.
E A C H T R A I G H D Ú I N N . 7.
.
Is dócha gur thug sibh faoi deara, go mbím ag caint faoin bhfarrage minic go leor na laethe seo.
Thug! Bhuel, ní haon ionadh sin, i ndáiríre, nó rugadh mise i ngiorracht scread asail don bhfarraige, agus b’í an fharraige mhórthonnach chéanna sin a mheall chun codlata, chuile oíche mé, lena suantraí shámh, shuanmhar. Agus ó tharla go raibh cónaí orainne ar Leithinis an Mhuirthead, in Iorras, i gContae Mhaigh Eo, bhí an fharraige thart timpeall orainn, ar chuile thaobh. Taobh thiar agus taobh thuaidh dínn, bhí an Fharraige Mhór, Farraige a théadh ar buile le mórtas agus le mustar le linn stoirme agus doininne, agus Farraige a mbíodh cuma chiúin, chneasta, chairdiúil uirthi, le linn soininne agus séimhe. Agus ar an dtaobh thoir agus ar an dtaobh theas dínn, bhí uiscí fiala, fairsinge, fáilteacha Chuan an Fhóid Duibh. Ní raibh an Leithinis mórán thar mhíle ar leithead, ag an áit a raibh cónaí orainne, i mbaile na Droime, fágann sin go raibh radharc agamsa ar aghaidh na mara, chuile uair a raghainn taobh amuigh de dhoras an tí.
.
Ar an taobh thiar dínn, ach go háirithe, bhí tránna fada, fairsinge, bána, le duine a mhealladh chucu, tráth ar bith den bhliain, agus tránna nach mbíodh tarraingt daoine orthu, go háirithe an tráth úd, a raibh mise ag fás suas thiar, tarraingt ar dheich mblaina is trí scór ó shoin. B’fhéidir gur cuimhin leat an dán beag úd a scríobh mé faoi na tránna céanna sin, agus mé im fhile óg, ag foghlaim mo cheirde, sna caogaidí, beagnach leithchéad bliain ó shoin anois! Bhuel, nach cuma? mar ó tharla go bhfuil an deis agam, déanfaidh mé é a aithris dhuit, anois díreach, ar lic mo thinteáin fhéin. Seo chugat é…..
.
**************************************
.
C O I S T R Á .
Trá bhán, leathan, fhairsing,
Ag miogarnach faoin ngréin.
Tonn chúrbhán ag sleamhnú
Thar ghaineamh shleamhain, shéimh.
.
Seana-bhó ag lapaireacht,
Currach ar thóir na n-iasc,
Creasa leathaigh mar leathar,
Leata sa mbruth fó thir.
.
Rón mór, sleamhain, slíoctha,
Á ghrianú fhéin ar thrá,
Roilleach ag fanacht go foighdeach,
Gainéad ag tumadh sa Bhá.
.
Faoileán codlatach in airde,
Ag marcaíocht ar an ngaoth,
An saol go léir ar meisce,
Is poitín an aeir á chloí.
.
Thiar in Iorras atáimse,
Ag ól na gréine buí,
Gan Chríostaí anseo im fhochair,
Ar an ngaineamh bhog im luí.
.
**********************************
Bhuel, b’in é díreach mar a bhíodh sé thiar in Iorras, le linn m’óigese. Annamh a théadh daoine ag snámh sa bhFarraige Mhór áfach, an tráth úd, nó bhí sí ró-gharbh, agus ró-chontúirteach freisin. Dá bhfeicfeá éinne ag snámh ansin, d’fhéadfá a bheith cinnte gur strainséar a bhí ann. Ní hionann sin is a rá nach dtéadh na dúchasaigh ina gar, in aon chor. Ní hea, muis, nó bhíodh an-tóir ar thránna na Farraige Móire, an tráth úd, go háirithe le linn an chogaidh, nó bhí seans ann i gcónaí, go bhfaighfeá éadáil luachmhar eicínt caite isteach ar an trá, nó bhí longa móra á gcur go tóin poill ag na Gearmánaigh agus a mbáid fó-thoinn. Olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine eicínt, adeirtear, agus bhíodh baraillí ola, saileanna adhmaid, burlaí ruibéir, agus earraí dá leithéid á gcaitheamh i dtír, go rialta, ar thránna fairsinge Iorrais, an tráth úd. Cupla babhta, caitheadh baraille ‘moonshine’ i dtír, agus geallaimse dhuit é, nár fágadh ró-fhada ar an trá iad, na baraillí céanna sin. Nuair a chuaigh an scéal sa timpeall, go raibh an ‘moonshine’ ar fáil, ba ghearr go raibh tarraingt na dúthaí ar an síbín, a bhí i mbun a dhíolta. Thagadh daoine. D’óladh taoscán. D’imíodh siad leo go breá, sásta, ag rothaíocht leo abhaile. Tar éis dóibh míle slí, nó mar sin, a chur díobh, d’fheicfeá ag longadán ó thaobh taobh an bhóthair iad. Ansin thitfidís ina bpleist ar thaobh an bhealaigh mhóir, agus d’fhanaidís ansin go mbeadh codladh na meisce curtha díobh acu, agus ansin d’éirídís go breá, bríomhar, agus raghaidís abhaile, gan bhascadh gan bhárthainn. Ní i gcónaí a thagadh éadáil dá leithéid isteach, mar corruair, is amhlaidh a chaití corp duine i dtír, corp ó long eicínt a chuaigh go tóin poill, le linn stoirme, nó eachtra cogaidh. Is maith is cuimhin liom fós, an lá a caitheadh corp Iodálaigh, dárbh ainm, Luigi Taparo, isteach ar an trá bhreá sin a shíneann ó Chorrán na gcloch go Gualainn na dtonn. Nach iomaí ainm a chuala mé idir an dá linn atá dearmadta agam, ach nach glas a fhanann cuimhne Luigi bocht im chuimhnese, go dtí an lá atá innu fhéin ann. Chuaigh an tarlúint sin i gcionn go mór orm fhéin agus ar mo chomhaoiseanna, ag an am sin. Bean a tháinig ar an gcorp sin, a chéaduair, agus d’éirigh lei é a tharraingt lei, go dtí go raibh sé ó bhaol ar uachtar cladaigh. Cuireadh fios ar na gárdaí agus ar an sagart, agus ba ghearr go raibh slua bailithe thart ar an gcorpán, á thórramh, d’fhéadfá a rá. Ar ball, tháinig an t-adhlacthóir, gur chuir i gcónra é, agus gur thóg chun siúil é. Cuireadh scéala chuig a mhuintir, san Iodáil, ach socraíodh ar an gcorp a chur in Iorras, ag an am sin, ach bhí ar intinn a mhuintire é a thabhairt leo abhaile, ar ball, nuair a bheadh an cogadh thart, rud a dhein.
