair, nuair a dúirt sí, go raibh an Ghearmáin ullamh le 800,000 dídeanaí a ligean isteach thar theorainn na tíre sin, roimh dheireadh na bliana seo 2015, cé gur admhaigh sí freisin, go ndéanfadh sin a dtír dhúchais a athrú ó bhonn. Ba ghearr ina dhiaidh sin gur shocraigh an Rialtas s’againne go mbeadh muidinnesta glacadh le ceithre mhíle dídeanaí, roimh dheireadh na bliana reatha. Agus anois, is beag tír san Eoraip, nach bhfuil ullamh a cion fhéin a dhéanamh, le freastal ar an rabharta daonna seo atá ag líonadh isteach thar chríocha na hEorpa, i láthair na huaire seo, agus leis an scéal a dhéanamh níos dofhuascailte fós, tuigtear anois nach n-ísleoidh an rabharta céanna sin go ceann i bhfad fós. Tuigeadh cheana, go raibh ceart doshéanta ag chuile thír a shocrú cé ligfí isteach chun cónaithe taobh istigh dá gcocha. Ní mar sin atá anois, nó shocraigh an tAontas Eorpach go mbeadh ar chuile thír san Aontas oiread áirithe dídeanaithe a ghlacadh le dídean a thabhairt dóibh chomh fada is a bheadh siad i mbaol dá bhfillfeadh siad ar a gcríocha fhéin. Ní féidir a shéanadh, go bhfuil gá le polasaí dá leithéid, i gcomhthéacs na géirchéime atá i réim, i láthair na huaire seo i stair chiníocha áirithe.

Ní féidir a shéanadh, ach oiread, go mbeidh costas ollmhór ag baint le polasaí dá leithéid, nó caithfear oideachas a chur ar fáil dóibh, agus seirbhísí leighis agus eile, freisin, agus caithfear chuile iarracht a dhéanamh len iad a ghlacadh isteach mar bhaill dá bpobail nua. Smaoinigh ar pháisti na ndideanaithe sin. Caithfear cur ar a gcumas teanga na tíre nua sin a fhoghlaim, agus caithfear ranganna teanga a chur ar fáil dá dtuistí freisin, más uainn iad a ghlacadh isteach, go hiomlán, ina bpobail nua. Má dhéantar na seirbhísí sin a chur ar fáil go ciallmhar dóibh, beidh ar a gcumas ansin páirt ghomhach a ghlacadh sna tíortha a thug dídean dóibh. Ar an dtaobh eile den scéal, beidh dídeanaithe áirithe meáite ar fhilleadh ar thír a ndúchais, chomh luath is a bheidh an tír sin fillte ar bhealaí na síochána arís.

Comhar na Náisiún Aontaithe

Ba chóir dom a lua anseo, nach fadhb Eorpach amháin atá idir chamáin againn anseo. Ní hea, mh’anam! Fadhb Domhanda atá dúisithe anseo againn, agus dá bharr sin, bheadh muid ag súil go dtiocfadh ciníocha an domhain uilig i gcabhair ar na dídeanaithe seo. Anois an t-am le náisiúin an tsaoil mhóir bheith istigh’ a thabhairt do na créatúir bhochta seo, a bhfuil orthu éaló ó bhaol, ó leatrom, agus ó ghorta. Sea, agus ba chóir freisin, chuile iarracht a dhéanamh, ar a dtíortha dúchais a mhealladh ar ais ar bealaí na síochána arís, sa chaoi go bhfáilteoidh siad roimh na dídeanaithe sin a d’éalaigh, go drogallach uathu, nuair a chonacthas dóibh, go mbeadh siad i mbaol a mbáis dá bhfanfaidís. Anois an t-am le Comhar na Náisiún Aontaithe a bhunú, le fadhb seo na ndídeanaithe a fhuascailt.

gaGaeilge