I mBéal an Phobail

Leaving Ardglass…………..Céadchló…2008

by

William King…………………….12.50 Euro

Úrscéal Spéisiúil

.

Seo an tríú húrscéal ó pheann an údair eaglasta seo. Insítear dúinn ar chlúdach cúil an leabhair, gur rugadh an t-údar seo, William King, i gCiarraí, gur dhein sé a chuid staidéir i gColáiste na hOllscoile, Áth Cliath agus i gColáiste na Croise Naofa, i gCluain Life. Tá sé ina shagart pobail i nDroim Chonrach faoi láthair. Péire úrscéal mór-ráchairte i gcló uaidh, cheana féin, agus ní call a rá go mbeidh an-ráchairt ar an úrscéal seo freisin, amach anseo. Is iad cúrsaí creidimh, agus cúrsaí eaglasta, príomhábhair an úrscéil seo, agus dár ndóigh, cé eile ach sagart, a thuigfeadh ina iomláine, saol agus saothair, caimiléireacht agus camastaíl, dáiríreacht agus ionraiceas, lucht caite éide na n-eaglaiseach, cé eile, ach sagart, nó nach ndeirtí i gcónaí go dtuigfeadh Tadhg Taidhgín lá ar bith den bhliain. Sea, dár ndóigh, agus d’fhéadfadh an té a fuair oiliúint an tsagairt, buille faoi thuairim a thabhairt fúthu, freisin!

Tom Galvin

Ach le filleadh ar an leabhar spéisiúil seo. Is é Tom Galvin an príomhcharactar sa scéal, agus is trína shúile-sean a fheiceann muid an saol, mar a léirítear dúinn é, san úrscéal seo. Tosaíonn an t-údar ag deireadh an scéil, geall leis, d’fhéadfá a rá. Breathnaigh mar a chuireann sé é sa chéad chaibidil…

‘Time to ring the bell,’ I remind the sacristan as I settle the green chasuble over my shoulders.

In the mirror beside the vesting bench, I can see him grip his walking stick and shuffle to the back door of the church, his shadow stretches out over the ancient flagstones. ‘For whom the bell tolls, Monsignor.’

adeir sé…

Sin an Monsignor Tom Galvin ag labhairt lena shacraisteoir, in eaglais Pharáiste Chill a’ Dúin, roimh an Aifrinn, maidin amháin.

Iardhearcadh

Tá an Monsignor Tom ina shagart pobail sa pharáiste sin anois, dá dheoin fhéin, bíodh go raibh súil aige fhéin, agus ag roinnt mhaith eile freisin, lá dá raibh, go gcaithfeadh sé mitéar an easpaig, in áit bhairéad an tsagairt phobail, sár a leagfaí na hordóga air. Ach nach ‘in é an saol agat! Rugadh ár bpríomhcharachtar in Ardglass, i gCiarraí. Ní raibh móran fáltais ag a mhuintir, ach d’imigh deartháir leis go Londain, áit ar chnuasaigh sé fhortún, agus ar ball, nuair a bhí a chuid meánscolaíochta críochnaithe ag Tom, chuir an deartháir sin, M.J. fios air, agus chuir i mbun oibre thall i Londain é, agus é ag súil, go mbainfeadh Tom Céim Ollscoile amach, ar ball, agus go raghadh an bheirt acu i bpáirtíocht mar Chonraitheoirí Foirgníochta thall. Chuaigh Tom i mbun oibre, agus ba ghearr go bhfaca sé chomh cleasach, agus chomh cam, is a bhí gnó na Tógála thall. B’iomaí cuairt a thug sé ar an Halla Rince, an Galtymore, agus d’admhódh sé fhéin gur thaitin na céapair sin uilig leis. Fuair sé chuile dheis le saol Shasana a bhlaiseadh ina iomláine, rud a dhein, ach ar deireadh thiar, bhí air rogha a dhéanamh, nó bhí dhá rogha ar an bpláta roimhe amach. D’fhéadfadh sé céim a bhaint amach agus dul i bpáirtíocht lena dheartháir, nó d’fhéadfadh sé dul le sagartóireacht.

Chuaigh sé le Sagartóireacht

Chuaigh sé le sagartóireacht, agus d’éirigh thar barr leis i mbun na ceirde sin. Oirníodh ina shagart é, agus chaith blianta thall sa Róimh ag cur an chloch phréacháin ar a chuid léinn.

Ní gá a rá gur sciob sé an chraobh leis, thall ansin. Deineadh Monsignor de, agus bhíothas cinnte go mbainfeadh sé céim ard amach sa saol eaglasta.

Ar ball, tháinig sé abhaile go hÉirinn, agus níor dhein sé dearmad riamh ar a ndúirt an sagart óg leis sa Róimh. Bhuail sé forrán ar Tom, agus mar aguisín leis an bhforrán sin, scaoil sé an rún seo leis…

‘never forget, Tom, that when a man is sent to Rome to study, his bishop has him in mind for higher things. We’re the Coldstream Guards. None of us here are pack animals. We’d be wasted in a parish or on the missions’….That’s for the pass B.A. men’

Bhain Tom s’againne níos mó ná an Pass B.A. amach, nó tar éis dó trí bliana a chaitheamh ag Propaganda Fide, bhain sé a Dhochtúireacht amach sa Diacht.

An Bachall tuillte aige

Chaith sé blianta ina dhiaidh sin ag cabhrú leis an Easpag Boylan in obair a dheoise siúd. I ndáiríre, bhí gnó an Easpaig sin á dhéanamh aige, agus sin go críochnúil, nó bhí a fhios ag fia is ag fiolar go raibh dúil ag an Easpag céanna sa mbraoinín. Tuigeadh i bhfad agus i ngearr go mbeadh an Monsignor Tom ina chomharba ar an Easpag Boylan, ar ball. Ach bhí sagairt eile sa dheoise chéanna sin, agus ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, d’éirigh le duine acu an bhearna a bhaint den Monsignor ar deireadh thiar, agus fágadh Tom bocht mar thánaiste ag an bhfear céanna sin.

Fís an Mhitéir caillte

Níor éirigh leis, áfach, an t-iomaire sin a threabhadh díreach, agus i ndeireadh na dála, d’iarr sé ar an Easpag nua sin, paráiste iargúlta a thabhairt dó. Rinne an tEaspag rud air, agus sin mar a thosaíonn an scéal seo agus an Monsignor Tom i mbun oibre, mar shagart pobail, i gCill a’ Dúin, agus fís an mhitéir caillte aige, faoi mar a chaill sé gus agus gaisce laethe a óige.

An-scéal, an-stíl, an-insint. B’fhéidir gur mhaith leat triail a bhaint as?

.

.

gaGaeilge