Saolta ag Athrú   2

Peadar Bairéad

(This week we consider our attempts to operate a Minority Government)

.

Rialtas Mionlaigh

Chonaic muid, an tseachtain seo caite, faoi mar a tharla i ndiaidh an toghcháin deiridh, nach raibh an dara rogha ag ár dTeachtaí Dála ach Rialtas Mionlaigh a bhunú, sin nó dul ar ais chuig na vótóirí, ag iarraidh orthu sainordú nua thabhairt dóibh, le Rialtas nua a bhunú, agus nár maith a thuig siad nach mbeadh an pobal céanna ró-shásta le socrú dá leithéid, tar éis dá dTeachtaí dhá mhí a chaitheamh ag iarraidh toil na vótóirí a chur i gcrích, agus gan de thoradh ar a n-iarrachtaí uilig, ach an teip. Nuair a cuireradh chuile shórt sa mheá, ba é a shocraigh siad, i ndeireadh na dála nó go ligfí do Fhine Gael Rialtas a chumadh, agus gheall Fianna Fáil go nglacfaidís fhéin leis an socru sin, ar choinníoll go leanfadh an Rialtas sin polasaí a bheadh inghlactha dóibhsean.

Nuair a léamar faoin socrú sin a chéaduair, ba é a cheapamar nó nach mbeadh Rialtas dá leithéid inmharthana, agus nach mbeadh aige ach saol fata i mbéal muice! Bhí breall orainn áfach, agus bíodh nár aontaigh siad faoi chuile shórt, ag an am gcéanna,or deineadh aon cheos a phléascfadh an socrú a rinneadh in am an ghátair, agus nuair a smaoiníonn tú air, tá ualach asail de bhuntáistí ag baint leis an socrú úd a bhunaigh ár Rialtas Mionlaigh.

Buntáistí

Buntáistí! adeir tú? Cad iad na buntáistí a bhainfeadh le socrú ciotach dá leithéid?

Bhuel! ar an gcéad dul síos, is iarracht é, ar dheacracht in ár gcóras daonlathach a leigheas, agus caithfear a admháil, go raibh thart ar dhá mhí caite ag ár dTeachtaí nuatofa Dála, ag iarraidh Rialtas Móraimh a bhunú, agus é ag teip glan orthu a leithéid a dhéanamh, agus thuigfeadh duine ar bith nach raibh ach dhá rogha fanta acu ansin, agus sin Toghchán nua a eagrú, nó Rialtas Mionlaigh a bhunú, agus bíodh nach rabhthas ró-shásta a leithéid de Rialtas a bhunú, ag an am gcéanna, b’fhearr sin, dár leo, ná dul ar ais chuig na vótóirí le sainordú nua a lorg.

Agus ar an dara dul síos, b’fhéidir go bhfuil muid tar éis teacht, de thimpiste, ar eiseamláir nua Rialtais, agus má oibríonn sé, bhuel, b’fhéidir go nglacfaí leis feasta, mar réalt eolais a threoireodh i dtreo Thír Tairngire sinn. Anuas go dtí seo, ní raibh ach sampla amháin againn de Rialtas Mionlaigh, agus sa chás sin, ní raibh ach Páirtí amháin ag feidhmiú mar Rialtas, agus an dara Páirtí mór sta cead a gcos a thabhairt dóibh, chomh fada is a leanfaidís polasaí a bheadh ag teacht lena ndearcadh siúd ar leas an phobail. Mar sin, socraíodh ar chineál nua Rialtais a bhunú mar thoradh ar a gcainteanna agus a margaíocht. Ach, le filleadh ar na buntáistí a bheidh ag Rialtas dá leithéid a bhunú, caithfidh muid a chur san áireamh, ar dtús, nach mbíodh i gceist, go nuige seo, ach Rialtais AonPháirtí, sin nó Comhrialtas, ach go dtí seo ní bhíodh glacadh ar bith le Neamhspleáigh mar bhaill de Rialtas, ach an babhta seo, tharla go raibh na Neamhspleáigh eagraithe mar mhionpháirtithe, ar mhaithe lena leas fhéin, agus leas a bpobail, a bhaint amach, tharla anois go rabhthas sásta Aireachtaí a bhronnadh orthu, ar choinníoll go ngeallfadh siad dílseacht, mar Pháirtí, don Rialtas nuabhunaithe. I ndeireadh na dála, tar éis breis is dhá mhí a chaitheamh i mbun margaíochta, bhíothas sásta Rialtas a bhunú faoi stiúir Fhine Gael, ach le hAirí Neamhspleácha mar Airí Rialtais ag iomradh bhád an Stáit ar aonbhuille leosan. Sea, ar deireadh thiar, bhí cineál nua Rialtais againn le gnó an Stáit a riar dúinn.

Ag glaoch sa bhFásach!

San am atá thart, nár mhinic a bhíodh Teachtaí Neamhspleácha ag glaoch leo fhéin sa bhfásach, agus gan aon ró-aird ag éinne orthu, sea, agus nár mhinic fís bhreá, chiallmhar, ag na daoine céanna sin, ach anois, bheadh Aireacht ag cuid de na Teachtaí éirimiúla seo, agus é ar a gcumas, a bhfís a leagan ar bhord an Rialtais, agus iarracht a dhéanamh le feoil a chur ar chnámha na físe sin, ar mhaithe le leas an phobail. Ní féidir a shéanadh, gur le leas an phobail socrú dá leithéid.

Anois, tá ráflaí ag dul sa timpeall, nach mbeidh ar chumas ar Rialtas Mhionlaigh buiséad a dhréachtadh agus a achtú don bhliain seo chugainn, agus muna mbeidh, beidh a bport seinte, Tiúrfaidh an aimsir freagra na ceiste sin dúinn. Ach, céard a déarfar má éiríonn leo an gnó sin a chur i gcrích?

gaGaeilge