.

I m B é a l a n P h o b a i l .

****************************

.

The August Holiday . 2

Ar Lá Saoire Lúnasa, shocraíomar ar gheábh a thabhairt siar go Dún Chaoin, le go bhfeicfimis arís, áilleacht agus éagsúlacht na dúiche sin. An babhta seo áfach, is amhlaidh a thugamar an bóthar trí Abhainn na Scáil orainn fhéin, agus tar éis dúinn tamall a chaitheamh sa Daingean, ag tabhairt chuile shórt faoi deara, leanamar orainn i dtreo Fhionn Trá, agus uaidh sin arís i dtreo Cheann Sléibhe, mar a raibh an Fharraige Mhór ar thaobh na ciotóige, agus Sliabh scanraitheach an Fhiolair ar thaobh na láimhe deise againn. Nach deacair dul thar radharcra chomh corraitheach sin gan lán na súl a bhaint as, anois is arís, fiú. Ach, sa lá atá inniu ann, agus an oiread sin tráchta sin ar bhóithre dá leithéid seo, ní bhíonn an dara rogha ag duine, ach na súile a choinneáil dírithe ar an ród a shníonn, go hanacair, casta, roimhe amach.

Slea Head .

Nach álainn an tír sin a shíneann ó Cheann Sléibhe go Dún Chaoin? An féidir na radharcanna mara is sléibhe sin a shárú, áit ar bith ar domhan? Ach ba é an ceann scríbe a bhí socraithe againn don lá áirithe sin nó “Ionad an Bhlascaoid Mhóir”, atá suite cóngarach do bhaile Dhún Chaoin fhéin. Níorbh í seo an chéad uair againn cuairt a thabhairt ar an Ionad céanna seo, ach caithfidh mé a admháil, go n-éiríonn leis mé fhéin a chur faoi gheasa, agus mé a mhealladh ar ais chuige, chuile uair a tharlaíonn sna bólaí céanna sin mé.

The Great Blasket Centre .

Ar deireadh, shroicheamar an tIonad. Pháirceáil muid an gluaisteán in ionad páirceála an Ionaid, agus ar aghaidh linn isteach. Bhí togha na Gaeilge blasta le fáil istigh, ag an té ar theastaigh a leithéid uaidh, sea agus flúirse di freisin. Caithfidh mé a admháil, gur thaitin sin go mór liom. Fuaireamar ár dticéid, agus isteach linn san Ionad álainn dea-thógtha, dea-fheistithe, sin.

Bhí daoine óga linn, agus bhí ceisteanna acusan le cur orainn, agus thug sin deis dúinne, scéal an oileáin agus a phobail a mhíniú dóibh, chomh fada is a d’fhéadfaimis é sin a dhéanamh, agus chuamar ar thuras leo, ó sheomra go seomra, le scéal uilig an oileáin a léamh, agus a fheiceáil sna pictiúir iomadúla a bhí crochta chomh cliste sin ar fhallaí na seomraí céanna sin. I lár na hoibre sin go léir, tugadh leid dúinn, go raibh an Scannán Faisnéise faoi’n mBlascaod ar tí tosú san Amharclann álainn atá acu san Ionad Mínithe sin. Thugamar cluas don leid chéanna sin, agus thugamar aghaidh ar an Amharclann. Ní bréag ar bith a rá, gur thaitin an seó sin thar barr linne. Fuaireamar an-tuiscint ann, ar phobal an oileáin, agus ar a slí bheatha agus maireachtála, sular chuir eacnamaíocht an fichiú haois críoch lena ré mar oileanáigh, agus mar iascairí a bhí sásta dul i ngleic le cumhacht agus le fíochmhaireacht na Farraige Móire. B’fhearr, agus ba shoiléire ár dtuiscint, ar shaol agus ar shaothar mhuintir an Bhlascaoid, tar éis dúinn an scannán úd a fheiceáil. Chuamar isteach ansin i seoimrín eile, agus istigh ansin, bhí mionsamhail an oileáin fhéin, leata os ár gcomhair amach, ar bhord. B’éasca dúinn ansin, cósta, cé, tithe, páircíní, bóithre, agus eile, a thabhairt faoi deara ansin, agus arís, chuir an mhionsamhail sin lenár dtuiscint ar an timpeallacht inar mhair oileanáigh cháiliúla úd an Bhlascaoid. In áit eile fós, bhí scéal agus pictiúir na n-oileánach úd a thug an tOileán Úr orthu fhéin, tráth raibh ré a n-oileáin fhéin thart. Bhainfeadh na pictiúir chéanna sin deoir asat, ach nach ‘in an saol agat a mhiceo!

Beautiful Dún Chaoin .

Ní call dom a rá, nach bhfuil ansin ach roinnt an-bheag den mhéid a bhí le feiceáil againn in Ionad Oidhreachta an Bhlascaoid Mhóir, Ionad álainn a tógadh ansin i nDún Chaoin, agus é ag breathnú amach ar an mBlascaod Mór agus ar an ál oileán atá scaipthe thart air, amuigh ansin i ngiorracht fad urchar méaróige don tír mhór, faoi mar a cheapfá. Chhomh luath is a d’fhágamar Dún Chaoin, ar ár mbealach arais, d’ísligh dlúthchheo draíochta anuas ar muir is ar tír, ionas nach raibh radharc le fáil againn a thuilleadh, ar oileán álainn an Bhlascaoid, nó ar na hoileáin eile a mhaireann faoina scáth. Ach, nár chuma linne, nach raibh ár ndóthair feicthe againn don lá áirithe sin, agus nach mbeidís uilig ansin, nuair a d’fhillfeadh muid, an chéad bhabhta eile.

Ar ár mbealach ar ais ar an gCom, bhuaileamar isteach tigh Phaudí Uí Shé, i bhFionn Trá, agus chaitheamar lón ann, lón a chuir cúl ar ár dtart agus ar ár n-ocras, go ceann scathaimh mhaith, ach go háirithe. Thugamar cuairt ar Sháipéal Chaitlíona atá in aice láimhe, agus chuir áilleacht agus atmosféar ciúin, síochánta, an tSaipéil cheanna faoi gheasa sinn.

The Son of the Virgin Lives !

Chuireamar an-spéis go deo sa phictiúr atá deartha go healaíonta taobh thiar den altóir, sa tSáipéal céanna sin. Cén pictiúr, an ea? Coileach, ina sheasamh ar imeall phota, agus é ag glaoch….. “Mac na hÓighe Slán.” Ní call dom a rá, gur smaoinigh mé láithreach ar Pheig Sayers, agus ar an scéal atá le léamh ag duine, sa leabhar sin “Peig”, faoin aiséirí.

I ndiaidh an tsosa sin i bhFionn Trá, thugamar aghaidh arís ar an gCom, agus ní haithristear scéala ar bith orainn gur bhaineamar ceann ár scríbe amach. Agus le sin, cuirfidh mé críoch le scéala ár saoire ar an gCom, i Lúnasa na bliana seo, 2004.

**************

Peadar Bairéad.

**************

.

gaGaeilge