St. Jude’s,

Bóthar Phort Láirge,

Cill Chainnigh.

27. 11. ’02.

.

A Eagarthoir a chara,

Alt beag chugat. N’fheadar an mbeadh aon spéis agat ann. Ag súil le scéala uait.

Beir Bua agus Beannacht

ó

Peadar Bairéad.

***************************************************

S a o i r s e C a i n t e .

**************************

.

Daonlathas atá againn sa tír seo, agus sa chineál sin rialtais, cuirtear saoirsí faoi leith in áirithe do shaoránaigh uilig an Stáit.

Cén cineál saoirsí, an ea ?

Saoirse tionóil, saoirse caidrimh, agus saoirse cainte, na cinn a thagann chun cuimhne, ar an bpointe boise, ach do thuras na huaire seo, is í an tsaoirse cainte is mó a bheidh idir chamáin agam.

Tuige, an ea?

Bhuel, chuile thuige, mar i ndáiríre, nach í an tsaoirse chéanna seo bun agus barr an daonlathais. Mura bhfuil saoirse cainte againn, ní fiú an deich triuf ceann ar bith de na saoirsí eile a ghealltar dúinn sa mBunreacht.

Agus céard é go díreach atá i gceist sa tsaoirse iontach seo, a chuireann saoirse cainte in áirithe don saoránach?

Tá seo, go ngealltar don saoránach, go bhféachfaidh an dlí chuige, go mbeidh cead agus ceart aige a thuairimí dílse fhéin a nochtadh, os íseal, nó os ard, chomh fada is nach n-úsáidtear an tsaoirse sin le huisce faoi thalamh a chothú i gcoinne an Stáit, nó i gcoinne an phobail. Sea, agus chomh fada is nach gcuirtear isteach ar shaoirse éinne eile.

Ach, tuige a’ bhfuil tú ag seinm ar an dtéad seo inniu? Nach bhfuil chuile shaoránach sásta an ceart sin a bhronnadh ort, agus ar chuile shaoránach eile, chomh maith leat?

B’fhéidir go bhfuil, agus b’fhéidir nach bhfuil. Is dócha go mbeadh sé níos cóngaraí don bhfírinne, dá ndéarfainn go bhfuil an Stát sásta an tsaoirse sin a bhronnadh orm, ach an bhfuil chuile shaoránach sa Stát sásta a leithéid céanna a dhéanamh? Déarfainn fhéin nach bhfuil.

Conas a tháinig tú ar an tuairim sin?

Bhuel, níl le déanamh agat ach éisteacht le daoine ag comhrá, ar chláracha Raidió, nó ar chláracha teilifíse fiú, agus tabharfaidh tú fhéin faoi deara, go bhfuil tuairimí áirithe nach bhfuil glacadh ag an bpobal leo, nó ag láithreoirí na gclár úd, dá ndéarfainn é, ach oiread.

Cén cineál ábhair atá i gceist agam sa mhéid sin?

Bhuel, nach cuimhin leat an chomhairle a thugtaí do dhaoine óga, agus iad ag fágáil an bhaile fadó, le dul ar scoil chónaithe, nó ag dul amach chun oibre dóibh, nó roimh dhul ar an mbád bán nó a leithéid, dóibh.

Ní cuimhin liom go díreach anois.

Bhuel, ba é adeirtí leo, ná ábhair áirithe comhrá a sheachaint, ábhair a raibh baint acu le Creideamh nó le Polaitíocht, agus déarfainn go bhfuil cuid mhaith den bhfírinne ag baint leis an gcomhairle céanna sin, fiú sa lá atá inniu fhéin ann.

Ach, nach féidir le duine rud ar bith is maith leis a rá ar chláracha raidió, nó teilifíse, na laethe seo?

D’fhéadfadh sé go bhfuil, ach má breathnaíonn tú ar chúrsaí, feicfidh tú, go n-itear beo beathaíoch an té a dhéanann iarracht ar thuairimí áirithe a chur os comhair an phobail, ar raidió, nó ar theilifís, gan trácht in aon chor ar na nuachtáin, agus go minic, is iad fiacla an láithreora is géire san ithe céanna sin.

