Cloch ar a Charn

Peadar Bairéad

Mothóimid uainn é

Tháinig mé fhéin go Cill Chainnigh a chéaduair tar éis dom a bheith ceaptha mar mhúinteoir i gColáiste Chiaráin, sa bhliain 1966, agus b’in mar a tharla gur chuir mé aithne i dtosach ar an Athair Tommy Maher, faoi mar a bhí sé an tráth sin, agus bíodh gur chuir mé suim agus dhá shuim, sna cluichí náisiúnta roimhe sin, b’fhada ó chamáin agus ó shliotair a rugadh agus a tógadh mé fhéin in Iorras thiar, ach ba ghearr i gColáiste Chiaráin mé go raibh mé faoi gheasa ag scil agus ag luas na hiománaíochta, agus bíodh go raibh orm tosú arís i mbun mo cheirde, agus cé go raibh orm aithne a chur ar idir mhúinteoirí agus dhaltaí, ní fhéadfainn éaló ó dhraíocht, nó ó gheasa an chamáin, a bhí le mothú chuile áit thart orm, ag an am.

Ceapadh an tAthair Tommy mar mhúinteoir sa Choláiste, sa bhliain 1953, tar éis dó seal a chaitheamh ag obair in Ard-deoise Átha Cliath tar éis a oirnithe, sa bhliain 1948, ach chomh maith le sin, ba é a d’adhain tine an ghrá don iomáint imeasc daonra an Choláiste ag an am gcéanna. chomhartha sin, d’éirigh le foireann iomána an Choláiste Corn an Chrócaigh a bhuachan, sa bhliain 1957, agus arís sa bhliain 1959. D’éirigh leo freisin é a bhuachan roinnt blianta eile idir sin agus an bhliain 1983, nuair a d’fhág draoi an chamáin fhéin an Coláiste le post nua mar shagart paráiste a ghlacadh i Muileann a’ Bhata. Ní gá a lua anseo, an bhaint a bhí aige le Foireann Sinsir Chill Chainnigh, mar ar fheidhmigh sé mar thraenálaí foirne ar feadh bliain is fiche, nó tá fhios ag madraí an bhaile fhéin, – gan cait an bhaile a lua in aon chor,- faoina éachtaí sa ghort céanna sin.

Dualgas Ghiolla na mBróg

Bhí ard-mheas ar an Athair Tommy mar mhúinteoir matamaitice, mar déan, agus mar uachtarán i gColáiste Chiaráin, ach dá éagmais sin ar fad, níor dhuine ardnósach é in aon chor, agus le linn a shaorama, chuile sheans go bhfeicfeá é i mbun poistíneachta eicínt. Is cuimhin liom ócáid amháin, tar éis dom a bheith ceaptha mar Leasardmháistir, gur chuir mé ceist air faoi dhualgaisí a phoist. Ba é adúirt sé nó rud ar bith a fhágfai gan déanamh, a dhéanamh. Ba ansin a thuig mé meon agus cleachtadh an uachtaráin fhéin, sé sin, gnó ar bith a fágadh gan déanamh, a dhéanamh. B’in é dualgas an ‘Boots’ i dTeach Aíochta! raibh éirí in airde ar bith ag baint le Tommy, faoi mar a thugtaí air coitianta, nó ba dhuine umhal, cráifeach, comharsanúil é chuile lá riamh. Mothóimid uilig uainn é sna bólaí seo, mar dhuine, mar chríostaí umhal, mar iománaí oilte, cliste, agus mar Chill-Chainneach dílis, agus ar deireadh thiar, mar shagart cráifeach, ar bronnadh an teideal measa úd, Monsignor, air. Mairfidh a chuimhne lá is fuide anonn; a mhiongháire ciúin, cuthaileach; a ghaelachas; a thuiscint ar scileanna agus ar ealaíona na hiománaíochta; agus níos iontaí fós, a fhlaithiúlacht i múineadh, agus i roinnt, na scileanna céanna sin orthu siúd ar suim leo forbairt agus saothrú na slite ab fhearr le caighdeán na himeartha a chur chun tosaigh.

Chomh fada is a bhain sé liom fhéin, ba dhuine cairdiúil, carthannach, comharsanúil, é an tAthair Tommy, fear a raibh meas agus omós tuillte go maith aige, i gcéin is i gcóngar, trína dhúthracht, trína dháiríreacht, agus trína dhílseacht.

Áit ag bord an Tiarna go raibh agat a Mhonsignor, anois agus feasta.    

****************************

Caoineadh an Mhonsignor

.

An Monsignor uasal ‘nois sínte,

Is ní fheicfear a leithéid go luath,

Nó thuig sé cluiche Chúchulainn,

Is mhúin sé a chleasa dá ghlúin.

.

Súil seabhaic a shúil ar an sliotar

Ag eitilt ó chamáin go cúl,

An t-imreoir lán scil’ agus glicis

Ag fáil bua ar a chéile, gan dua.

.

B’eisean a lúbfadh a chamáin,

Le sliotar a sheoladh go cruinn,

Ach rinneadh sagart den imreoir,

is fágadh Páirc a’ Bháire gan Laoch.

.

Ár slán leat a Athair na míne,

Nár laga an Rí thú go deo.

Solas na soilse dod’ anam,

Anois agus choíche faoi shó.

  

.

.

gaGaeilge