I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Vótáil TÁ

Chuile dhuine is a phort fhéin aige, faoi mar adeireadh an seandream fadó. Agus nach mar sin díreach atá sé le mí, nó mar sin, anuas, go háirithe, ó thosaigh polaiteoirí ag stócáil don Reifreann a bheidh ar siúl, ar an dara lá de Dheireadh Fómhair na bliana seo, 2009. Ach, adéarfadh duine b’fhéidir, cén cineál conartha é Conradh seo Lisbóin, a bhfuil chuile dhuine ag caint faoi, na laethe seo. Bhail! Lé scéal gairid a dhéanamh de, is é atá i gceist, nó Conradh a chuirfeadh ar chumas an Aontais Eorpaigh a chúrsaí a reachtáil níos fearr, nios daonlathaí, agus níos éifeachtaí. Nó, de réir mar a chuaigh an tAontas i méad, is amhlaidh a d’éirigh sé níos deacra cúrsaí riaracháin a eagrú ar bhealach éifeachtach, sásúil, daonlathach.

Bhí ina raic!

Nuair a cuireadh Ceist ar Phobal Éireann faoin gConradh sin, thart ar bhliain ó shoin, ba é an freagra a tugadh, nó nach raibh muid sásta glacadh leis na gConradh úd Lisbóin, faoi mar a bhí. Bhail! Bhí ina raic láithreach, nó ag an am sin, bhí glactha ag gach éinne leis an seasamh, go dtitfeadh an Conradh ar fad, dá ndiúltódh Stát ar bith dó. Bhí go maith, ach chomh luath is a dhiúltaigh Pobal Éireann dó, ba scéal eile ar fad é, i measc an lucht Ceannais. Ag an bpointe sin, dúradh go raibh chuile sheans ann, go bhfágfaí an tír seo ar an trá fholaimh, dá nglacfadh na tíortha eile uilig leis. Cinnte, ní raibh siad ag smaoineamh ar an gConradh a athdhréachtú, nó thóg sé an iomarca ama teacht go dtí an pointe a bhí sroichte acu, faoin am sin.

Chuaigh an Rialtas s’againne i gcomhairle le Ceannairí na dtíortha eile san Aontas, agus d’iarr orthu, cead faoi leith a thabhairt don tír seo éaló ó dhualgaisí, a tuigeadh a bheith sa Chonradh. Deineadh sin, agus ba é deireadh an scéil é, nó go raibh na Ceannairí úd lán-tsásta cead a gcinn a thabhairt do na hÉireannaigh sna cúrsaí sin. Ba é deireadh an scéil é, nó nach mbeadh aon iachall ar an tír seo, páirt a ghlacadh i gcogaíocht, nó in armáil, nó ní chuirfí preasáil i bhfeidhm sa tír seo, ach oiread. Ní bheadh cead ag an Aontas, ach oiread, aon chur isteach a dhéanamh ar dhlithe na tíre seo, chomh fada is a bhain sé le cúrsai áirithe morálta, agus a leithéid. Sea, agus leanfaí den nós a thug Coimisinéir buan dár gcuid fhéin dúinn freisin, nó bhíothas meáite ar an nós sin a athrú, sa tslí nach mbeadh againn feasta ach Coimisinéir ar feadh roinnt áirithe blianta, agus ansin, bhedh muid gan aon Choimisinéir ar feadh roinnt áirithe eile blianta. Ba é a tháinig as an idirbheartaíocht sa scéal seo ar fad, nó gur socraíodh ar Choimisinéir buan a fhágail ag chuile thír san Aontas, feasta. Chomh maith leis na socruithe sin, socraíodh freisin, nach mbeadh ar chumas an Aontais íosphá ár n-oibrithe a ísliú tuilleadh.

Vótáil TÁ

Nuair a bhreathnaíonn duine ar na socruithe sin uilig, agus nuair a thuigtear chomh fada is a bhí na tíortha eile sásta dul, le Pobal na tíre seo a shásamh, tuigtear dúinn, gurb é an rud is lú is gann dúinn a dhéanamh nó Vótáil , an babhta seo.

Cuir san áireamh anois, an chabhair uilig a bhí Banc Ceannais na hEorpa sásta a chur ar fáil dúinn sa ghéirchéim eacnamaíochta ina bhfuilimid sáinnithe, i láthair na huaire seo, agus tuigfidh tú brí an tseanfhocail adeir, gur in am an ghátair a aitnítear na cairde.

Mura bhfuil agat ach pocaide gabhair bí i lár an aonaigh leis. Ba chóir gurb é ár mana feasta bheith i lár na hEorpa, le cibé ábhar, nó earra, atá le díol againn, agus gheobhaimid luach ár shaothair uathusan.

Vótáilfidh mé fhéin lá an Reifrinn. Céard tá fútsa a dhéanamh?

gaGaeilge