Amuigh píosa ón gcósta Atlantach, luíonn, mar a bheadh braisléad d’oileáin. Cheapfá go bhféadfá do lámh a leagan orthu, ach i ndáiríre, tá na hoileáin chéanna sin tamall maith amach ón gcósta. Nach minic a chuala tú mé ag cur síos ar chuid de na hoileáin sin cheana, ar Inis Géidhe Theas, agus Inis Géidhe Thuaidh, ar Dhufair, ar Inis gCaorach, agus ar Inis Gluaire fhéin, mar ar bhaist Naomh Breandán Clann Lir fadó.
Ní haon ionadh mar sin, go bhfuil áit faoi leith ag an bhfarraige im chroí istigh, nach bhfuil rithim na mara fite fuaite im anam istigh? Nach cuid dem bheith fhéin í? Agus nach bhfuil meon na mara gafa i bhfeidhm ar m’aigne agus ar mo bheatha? Nach raibh sí ansin agus mé im’ pháiste óg ag breathnú amach, trí shúile neamhurchóideacha na hóige, ar a haghaidh inathraithe? Nach raibh sí ansin agus mé im scoláire óg, agus í taobh liom ar mo bhealach chun na scoile, chuile mhaidin. Nach bhfáiltíodh sí romhainn, na maidneacha breátha Samhraidh sin, nuair a théimis gasúir ag snámh inti, ar ár mbealach chun na scoile, agus nach mbíodh sí ansin arís, ar ár mbealach abhaile, agus na múrtha fáilte aici romhainn arís. Agus nuair a d’fhás mé suas im fhear óg, nárbh é an scéal céanna aici é? Sea, ní fhéadfainn locht ar bith a leagan ar an bhfarraige mar chomharsa béal dorais, agus níor agair an mhuir mhórchroíoch chéanna díoltas riamh orm fhéin nó ar mo mhuintir. Ní haon ionadh mar sin, gur mhaith liom í a ríomh im’ dhánta agus im’ scéalta, chomh rialta sin, mar is í cara mo chroí is m’anama í. Ach anois, ag an am gcéanna, ní bheadh aon dímheas agam riamh uirthi, agus ní raghainn sa tseans lei, ach oiread. Le críoch a chur leis an bpíosa seo, b’fhéidir nárbh olc an tseift í, cupla véarsa eile a lua as dán a scríobh mé faoi oileáin agus bailte cois cuain in Iorras thiar, le linn m’óige……
DRAÍOCHT NA MARA.
Draíocht na Mara Móire,
Mar bhrat geal cúir anuas
Ar aigne ghlinn na hóige,
In Iorras binn na gcuan.
.
Tránna fairsinge, bána,
A mheallann fós mo dhán
Go tír dheas lách na meala,
Tar éis blianta fada ar fán.
.
Gualainn, Corrán, Inis Gluaire,
Carraig Mhainnín agus Inis Géidhe,
Dufair, Bearnach, is Sáilín,
Mar phéarlaí im’ bhraisléad.
.
Draíocht na Mara Móire,
Ag buaileadh ar thrá mo shaoil,
Mar othra fós dom chumhdach
Ar bhuairt, ar bhrón, ar aois.
.
Greadaigi libh a thonnta,
Ar thránna geala, buí,
Caith chugainn ar phort na beatha,
Síocháin, lúcháir, is maoin.
Anois tuigeann tú cén fáth a bhfuil an oiread sin measa agam ar an Mhuir Mhór Bheannach agus ar an bhfarraige chiúin, shéimh, nó nach iad dhá thaobh an aon bheith amháin iad?
B’fhéidir gur leor sin do thuras na huaire seo, ach bí liom an chéad bhabhta eile, nuair a bheidh cuimhní eile á léiriú agus á snasú agam daoibh. Go dtí sin…
Slán………
.
*********************
Peadar Bairéad.
*********************
.
.