Nach bhfuil sé deacair sin a chreidiúint sa lá atá inniu ann, agus go háirithe, ó thuigtear do na láithreoirí céanna sin, gurb iad fhéin tús agus deireadh na saoirse cainte, agus, ag an am gcéanna, nach minic a thugann siad ardán do bhoicíní aite, nach n-éistfeadh amadán an choirnéil fhéin leo

Tagaim leat sa mhéid sin, go dtugann siad ardán do bhoicíní aite, gan dabht ar domhan, ach de ghnáth, cuireann na boicíní céanna sin tuairimí aite an láithreora fhéin os comhair an phobail. Sea, bíonn clár oibre faoi leith ag na láithreoirí céanna sin, nó nach ionann le heaspaig iad, agus iad ag éisteacht le faoistiní na cosmhuintire, agus ag cur comhairle orthu, díreach faoi mar ba shagairt pharáiste, ar a laghad, iad.

Ar an dtaobh eile den scéal, má dhéanann tusa iarracht ar thuairimí nach n-aontaíonn an láithreoir leo, a chur i láthair, bí cinnte, go mbainfear sclaimh asat, agus chomh maith le sin, bí cinnte freisin, gur gearr go ruaigfear den aer thú, tú fhéin is do thuairimí coimeádacha!

Sea, ach cén cineál tuairimí coimeádacha atá i gceist agam, an ea?

Bhuel, le blianta fada anois, nach deacair do thuairimí faoi chúrsaí náisiúnta a nochtadh go neamheaglach, macánta, ar cheann ar bith de na meáin chumarsáide. N’fheadar mé anois go díreach, céard is cúis le sin. Ach, ar an gcéad dul síos, tá faitíos ar dhaoine a dtuairimí macánta fhéin a nochtadh, ar eagla go mbainfí as a gcnámha é, ar ball. Tá’s ag chuile dhuine againn, nach bhfuil pionóis phríobháideacha, thuaidh nó theas, thar mholadh beirte, le mám maith blianta anois. Tá’s ag chuile dhuine, go bhfuil pionóis uafásacha á ngearradh ar dhaoine, agus nílim ag labhairt faoin bpionós a ghearann an Stát, trína chúireanna, ar dhaoine, ach oiread, ach an pionós a ghearann na paramílitigh, ar a mbaill fhéin, i dtosach, agus ar bhaill an phobail freisin, nuair a bhriseann siad rialacha áirithe, i measc na cosmhuintire. Bhuel, anois, ní go ró-mhinic a bhíonn tuairiscí na bpionós céanna sin le fáil againn ar na meáin chumarsáide. Sea, agus d’fhéadfá a bheith cinnte dearfa de, gur lú ná sin fós, na tagairtí dóibh siúd a ghearrann na pionóis sin, a bheidh le fáil agat ar na meáin. Níor den chéill é, a leithéid a dhéanamh, bíodh go ngeallann an Stát saoirsí dá leithéid dúinn!

Tá ábhair eile ann freisin, nach maith le daoine a dtuairimí dílse fhéin a nochtadh fúthu.

Cén cineál ábhair atá i gceist agam, an ea?

Bhuel, ní chuile dhuine a nochtfadh tuairim nach mbeadh ag teacht le tuairimí na gceartchreidmheach, i gcúrsaí creidimh, i gcúrsaí sóisialta, nó i gcúrsaí gnéis. Níl dabht ar domhan, ach gur chalma an saighdiúir a raghadh ag argóint faoi chúrsaí gnéis, ar chlár raidió, nó ar chlár teilifíse, agus é ag iarraidh dearcadh coimeádach a chur ar a súile don lucht éisteachta. Chonaic muid uilig an chaoi ar deineadh daoine áirithe a mhugáil ar chláracha dá leithéid. Smaoinigh ar an té a bheadh ag iarraidh a chur ina luí ar a lucht éisteachta, nár chóir do mhná pósta dul amach ag obair! nó nár chóir do lánúnacha aonghnéis bheith ag iarraidh pósadh, nó páiste a uchtú, ach oiread, Nó fiú, nár dheacair an cúram a bheadh ar dhuine, agus é ag iarraidh a chur ina luí ar a lucht éisteachta, gur daoine macánta, díograiseacha, neamhleithleasacha iad, lucht polaitíochta. Ná síltear anois go mbeadh fonn orm fhéin na tuairimí sin a chur os comhair an phobail, ach ní chuirfeadh sé as dom éisteacht le duine eile agus é ag iarraidh dearcadh dá leithéid a chur ar a chosa, os ard. Ach sé an chaoi a bhfuil cúrsaí anois, nó nach dtabharfaí deis ar bith do dhuine dá leithéid, a dhearcadh, nó a chuid argóintí, a shlógadh, ar mhachaire na hargóna, nó is amhlaidh a dhéanfaí é a ionsaí ar an toirt, ar eagla go mbeadh deis aige dul i gcionn ar an bpobal, nuair ba chiallmhaire, go mór fada, deis labhartha a thabhairt dó, sa chaoi go bhfeicfí, an raibh ar a chumas a chás a shonrú agus a chosaint.

