Samhradh eile ag péacadh.

.

Nóiníní geala is caisearbháin órga

chugainn ’na sraitheanna daite,

Aiteann buí glórmhar, is sceach gheal mar lása

ar fhallaing ghlas bhrídeog an tSamhraidh.

.

Lá Bealtaine buí trí thine sna fálta,

Is éin ins na géaga ag canadh,

Uain ag pocléimnigh is gamhna á seoladh

I bpáirceanna méithe an tSamhraidh.

.

Scamaill na spéire mar lomra bog caorach,

Is grian gheal ag óradh gach aon ní,

Beacha go saothrach, is seangáin ina dtréada

Ag cnuasach leo torthaí an tséasúir.

.

Bainne bó bleachtáin ag maisiú na mbánta,

Sceacha ag bláthú go líofa,

Ceannbháin gheala ag bánú na bportach,

Is fiúise mar phéarla an tSamhraidh.

.

Blianta ina dtréada ag iníor go sásta,

Is ag cangailt leo cnuasach na gcuimhní,

Laethe na hóige ag filleadh ina rás chugainn,

Mar a bhláthaíonn blátha an tSamhraidh.

.

Ach cuirimis uainn iad, cuimhní ár n-óige,

Mar nach bhfillfidh an óige faoi dhó chugainn,

Ní fhillfidh na blianta ‘tá imithe ar fán uainn

Mura bhfillfidh blás feoite an tSamhraidh.

.

**************************************

.

.

gaGaeilge