Dlíodóir Rógánta

Peadar Bairéad

.

Rogue Lawyer….by.…John Grisham….céadchló……2015

.

(This week we take a look at John Grishams latest legal thriller )

Scéinséir Dlíthiúil

Nach iomaí scéal breá atá leagtha os ár gcomhair ag an údar sciliúil, tréitheach, sin, John Grisham, agus is féidir liom a mhaíomh anseo gur scríobh mé píosa faoi chuile cheann acu, geall leis. Ní call dom a rá, go bhfuil an Grishamach ar cheann de mhór úrscéalaithe an domhain. Rugadh é in Arkansas, sa bhliain 1955, rud a fhágann go bhfuil breis agus trí scór blianta bailithe aige faoi’n am seo . B’fhéidir gur cuimhin leat cuid de na húrscéalta atá curtha ar fáil aige cheana féin, leabhair cosúil le – The Last Juror, The Racketeer, The Summons, agus Sycmore Row. Más cuimhin, ní gá domsa a shaothar a mholadh, nó tá sin molta agus mise i mo thost. Ach ag tagairt don leabhar seo, caithfidh mé a admháil nach bhfuil sé cosúil leis na leabhair eile a shil óna pheann.

Dlíodóir Corr

Is é, Sebastian Rudd, an príomhcharactar sa scéal seo. Dlíodóir is ea Sebastian, ach dlíodoir nach bhfuil cosúil leis na dlíodóirí éagsúla a mhaireann agus a fheidhmíonn taobh istigh de chlúdaigh scéinscéalta Ghrisham, nó i gcás Rudd, is dlíodóir corr é, a chaitheann a dhúthracht ag cosaint coirpigh nach mbacfadh dlíodóirí measúla leo, agus dá thoradh sin, is beag meas atá ag a chomhdhlíodóirí, nó ag lucht an dlí frí chéile, nó ag na gnáthchathróirí fiú, air. Éan cuideáin isea Sebastian, gan dabht ar domhan. Ní oibríonn sé as oifig i mbaile mór, ach as veain piléardhíonach speisialta, agus gan de fhoireann cabhrach aige ach fear amháin, a fheidhmíonn mar thiománaí, mar rúnaí, agus mar bhalcaire tréan cosanta, fear atá thar a bheith dílis do Rudd toisc gur dhein Rudd é a shábháil ón bpríosún, tráth a raibh an tiománaí céanna os comhair na cúirte agus chuile sheans go gcuirfí isteach sa phríosún é murach gur tháinig Sebastian i gcabhair air.

Feiceann muid cúrsaí an scéinscéil seo trí shúile an dlíodóra chorr seo, agus i dtús an scéil tá baol ann go gceapfadh an léitheoir, nach úrscéal atá os a chomhair amach ach cnuasach gearrscéalta. Ní mar sin atá áfach, ach an t-udar ar a dhícheall ag iarraidh charachtar agus saothar an dlíodóra chorr seo a léiriú dúinn trí na cúiseanna éagsúla a dhéanann a chosaint os comhair na girteanna. Breathnaigh ar chuid de na cúiseanna sin. Tóg, mar shampla, cúis Gardy’, an té ar cuireadh dúnmharú ina leith. Maraíodh beirt chailín, agus dár le madraí an bhaile fiú, ba é Gardy a mharaigh iad. Bhí ar Rudd a sheacht ndícheall a dhéanamh le cruthú nárbh eisean an dúnmharfóir in aon chor. Anois, níorbh é Gardy an scian ba ghéire sa tarraiceán! agus cuir le sin, nach raibh aon dlíodóir eile sa cheantar toilteanach é a chosaint, ach Rudd amháin, ach b’in an cineál cliaint a thaitin leis, agus bhíodh sé sásta chuile chleas, a bhí sa mhála aige, a tharraingt chuige, leis an gcliant sin a chosaint.

Ciontach, nó neamhchiontach?

Bhíodh bunús a chliant ciontach, ach ba rí-chuma le Sebastian faoi sin, nó tuigeadh dó-san, go raibh cosaint den scoth tuillte ag chuile dhuine a gcuirfí an dlí air. Bhí cliant aige darb ainm Tadeo, ar ‘Cage Fighter’ é, spórt a raibh Rudd an-tugtha dó, agus tharla i dtroid amháin nár shásaigh breith an mholtóra Tadeo, ba é toradh a bhí ar sin nó gur ionsaigh sé, agus gur mharaigh sé, an moltóir sin. Ní call dom a rá, gur dhein Rudd é a chosaint os comhair na cúirte.

Bhí cliant eile aige a mharaigh ball den ‘Homeland Security’ tar éis dóibh iarracht a dhéanamh ar é a ghabháil, toisc gur tuigeadh ibhsean, go mba dhíoltóir drugaí é. Bhí ualach asail de chliaint eile aige, agus chuile cheann acu sáite go dtí na cluasa i dtrioblóid amháin, nó i dtrioblóid eile, ach, taobh amuigh den obair sin uilig, ba fhear dealaithe é, a bhí i dtrioblóid lena iarbhean go minic, toisc nach raibh ar a chumas deashampla a thabhairt dá mac, tráth ar bith a mbíodh sé ina bhun.

An-leabhar, an-chur-chuige. Sárscéal corraitheach eile ó pheann an mháistir. Faigh agus léigh é, nó tá mé ag ceapadh, go mbainfidh tú taitneamh nach beag as.

  

.

.

.

.

.

gaGaeilge