Is cuimhin liom, blianta ó shoin, nuair a bhí lucht Jehovah ag dul timpeall na mbailte, ag iarraidh a soiscéal a chraobhscaoileadh, i measc daoine, bhuel, ba é mo thuairim fhéin, ag an am, nár chóir an cead sin a thabhairt dóibh, ach bhí cara agam, ag an am, agus nuair a dheineamar an scéal a chíoradh, ba é an tuairim a bhí aigesean, nó gur chóir lánchead a thabhairt dóibh a ndearcadh a chur i láthair an phobail, cead acusan, ag an bpobal, ansin, glacadh leis, nó diúltú dó. Ar ball, thuig mé ciall agus eagna an dearcaidh chéanna sin. Anois, níl dabht ar domhan, ach go dtugann an Bunreacht s’againne an ceart agus an tsaoirse sin dár saoránaigh, ach ní haon mhaith é sin, mura bhfuil na saoránaigh sásta agus toilteanach déanamh mar a mholtar dóibh sa Bhunreacht céanna sin.

Ar na mallaibh, tháinig ábhar eile os comhair an phobail, ábhar atá i bhfad Éireann níos cigiltí, agus níos tinneallaí, fós, ná na cinn atá luaite agam, go nuige seo.

Agus cén t-ábhar é fhéin, in ainm an Rí?

Is dócha go bhféadfaí mí-úsáid gnéis, ar dhaoine óga, ag baill áirithe den chléir a ainmniú anseo. Tá’s ag madraí an bhaile fhéin, faoin am seo, gur tharla a leithéid, go réasúnta forleathan, ó cheann ceann na tíre seo, agus gur tharla sin, le roinnt mhaith blianta anuas anois. Gníomhartha dochosanta iad na gníomhartha céanna sin, agus admhaítear gur deineadh leithcheal trom ar na daoine sin, ar deineadh an mhí-úsáid sin orthu, cuma cé dhéanfadh é, ach tá sé i bhfad Éireann níos measa fós nuair a dhéanann baill den chléir é, nó bhí de dhualgas ar na daoine céanna sin an óige a chosaint, agus a gcúram a thógáil orthu fhéin, agus dá bhrí sin, bhí de cheart ag an óige bheith muiníneach astu. Ach anois, samhlaigh duit fhéin duine ar chlár teilifíse, nó ar chlár raidió, agus é ag iarraidh na baill sin den chléir a chosaint, nó a bheith ag iarraidh na hEaspaig a bhí ina bhfeighil, a chosaint, ach oiread! An dtabharfaí deis dó a chás a leagan os comhair a lucht éisteachta, gan cur isteach, gan trasnaíl? Ag magadh fúm atá tú! D’íosfaí é beo, beathaíoch, gan salann, gan anlann.

Ach, i ndeireadh na dála, caithfimid éisteacht leis an dá thaobh den scéal, nó ní bheidh síocháin go deo againn nó go dtuigfimid bun agus barr, agus fios fátha, an scéil, ó thús deireadh. Nílim ag maíomh anois go mbeidh sé éasca sin a dhéanamh, nó ní bheidh, ach más uainn seolta a ardú arís, agus bóthar a bhuaileadh chun an dara Earraigh sin atá romhainn amach, caithfear rud eicínt dá leithéid a dhéanamh.

Sea, mh’anam, is crua iad na greamanna ina bhfuil pobal Dé gafa, i láthair na huiare seo, ach má chreidimid an deascéal, ní tráth ar bith éadóchais é, seo an t-am le leorghníomh a dhéanamh, maithiúnas a lorg, agus ansin tabhairt faoin todhchaí go misniúil arís, ar lorg an Spioraid. Níl an dara suí sa bhuaile againn, ach glacadh leis, go bhfuil buille trom buailte ar an Eaglais Chaitliceach Romhánach, agus bíodh go dtugann sin an-deis do dhaoine áirithe smitín eile a bhuaileadh uirthi, agus an chloch sa mhainchille a oibriú uirthi, caithfear glacadh leis, go bhfuil sin uilig tuillte, agus tuillte go maith, aice, ach ná caithimis uainn an leanbh in éindí leis an uisce folcaidh.

Chun oibre linn, má sea, mar tiocfaidh an dara Earrach sin, mar a bheadh tuar faoin tairngreacht, má tá an fonn orainn chuige.

.

******************

Peadar Bairéad.

******************

.

gaGaeilge