SEO SLÁINTE NA BÓ….. 4
(This week, we take a look at the place of the cow, in Erris, in the youth of the last century.)
Leigheasanna nua-aimseartha.
B’annamh a thagadh fear feasa ar chuairt chugainne. Bhí Daid s’againne ró-‘with it’ mar adéarfá. Ach mar sin fhéin, chuirfeadh sé fios ar dheartháir a chéile le graithí áirithe a dhéanamh
Bhíodh súil againn ar na bulláin choillte sin ar feadh míosa ina dhiaidh sin, go dtí go mbíodh siad cochall-chneasaithe arís. Gnó eile a dhéanadh an fear céanna sin, nó gairleog, agus púdar dubh air, a chur isteach i ngualainn ghamhna. obráid shimplí go leor a bhí anseo. Bheadh an ghamhain sa stábla, agus ghearrtaí an craiceann sa ghualainn, agus dhéantaí póca beag faoin gcraiceann, agus isteach sa pháca sin chuirtí píosaí beaga gairleoige. An díghalrán céanna arís, ansin, dhúntaí an gearradh le tearra te, leáite, faoi mar a chuirfeá ar churrach. Cosaint ba ea é seo ar an ngalar crúb is béil. Obráid bheag amháin eile, agus beidh mé críochnaithe le m’uncail, le fear an rásúir. Uaireannta d’fheicfeá bó agus í bacach. Loscadh buaile ba chúis le sin. Ní raibh leigheas ar bith ar an loscadh céanna sin ach é a ghearradh le rópa a tharraingt idir ladhracha na bó , arís, dheallródh sé go raibh Daid sásta le toradh oibre agus scile fhear an rásúir.
Scileanna eile
Bhí cupla scil eile ag Daid nó ba bheag duine sa pharáiste a bhí inchurtha leis ag tógáil bó as díog, agus geallaimse dhuit é, go mba riachtanach, amach is amuigh , an scil chéanna sin im bhaile-se, an uair úd, mar bhí poill phortaigh, agus díoga doimhne, ró-fhlúirseach ar fad ann. Nuair a raghadh bó i ndíog, chuirtí fios ar chabhair. Thógadh Daid spád agus rópa leis. Ansin dhéanaidis an díog a leathnú, agus dhéanaidís an rópa a oibriú isteach faoi bholg na bó. Agus ansin théidís ag obair, agus fear na bó fhéin faoin eireaball! agus ba ghearr go mbíodh an bhó bhocht ardaithe acu as an ndíog, nó as an bpoll portaigh ina raibh sí sáinnithe.
Thógaidís an bhó amach agus í ina líbín fliuch, báite. Áthas ar gach éinne. An bhó á tiomáint abhaile. Ní fhaca mé cás riamh nár éirigh leo an bhó a ardú amach as an bpoll, cé go mbíodh sé dian go maith orthu, uaireannta
Mh’anamsa, ach go raibh scil níos fearr i bhfad ná an scil sin ag Daid, sé sin, dá raghadh bó dá tachtadh, trí thurnap, nó fata, a shlogadh, arís chuirtí fios ar chabhair. Raghadh Daid chomh maith le duine. Ní thógfadh sé leis an tursas seo ach giúirléid amháin, sé sin, an sean tlú. Chuirfeadh sé an tlú isteach i mbéal na bó, agus cheanglaíodh sé le sreang é, ansin, agus beirt nó triúr i ngreim i gceann na bó, ropfadh sé a lámh tríd an tlú agus isteach i gcraos na bó. Bhéarfadh sé greim ar an bhfata, agus b’in sin. Tharraingíodh sé aníos an fata. Uaireanta, bhíodh an fata imithe ró-fhada siar ar fad, agus sa chás sin, siar a chuirfeadh sé an fata, agus b’in bó eile sábháilte, agus scéal beag eile ríofa isteach i mbéaloideas an bhaile.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.