I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
.
(This week, I mBéal an Phobail takes a look at the spells cast by the past.)
Méar na Staire
Nach iontach go deo méid agus éagsúlacht na n–iarsmaí stairiúla a fágadh faoinár gcomhair ag na glúnta a d’imigh romhainn, agus le teacht orthu, níl le déanamh againne ach breathnú thart orainn, i sráideanna ár mbailte, nó geábh a thabhairt amach faoin tuath. Breathnaigh thart ort anseo, i gcathair ársa Chill Chainnigh, agus tuigfidh tú céard tá i gceist agam, nó ó cheann amháin den chathair seo go dtí an ceann eile, tá sé lom lán de fhoirgnimh agus de shuímh, a bhfuil caisí stairiúla ag sileadh uathu. Breathnaigh ar áiteanna cosúil le hArdeaglais Chainnigh ag ceann amháin den tseanchathair seo, agus an túr cruinn álainn sin, ar an suíomh ársa sin, túr cruinn a bhfuil a dhúshraith neadaithe go doimhin i stair na haite, a carn cloch neadaithe go cumasach san am i láthair, fad is atá a méar sínte in airde aige i dtreo an todhchaí. Ag an gceann eile den tseanchathair chéanna sin tá Caisleán Chill Chainnigh, foirgneamh atá sáite go dtí na cluasa i sruth staire na dúiche. Ar an suíomh céanna sin, bhí a ndún tógtha go daingean ag taoisigh na nOsraíoch i bhfad siar sa stair, sea, agus nárbh iad na Normanaigh a thuig ciall na dtaoiseach sin i gcúrsaí cosanta, nó nárbh oiriúnach an áit a roghnaigh siadsan lena ndun daingean a thógál ar bhruach na Feoire fairsinge? Nár chóir dúinn súil a chaitheamh freisin ar Shéipéal Eoin, ar Mhainistir Froinsiais, ar an Tholsel, ar Eaglais Mhuire, ar Theach an Rutaigh, ar iarsmaí sheanfhallaí na cathrach, agus ar tuilleadh mór eile, ar liosta le háireamh iad, ach arbh fhiú súil a chaitheamh orthu agus tú ar chamchuairt na Cathrach Áille s’againne. Caithfear a admháil go dtógfadh sé roinnt mhaith ama le súil a chaitheamh ar na háiteacha sin uilig, agus le roinnt éigin staidéar a dhéanamh orthu.
Suímh Stairiúla
Sea, agus níl ansin ach an tús, nó tá tuilleadh mór eile scríofa ag méar na staire ar aghaidh shona sásta an Chontae leathain seo Chill Chainnigh. Agus i ndáiríre, ba é a spreag mé leis an bpíosa seo a chur ar phár, an tseachtain seo, nó na hailt suimiúla, spreagúla, stairiúla, atá idir chamáin ag an iriseoir ildánach, Seán Keane, le traidhfil de sheachtainí anuas. Thóg Seán cuid de na suímh is stairiúla sa timpeall, agus rinne alt breá, suimiúil, a shníomh thart orthu. Tá súil agam go leanfaidh sé leis an tsraith seo altanna, agus i ndeireadh na dála, tá mé cinnte, go mbeidh ábhar leabhair iontu, leabhar in a mbeadh dúil mhór ag Osraígh, ach go háirithe, agus ag léitheoirí eile na tíre freisin. Is mór a chuireann na pictiúir agus na léaráidí le maise na n-alt sin. Mar sin, tá mé ag súil go mbeidh tuilleadh díobh le léamh againn ar an Kilkenny People, sna seachtainí atá le teacht. Chualamar uilig trácht ar na tithe móra, agus ar na hionaid stairiúla eile, atá chomh flúirseach sin sa Chontae seo, áiteacha ar scríobh an t-iriseoir ildánach seo futhu, sa Pháipéar seo, le tamall anuas, áiteacha ar nós, “Swift’s Heath”, atá ar cheann de na tithe móra is maisiúla san Oirdheisceart. Ní gá a rá, gur mhair an “Déan” fhéin ansin tamall. Sea, agus deirtear freisin, gur imir an Teach mór fhéin a dhraíocht air, é fhein agus Coláiste Chill Chainnigh freisin, mar ar dhein se staidéar, agus é ag bailiú léinn leis, le linn dó bheith ag freastal ar an gColáiste cáiliúil sin. Sea, agus céard faoin alt spéisiúil a scríobh sé faoi “The Knockroe Passage Tomb? Tógáil, adeir sé, atá níos sine na Pirimidí na hÉigipte fhéin, agus ní beag ná suarach an focal é sin, agus tógail freisin is ea é, a imríonn a draíocht doilfe fhéin ar an té a thagann faoina raon.
Coill Chríon
Ní dhéanfaidh mé tagairt ach do Theach Mór amháin eile, sa phíosa seo, agus sin “Kilcreene Lodge”. Deir an t-iriseoir, Seán Keane, linn, go raibh Kilcreene House sna bólaí sin i dtosach, ach leagadh an foirgneamh sin, blianta ó shoin. Ba iad na Rútaigh a thóg caisleán ar an suiomh an tí sin, a chéaduair, áit ar thógadar teach ar ball, ach fuair muintir Smithwick seilbh ar an teach céanna sin, ar ball. Ba leis an Teach an Lodge, agus ar ball, rinne duine de mhuintir Smithwick é a fhorbairt, agus a athnuachan, sa tslí gur cuireadh go mór leis. Tugann únaeirí an Lodge, san am i láthair, an-aire dó, agus gan dabht ar bith, is breá go deo an tseoid é, imeasc tithe dá leithéid, sa lá atá inniu fhéin ann. Bhí baint ag an bhFuascailteoir fhéin leis an áit, agus fuair sé lóistín ansin, amanta. Tháinig maithe móra eile freisin ar chuairt chuig an Lodge, daoine ar nós, James Cagney, Tyrone Power, agus muintir Guinness freisin.
Ní gá a rá, go bhfuair mé an t-eolas sin sna hailt a scríobh Seán sa Pháipéar seo, le tamall anuas.
.